Thursday, October 11, 2007

Fuinneoga Oscailte?

[Mo leithscéal, ach seo dhaoibh alt na seachtaine seo chaite as Lá Nua. Bhíos breoite agus ní rabhas in ann podchraoladh a dhéanamh. Tá alt nua agam inniu, agus cuirfidh mé anseo níos déanaí inniu é.]

Foilsíodh an t-alt seo i Lá Nua an tseachtain seo chaiteTá sé bliain ar an bhfód, ach is cosúil nach go ró-mhaith atá ag éirí le córas oibriúcháin Microsoft: Windows Vista.

Ag blagáil dó ar news.com an tseachtain seo chaite, scríobh an t-iriseoir Don Reisinger alt faoin dteideal conspóideach: “Why Microsoft must abandon Vista to save itself”. Tuairiscíonn sé go bhfuil fearg ar dhaoine a cheannaigh Vista toisc go bhfuil oiread fadhbanna leis. Bliain i ndiaidh a sheolta, creideann Reisinger go bhfuil córas oibriúcháin Microsoft ina chloch mhuilinn ar mhuineál an chomhlachta.

Tuairiscíonn arstechnica.com go raibh ar Microsoft géilleadh don mbrú ó na mór-dhéantóirí ríomhairí agus ó dhíoltóirí eile, síneadh a chur leis an dtréimhse ina mbeidh an sean-chóras Windows XP fós ar fáil.

Bhí Reisinger ina aoí speisialta ar an bpodchraoladh This Week in Tech Dé Domhnaigh. D’aontaigh rannpháirtithe eile an chláir go h-iomlán leis. Dúirt cuid acu go bhfuil oiread dul chun cinn déanta ag Apple le blianta beaga anuas, gur dóigh leo gurb é an Mac an rogha is fearr do úsáiditheoirí baile anois. Agus tá dúshlán mór á thabhairt ag cuid des na córais Linux sa mhargadh céanna, Ubuntu ach go h-áirithe.

Ní h-é Windows amháin atá i mbaol, ach an táirge is tairbhí atá ag Microsoft: Office. Sá chás sin, tá an bhagairt ag teacht ó OpenOffice.org a thagann saor in aisce leis na córais Linux, mar shampla, nó fiú ó Google Docs & Spreadsheets a mhaireann “ar-líne” agus ar féidir a úsáid saor in aisce, nó le seirbhísí speisialta ó Google ar phraghas an-íseal.

Is táirge “foinse-oscailte” é OpenOffice.org agus cuidíonn slua mór daoine ar fud an domhain lena fhorbairt. Tá sé suntasach gurb shin é an straitéis atá á mholadh ag an dteic-bhlagadóir Éireannach Tom Raftery do Microsoft chun Vista a shábháil.

Tá Microsoft ag cur leaganacha idirlín de roinnt dá gcuid táirgí oifige ar fáil chomh maith. Agus tá ag éirí go sár-mhaith le táirgí eile dá gcuid. Tá árd-mheas ar an X-box 360 do chluichí ríomhaireachta, agus maíonn siad gur thóg an cluiche Halo 3 (a sheoladar an tseachtain seo chaite) an chraobh don teacht isteach is mó riamh d’aon táirge siamsaíochta ar lá a sheolta: scannáin san áireamh!

Ach tá saol na ríomhaireachta ag athrú. An féidir le Microsoft athrú leis? Níl a n-iar-chomhleacaí Robert Scoble ró-dhóchasach faoin méid sin, má fhanann an bhainistíocht atá acu i réim. Bhí sé ag trácht ar ráitisí phríomh-fheidhmeannach Microsoft, Steve Balmer, nach raibh faic i gcóras Facebook (an líonra sóisialta a bhfuil ráflaí faoi go gceannóidh Microsoft sciar ann), nach bhféadfadh innealtóirí Microsoft a chruthú taobh istigh de chúpla bliain. ‘Sé tuairim Scoble nach gcuideoidh an “mór-is-fiú” sin le Microsoft sna laethanta atá romhainn amach.

Lipéid: , , ,

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home