Tuesday, January 18, 2005

Níos Gaelaí ná na Gaeil féin

Táim spreagtha chun pinn arís ag Clár Plé Beo. D'fhágas an teachtaireacht seo ann ar maidin:

Ní teifigh iad lucht Oirthear na h-Eorpa atá anseo in Éirinn anois, ach chomh-Eorpaigh a bhfuil margaí a dtíortha oscailte chughainn agus lán-cheart acu a bheith anseo. Agus is cinnte gur imircigh eacnamúla iad, cosúil leis na Gaeil a theith go Meiriceá sna 1980-í, cosúil leis na Spáinnigh atá in Éirinn le blianta beaga anuas. Agus oiread leis na Spáinnigh, tá gá le saothar na ndaoine seo (a bhfuil árd-oideachas ar roinnt mhaith acu), chun geilleagar na tíre seo a chothú.

Ní h-ionann san is a rá nách bhfuil na teifigh pholaitiúla ón Aifric agus ó thíortha eile ag cur lenár stór chomh maith céanna. Is cás eile ar leith iad ó lucht na mball-stát nua, agus, más fíor-chásanna polaitiúla iad, tá sé de dhualgas orainn dídean a thabhairt dóibh. Níl amhras ar bith ann, áfach, go bhfuil buntáistí eacnamúla le bheith in Éirinn, agus is cinnte, dá bharr san, nach fíor do gach iarratas tearmainn a chuirtear faoi bhráid na n-udarás anseo. Tá tabhacht ar leith mar sin le córas éifeachtach agus tapaidh chun na h-éilimh a mheas. Ach, bíodh sin mar atá, má tugtar tearmann dóibh, ná déantar le sotal é. Ní h-aon tairbhe dúinn fo-aicmí agus ghettoanna a chruthú inár measc. (Tá ár ndóthain againn cheana.) Agus ná deinimís idir-dhealú idir ghrúpaí eachtrannach. Iadsan atá anseo, níl ach aitheantas amháin le tabhairt dóibh - i.e. mar bhaill den phobal.

Oibrím i dtionscail na déantúsaíochta in Éirinn. Is as Meiriceá, An Rúis, An Spáinn, an Nígéir, An Danmhairg, Malaysia, Pakistan, Serbia, An Aifric Theas, an Bhreatain, agus, dár ndóigh as Éirinn, mo chomh-oibrithe. Ní aithním iad mar imircigh ná teifigh. Is chomh-oibrithe iad, agus is comharsana agus cáirde iad cuid acu. Tá blas na h-Eíreann ag dul i bhfeidhm ar gcuid cainte, agus meon na h-Éireann ar a n-aigní. Tá na cúramaí céanna orainn: obair, leanaí, trácht, siopadóireacht, srl. Ní fhiafraím cad a thug anseo iad, ná caithin a bheidh siad ag filleadh; is teifeach mé féin sa chathair seo ó dhaorsmacht na h-iargúltachta.

'Sea tá an saol athraithe, ach ní chun donais atá an t-athrú. Nílímíd i mbaol ár mbáite ag forghabhálaithe. Agus is saibhre go mór an saol cultúrtha de bharr an iolrachais seo. Maidir leis an gcultúr gaelach, is mó an tsuim a chuireann na h-"eachtrannaigh" ann ná mar a chuireann na "Gaeil". Is cinnte nach baol ar bith iad don nGaelainn, a bhfuil bagairt níos mó uirthi ó chultúr Béarla an "News of the World" atá i réim anseo. 'Sé an Béarla teanga na sráide ar m'eastáit tithíochta, ach tá Gaelainn i mo thighse, agus is mór an sólás domsa go bhfuil leanaí eile ar an sráid seo ag labhairt Fraincíse agus Fionlainnise ina dtithe féin. Taispeánann siad go bhfuil saol eile ann seachas saol an Bhéarla amháin agus treisíonn siad an tacaíocht don tuairim nach "freak" tú má labhrann tú mion-teanga.

Níl a leithéid de rud ann agus cine Ceilteach, ná ní raibh leis na cianta. Ach tá cultúr na gCeilteach coimeádta agus caomhnaithe leis na cianta céanna ag na "forghabhálaithe". 'Siad sliocht na Lochlannach agus na Normannach, na Sasanach agus na n-Albanach iad Gaeil dílse na linne seo; féach ar na sloinnte! Deirtear gur treise dúchas ná oiliúint, ach ní san fhuil ná sa DNA a síolraítear dúchas an chultúir. (Nár bhreá dá mbeadh sé chomh simplí?) Is tré oiliúint sa teanga agus sa bhéaloideas a bheirtear an cultúr ó ghlúin go glúin, agus tá an oidhreacht sin tuilte ag leanaí uile na tíre, is cuma cé'r díobh iad. Gan amhras, ní h-ionann oilúint na scoile agus oilúint tuismitheora, ach cé mhéid duine ar an gclár plé seo atá ina chainteoir dúchais ar aon nós? 'Sea, má bhí sliocht na Normannach "níos Gaelaí ná na Gaeil", is iad sliocht na bPolannach agus na Nígéiréach iontaobhaithe nua an chultúir. Is cinnte nach bhféadfaidís jab níos measa a dhéanamh ná mar atá déanta ag Gaeil na linne seo. B'fhéidir go n-éireoidh níos fearr fós leis na Gaeil úra?

5 Freagraí:

Arsa Anonymous Anonymous ...

Deá-scríofa, a Imill! : )
Agus tá do bhlog an-suimiúil, DAS. Coinnigh ort! Bháin mé an-taithneamh as do scéalta.
April

20 January, 2005 05:43  
Arsa Blogger brendan ...

Is "teifeach Breataineach" mé fhéin... well, saghas Plastic Paddy ar aon nos...

20 January, 2005 09:42  
Arsa Blogger Conn ...

Brendan, caithfidh mé an fhírinne a insint. Ní "teifeach sa chathair" mé, mar a dúirt! Imirceoir eacnamúil mé i ndáiríre, ar nós na mílte eile "cute culchies" atá ag goid postanna lucht na cathrach le fada an lá. ;-) Comhgháirdeachas ar an 30,000!

April, fáilte romhat! Thaitin do shuíomh go mór liom. Cuir scéala chugham nuair a thosnóidh tú ar do bhlag féin!

20 January, 2005 11:20  
Arsa Blogger Conn ...

GRMA a Chiaráin. Thaitin do phíosa ar na foinn fón go mór liom; tháinig sé le tuairim a bhí agamsa le tamall! Tá nasc agamsa chughatsa anois.

20 January, 2005 12:09  
Arsa Anonymous Anonymous ...

Cuirfidh, cinnte..is dóigh liom go mbeidh sé réidh i gceann cupla lá. Shuiteáil mé "blog script" ar mo shuíomh féin, agus bhí sé an-éasca! Mar sin, tá fadbh agam anois le mo "templates". : )
April

20 January, 2005 23:30  

Post a Comment

<< Home