Wednesday, April 16, 2008

Rickrolláil

Seo alt a d’fhoilsigh Conn in Lá Nua ar an 27ú Márta.

Ar buaileadh bob an "Rickroll" ort go fóill?

Ó nach 'in iad na cleasaithe glice, páistí an idirlín? Ní ag obair i gcónaí a bhíonn Jeaic agus Jeaicí! Nuair a theastaíonn faoiseamh ó obair chrua na h-oifige, sin é an uair go n-iompaíonn siad ar pháirc spraoi an idirlín.

Is mar seo a oibríonn cleas an Rickroll. Seolann tú nasc idirlín chuig cara leat le teachtaireacht cosúil le "Seo an t-eolas a bhí uait ...", nó "Féach an leathanach suntasach seo ...". Buailtear ar an nasc, ach in ionad rud éigin suntasach, 'sé atá ann ná físeán de phop-réalt na n-ochtóidí Rick Astley, ag canadh an amhráin a chuaigh go barr na gcairteanna ar fud an domhain i 1987 agus 1988: "Never Going to Give You Up".

Má tá tú críonna do dhóthain beidh cuimhne agat ar an amhrán áirithe sin agus ar an monarcha pop-cheoil as a dtáinig sé. I bhfad sara raibh caint ná cuimhneamh ar "You're a Star", ná ar thurcaithe sa chomórtas Eoraifíse, bhíodh daoine a raibh dúil acu sa cheol ag gearán faoi Stock, Aitken & Waterman. Athraíonn na focail ó aois go h-aois, ach is dócha go mbíonn an sean-phort céanna i gcónaí ag lucht cáinte an phopcheoil olltáirgthe!

Má tá tú imníoch faoin Rickrolláil sa mhéid is go bhfuil sé ag cur bac ort cliceáil ar nascanna nua, ná bí buartha - tá cabhair ar fáil! I measc na blúiríní suntasacha a d'aimsigh an físbhlagadóir Zadi Diaz ag an gcomhdháil SXSW in Austin Texas le déanaí, tá an dea-scéal go bhfuil bunachar sonraí ar fáil de na Rickrolls go léir atá ar eolas. Bíonn fuíollach ama le spáráil ag daoine áirithe, is cosúil!

Ach is fiú cúpla nóiméad a chaitheamh ag breathnú ar fhíschlár Zadi - EPIC-FU - gach seachtain. Cruinníonn sí scéalta suntasacha ón idirlíon agus cuireann sí i láthair iad i gclár taitneamhach seachtainiúil, thart ar 10 nóimeád ar fhaid. Má tá iPod agat, is féidir síntús a ghlacadh leis an bpodchraoladh seo in iTunes agus beidh sé sin, agus cláir eile cosúil leis ar fáil agat i do phóca, uair ar bith agus áit ar bith a theastaíonn uait féachaint orthu.

Ní amháin go gcuireann Zadi clár suimiúil ar fáil gach seachtain, ach cothaíonn sí plé agus pobal i measc a lucht leanúna chomh maith, leis an suíomh pobail mix.epicfu.com. Ar an gclár, cuireann sí tús le díospóireacht ar ábhar éigin, agus ansin nochtann daoine a dtuairimí ar an suíomh. Bíonn cuid mhaith aighneachtaí i bhfoirm físe, agus cuirtear rogha na bhfíseán sin i láthair sa cheád eagrán eile den gclár. Mar shampla, bhí plé bríomhar acu le déanaí faoi scannán comhcheilge ar a dtugtar Zeitgeist, a mhaíonn go bhfuil cúrsaí an domhain mhóir dá stíuradh ag grúpa beag daoine cumhachtacha, a bhfuil sé mar aidhm acu an cine daonna a chur faoi smacht ag rialtas domhanda.

Mar a dúirt, b'fhéidir go bhfuil fuíollach ama le spáráil ag daoine áirithe? Cad é do mheas?

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home