Saturday, April 16, 2005

Anocht FM

Buíochas do mo chomh-bhlagadóir Brian Greene, a thug an scéal seo faoi ndeara ar shuíomh RTE agus a nocht do bhlagchruinne na h-Éireann é.

Aisteach go leor - níl faic ar shuíomh RnaG féin faoi seo. Chuala caint go bhfuil easaontas i measc fhoireann an stáisiúin faoin gcinneadh. Is cinniúnach an t-athrú é i bpolasaí atá i bhfeidhm le breis is triocha bliain, agus tá argóintí maithe ar dhá thaobh na ceiste.

Ní féidir na fíricí seo a shéanadh:
  • Níl lucht éisteachta óg ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta. Gaeilgeóirí a bhfuil dúil acu sa phop-cheol, is le 2FM agus a leithéidí a éisteann siad. Tá géar-ghá le seirbhís cheoil chomh-aimseartha, gan srian teanga, ag freastal ar Ghaeilgeóirí.
  • An dream éisteóirí dílse Raidió na Gaeltachta, nár mhaith leo pop-cheol Béarla a chlos ar RnaG - ní h-éistíonn siad le Raidió an t-am sin den oíche ar aon nós.
B'fhearr liomsa seirbhís nua raidió Ghaeilge a fheiscint a bheadh tiomnaithe go h-iomlán don aos óg le béim ar an siamsaíocht. Ach, fad is atáimíd ag feitheamh, is céim mhaith í seo.

Is maith an comhartha go bhfuil an sean-"pirate", Rónán Mac Aodha Bhuí, ina chuid lárnach den tseirbhís nua. Uaireanta, chuirfeadh craoltóirí RnaG i gcuimhne duit sean-thraidisiún an Bh.B.C., ina gcaithfeadh na láithreóirí culaith foirmeálta carbhat dubh agus iad ina suí ag an micreafón. Baineann Rónán le traidisiún eile ar fad, bail ó Dhia air. Bhí sé in a cheannródaí ag craoladh i nGaeilge ar "pirate radio" sna h-ochtóidí, agus dhein sé an-bheart don Ghaeilge sna meáin mhór-éisteachta, le "Nuacht na h-Aoise" ar Century Radio, an chéad stáisiún náisiúnta tráchtála, áit a bhfuil Today FM inniu. Cúpla bliain ó shin, bhí clár fíor-mhaith siamsaíochta aige a chraoltaí gach Aoine ar RnaG, ach le déanaí tá sé ag feidhmiú mar léiritheoir i stiúidió na nDoirí Beaga.

Táim ag súil go mór lena chlár nua - go n-éirí leis agus lena chomh-bhádóirí sa tseirbhís nua seo.

Dála an scéil, is go Irishblogs.ie arb éigean dom dul chun blag-mhír Bhriain a fheiscint ar maidin. Cé gur fearr go mór liom Planet of the Blogs na laethanta seo, is cosúil go bhfuil ríomhaire freastail John Breslin ar lár ar maidin. Tá súil agam go mbeidh sé curtha ina cheart aige go luath!

Lipéid: , ,

1 Freagraí:

Arsa Anonymous Anonymous ...

This comment has been removed by a blog administrator.

20 June, 2006 11:23  

Post a Comment

<< Home