Monday, January 17, 2005

Fonn Fóin Nollaig

Bhaineas oiread súip as an eachtra seo a chuala ar RnaG ar maidin, go gcaitheas é a fhógairt ar Chlár Plé Beo!

Tá an-mheas agam ar Nollaig Ó Gadhra agus is breá liom a bheith ag éisteacht lena thuairimí. Ní thagaim i gcónaí le gach aon cheann acu, ach is féidir brath air go mbeidh na tuairimí céanna suimiúil, sainúil agus beag beann ar thuairimíocht choitianta. Smaointeoir is ea é a chruthaíonn seasamh neamh-spleách dá chuid féin ar gach cás, bunaithe ar a phrionsabail bhunúsacha, agus forbartha le cabhair a shamhlaíochta 's a éirime. B'fhéidir nach bhfuil an ceart aige i gcónaí ach ní bhíonn sé riamh leadránach!

Níor chuir sé iontas ar bith orm a fhón a chlos ag seinnt an Amhráin Náisiúnta, ach nach bhfuil sé suntasach go bhfuil "cultúr fonn fón" na linne seo dulta i bhfeidhm ina shlí féin ar dhuine de dhealbha an chultúir dhúchasaigh?

Más eas, cad iad na foinn fóin a shamhlóimís le dealbha móra eile na linne seo? An Taoiseach, Gerry Adams, George W. Bush, do rogha dhuine? Fáilte roimh fhreagraí glice!

Gluais

2 Freagraí:

Arsa Blogger Séamas Poncán ...

"fonn fóin : ringtone (dar liomsa)"
Cheap mé gur ionann Fonn Fóin Nolla[i]g agus go raibh fonn ort fón (póca) a fháil mar bhronntanas Nollag!

20 January, 2005 19:38  
Arsa Blogger Conn ...

Imeartas focal, is mór an spraoi é in aon teanga! Conas 'ta an scéal i Meiriceá, a Shéamais. An bhfuil an ceann caillte ag daoine ag "pearsanú" a bfoinn fón?

22 January, 2005 08:28  

Post a Comment

<< Home