Tuesday, January 09, 2007

Imeall #171: Ar Son Na Cúise

Dáithí Mac Cárthaigh
  • Buail anseo chun éisteachta!
  • Agallamh le Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Dáithí Mac Cárthaigh.
  • Tá Dáithí san iomaíocht do Sheanad Éireann (Painéal na hOllscoile Náisiúnta) in olltogchán na bliana seo.
  • Tá roinnt mhaith daoine atá i dteideal vóta a chaitheamh ar an bpaineál seo ach níl siad cláraithe. Is féidir foirmeacha cláraithe a fháil ar shuíomh Dháithí ag Daithi1.ie

Tá an t-alt seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán Lá.Má chloisim na focail “Irish shoved down my throat” oiread agus uair amháin eile táim chun fios a chur ar Ghardaí na gCliché.

Tá a fhios ag aon duine réasúnta nach bhfuil an Ghaeilge á brú go h-éagórach ar éinne – ach oiread agus atá na h-ábhair eile “éigeantacha” ar scoil.

Tá fhios ag an saol Fódlach chomh maith céanna go bhfuil formhór an phobail báiúil don dteanga bheo, mar oidhreacht luachmhar agus mar chomhartha náisiúnta. Bíodh is nach bhfuil sí ar a dtoil ag an gcuid is mó acu, tá siad bródúil aisti mar sin féin. Teastaíonn uathu go mairfeadh sí beo folláin, agus cé go bhfuil siad sásta an cúram sin a fhágaint ag daoine eile, tá siad buíoch go bhfuil an teanga á coimeád agus á cothú ag na daoine sin, mar acmhainn náisiúnta.

Ach tá mionlach beag bídeach ann atá naimhdeach don nGaeilge. Seo iad an dream a shamhlaíonn “club gaelach iata le h-aghaidh scoth-aicme an Éireannachais”. Seo iad an dream a bhfuil sé de chlaonadh mí-nádúrtha acu, dísbeagadh a dhéanamh ar aon rud nach bhfuil máistreacht agus sárú acu féin air. Seo iad na daoine a chuireann an milleán ar na h-úirlisí, nó ar an gcóras, nó a thréigeann páirc na h-imeartha ag clamhsán faoin réiteoir.

Ar nós na mbochtán – beidh a leithéidí go deo ann, agus mar a deirim, níl siad líonmhar. Ar shlí amháin, ní fhaighim lucht orthu: tá séantóirí nimhneacha ag gach aon chúis mhaith faoin spéir. Ach sílim gur cúis imní ar leith iad naimhde seo na Gaeilge, mar nach bhfuil a dhóthain á dheánamh chun a gcuid cacamais a bhreágnú agus seasamh ina gcoinne.

N’fheadar cad faoi ndear an leisce atá ar phobal na Gaeilge labhairt amach ar son na teanga; ar son luachanna an chaomhnaithe agus na h-athbheochana; ar son stádas na teanga agus ar son cearta lucht a labhartha.

B’fhéidir go bhfuil éirithe go ró-mhaith ag an sleá is géire in armlón an fhrith-ghaelgóra: íomhá bréagach an “fanatical Gaeilgeoir”. Ní gá dom cur síos a thabhairt – is féidir libh féin na bearnaí a líonadh sa phortráid. Má theastaíonn cúnamh uaibh, féachaígí cuntaisí nuachtáin shasanacha na 19ú aoise ar na hÉireannaigh bharbartha. Nó cúntaisí na gcóilíneach Eorpach ar chiní dúchais na hAfraice. Nó in alt nó dhó atá scríofa i mblaganna Éireannacha le bliain anuas.

Faraoir, sílim go bhfuil tionchar níos mó ag an mbolscaireacht seo, ní amháin ar an bpobal i gcoitinne, ach fiú ar phobal na Gaeilge féin. Ní maith linn go nglaofaí ainmneacha chugainn – mar sin fanaimíd inár dtost.

Ach ceal freasúra, tá tionchar níos láidre ag bréaga na bhfrithghaeilgeoirí. An móramh báiúil sin, tá siad i bhfábhar tacaíocht a thabhairt don nGaeilge cinnte. Ach ní sheasfaidh aon duine reásúnta le “iachall”, le “éigeantacht”, ná le “cine-dheighilt”. (Ní áirím “faisisteachas”, ná “mí-úsáid leanaí”.)

Bíodh is gur bréaga iad na focail seo ag cur síos ar an nGaeilge agus ar na h-iarrachtaí chun tacú léi, ní chloistear a dhóthain im’ thuairimse, i mór-fhóraim (Bhéarla) na tíre seo chun iad a bhreágnú. Agus mar sin, téann an diúltacht seo i bhfeidhm, ar an bpobal mór, agus fiú ar mhisneach agus ar mheanmna na nGael féin.

Is ar an ábhar seo, go measann Fine Gael go mb’fhéidir go bhféadfaí cúpla vóta a thuilleamh ach a leas féin a bhaint as an ndiúltacht seo. Agus go n-oireann sé do thráchtairí áirithe taibhse a chruthú de Aire na hAthbheochana agus Acht an Aimhleasa. Agus is cuma gur éithigh iad – níl go leor daoine dá mbréagnú.

Tá dul chun cinn mór deánta le 10 mbliana anuas, agus léiríonn cáil TG4, ach go h-áirithe, gur fearr beart ná briathar go minic i gcás mar seo. Ach ná déanfaimís dearmad gur gá éithigh a bhréagnú, go h-oscailte, go minic agus go glórach.

Tá beart agus briathar le sonrú sa mhisneach atá á léiriú ag pobal na Gaeilge ar an idirlíon, agus tá próifíl árd ag an dteanga sna fóraim seo. Agus tá fóram nua ag forbairt romhainn in 2007: bolscaireacht na físe.

Is é YouTube an suíomh is iomráití a bheidh ann sa bhliain úr. Tá tagairt déanta cheana agam don dtionscnamh Votetube, atá ag iarraidh úsáid na bhfíseán stocaireachta a chothú don olltoghchán a bheidh in Éirinn sara fada. Tá an Ghaeilge ar chlár plé an toghcháin seo, buíochas le Enda Kenny. Cé a chuirfidh a cás i gcúirt YouTube?

Rith sé liom arís an tseachtain seo nuair a chonac an scannán An Gaeilgeoir Nocht ar TG4. Ábhar machnaimh atá sa scannán seo do Ghaeilgeoirí ár linne. Píosa maith ealaíne is ea é cinnte, agus is fiú go mór é sin. Ach sílim nach bhfuil aon easpa ealaíne ag eascairt ó phobail na Gaeilge. An rud atá níos mó de dhíth orainn, b’fhéidir, ná bolscaireacht lom in aghaidh na diúltachta agus na n-éitheach.

Ceol Podslán:

Labels: , ,

1 Freagraí:

Arsa Blogger Darren J. Prior ...

'Seans mhaith do dtuigeann Fine Gael anois go ba chóir dóibh teaghmháil a dhéanamh leis an Chonradh maidir le aon polaisaithe nua i leith na Gaeilge tar éis an trioblóid maidir le Gaeilge éigeantach don Ardteist.

Ach ba chóir don Chonradh teacht amach chomh luath agus is féidir chun a rá nach mbeidh siad ag obair in aghaidh iad ar an dtalamh san Olltoghchán- lastigh de a bheith ag rá go ba chóir do daoine gan vóta a thabhair dóibh.

Tá an cath ag déanamh a lán damáiste do a lán daoine agus níl sé sin ceart.

10 January, 2007 17:31  

Post a Comment

<< Home