Tuesday, January 23, 2007

Cad is "Blag Éireannach" Ann?

Foilseofar leagan podchraolta den alt seo i gceann cúpla lá.

Foilsítear an t-alt seo inniu sa nuachtán Lá Nua.Tá sé buailte linn arís a cháirde, creid é nó ná creid. Tá Gradam Blaganna na hÉireann seolta ag an suíomh awards.ie agus táthar ag glacadh le h-ainmniúcháin anois do bhlaganna Éireannacha de ghach aon tsaghas i 21 rannóg éagsúla.

Ní dóigh liom go raibh coinne ag éinne roimh ócáid bhronnta na ngradam anuraidh – go mbeadh sé chomh taitneamhach spreagúil agus a bhí. B’shin í an chéad bhliain á reachtáil agus ní raibh fhios ag éinne cad leis a d’fhéadfaí a bheith ag súil leis ar an oíche. Mar ar tharla sé bhí sé cosúil le ath-chaidreamh scoile, le glór bríomhar an chomhrá an líonadh an halla mhóir. Ní shílfeá gurb é an chéad uair ag an gcuid is mó againn ag casadh ar a chéile.

Ach ní ár mhaithe le h-ócáid sóisialta amháin a reachtáiltear na gradaim seo. Theastaigh ó Damien Mulley, a bhunaigh iad, go dtabharfaí aitheantas agus gríosadh dos na h-iarrachtaí is fearr sna meáin nua seo - agus go dtiocfadh an t-aitheantas sin ó phobal na mblagadóirí féin.

Tá an leagan amach ar chomórtas na bliana seo pléite go mion ar bhlag na ngradam le roinnt míonna anuas agus socráiodh na rannóga éagsúla roimh Nollaig.

Tá rannóga nua ann i mbliana. Beidh duais don ndearadh is fearr ar bhlag, agus duaiseanna do bhlaganna spóirt agus do bhlaganna ceoil chomh maith. Agus arís i mbliana beidh duais ann don mblag is fearr a bhain úsáid as an nGaeilge.

Sin í an duais a thugas féin liom anuraidh, ach ní bheidh mé san iomaíocht dó i mbliana. Dheineas teagmháil le Damien nuair a d’fhógair sé go raibh sé ag iarraidh urraithe dos na rannóga éagsúla agus ghlac sé le mo chomhlachtsa mar urraí ar Ghradam na Gaeilge don bhliain seo.

Is cúis mhór áthais dom an fás atá tagtha ar bhlaganna na Gaeilge le h-imeacht na bliana ata caite ó shin. Tuairiscíonn David Sifry ó technorati.com gur tháinig méadú faoi cheathair ar líon na mblaganna go h-idirnáisiúnta sa tréimhse sin, agus tá an fhorbairt chéanna ar bhlaganna na Gaeilge. Tá cúpla ceann gleoite tagtha ar an saol le bliain anuas agus fós féin tá an chuid is mó de shean-fhondúirí na bliana seo chaite ag treabhadh leo i gcónaí!

Tá an próiséas ainmniúchán oscailte don bpobal i gcoitinne anois ag an seoladh awards.ie/nominations agus mairfidh sé go dtí an Aoine bheag seo. Má tá blag a thaitníonn leat, nár dheas an rud é é a ainmniú? Cuimhnigh gur Gradam don “úsáid is fearr” atá i gceist leis an ngradam Gaeilge – níl sé riachtanach gur blag lán-ghaelach a bheadh i gceist leis sin. D’fhéadfadh gur mó an tairbhe don teanga é an cúpla focal a fhaigheann tosaíocht ar bhlag Béarla éigin atá go mór i mbéal an phobail? Cá bhfios?

Agus cuimhnigh chomh maith nach bhfuil aon chúis go mbeadh na blaganna Gaeilge cúngtha ina nghetto beag amháin lena nduais “speisialta”. Má phléann do rogha blag Gaeilge le cúrsaí spóirt – ainmnigh do Gradam an Spóirt é chomh maith! Beidh mé féin as an áireamh go Ghradam na Gaeilge i mbliana – ach beidh mé ag súil go ndéanfaidh mo chuid podchraoltaí Gaeilge tréan-iomaíocht i rannóg nua na podchraoltóireachta.

Ceist amháin a árdaítear gach aon bhliain, is cosúil, maidir leis na gradaim seo: cad is blag Éireannach ann? An freagra is mó a bhfuil glacadh leis ná gur blag é atá scriofa ag Éireannach (pé aít ina bhfuil sé), nó scríofa in Éirinn (pé dhuine a scríobh), nó a bhfuil Éire, nó Éireannaigh ina ábhar scríofa aige. Ach ní minic a luaitear an cháilíocht eile a bhronnann an stádas sin ar bhlag: an Ghaeilge.

An chuid is mó den nGaeilge a bhlagáiltear tagann sé ó thar lear. Cuid den mblagadóireacht seo – níl cáilíocht “Éireannach” ar bith aige ach amháin an teanga féin. Agus nach leor an méid sin? Má scriobhann tú i nGaeilge is blagadóir Éireannach tú ar an gcúis sin amháin – agus nach gradam ann féin é an méid sin?

Lipéid: , ,