Sunday, March 13, 2005

Blaganna agus Comhbhailiú

Tá ualach eolais agus tuairimí ar fáil sa bhlagchruinne. An-éagsúlacht. Agus an-thráthúlacht, ach go h-áirithe. Is i dtráth an eachtra féin, nuair atá an saol i gcoitinne lasta le caint ar ábhar mór conspóide éigin, a mbíonn fiúntas ar leith na mblaganna le sonrú. Scaipeann an scéal ó bhlag go blag, agus cuirtear an t-iomlán le chéile: fíricí, fiainise, ainilís, tagairtí d'ábhair agus d'eachtraí eile, tuairimí agus malairt tuairimí - i bhfocal amháin: "léargas".

Bhuel, sin an teoiric, ar aon nós! Tá fírinne an scéil ábhairín difriúil.

Laige bheag amháin a chímse leis na blaganna is ea an claonadh láidir atá ag blagadóirí chun dlúth-chaidreamh a chothú leo san a bhfuil na tuairimí agus an pholaitíocht chéanna acu. Is claonadh nádúrtha daonna é. Má tá dearcadh ar leith agamsa, cuirfidh mé suim i mblaganna le daoine a bhfuil dearcadh cosúil acu. Is iad na blagadóirí báiúla seo a bheidh sonraithe i mo bhlag-rolla agam. Léitheóirí mo bhlag, cífidh siad tacaíocht do mo chuid tuairimí agus iad ag léamh na blaganna eile atá i bpáirtíocht liom.

Tríd is tríd, teastaíonn ó bhlagadóirí a dtuairimí a phlé le daoine a bhfuil réimse leathan tuairmí acu, ach tá sé deacair a shéanadh go gcítear an cnuasach céanna blaganna sonraithe ar bhlag-rollaí a chéile. Rud nádúrtha is ea é seo, agus tá sé deacair claonadh mar seo a shárú.

In alt do Blogger, míníonn Biz Stone go bhfuil léargas na fírinne le fáil ar do rogha ceist - ach do dhóthain blaganna a chíoradh! Tagraíonn sé do thurgnamh na "jelly beans" rud a léiríonn go bhfuil gaois sa tslua, ach an slua a bheith comhshuite de réir coinníollach áirithe, 'siad san:
  1. Éagsúlacht tuairimí

  2. Neamhspleáchas na mball

  3. Dílárnú

  4. Módh chun na tuairimí a chomhbhailú

Sásaíonn blag ar bith an chéad trí choinníoll go fuirist, ach tá rud amháin eile sa bhreis de dhíth ar formhór na mblaganna chun an ceathru ceann á shásamh. Is é sin an módh cómhbhailithe. Mar a dúirt, ní leor na nascanna ar na blag-rollaí a leanúint má tá tú ag iarraidh an scéal iomlán. Ach tá réiteach ann.

Samhlaigh, más maith leat, go bhfuil blagadóirí Lilliput in achrann faoi cheist na n-uibheacha, agus ciocu is fearr iad a oscailt ag an bhfoirceann beag nó ag an bhfoirceann mór. Ní léann siad blaganna a chéile (arsa Gulliver: "the books of the Big-endians have been long forbidden"). Mar sin, ar bhlag-rollaí na Big-endians níl ach nascanna go Big-endians eile, agus mar an gcéanna le blagadóirí na bhfoirceann beag.

Ach samhlaigh dá mba nós leis an ndá dhream a n-altanna a ghreanadh le lipéid Technorati. Agus dá gcuirfídís araon, big-endians agus little-endians, an lipéad |uibheacha| ar na h-altanna ina bpleánna siad an cheist sin. Ansin, dá mbeifeá ag iarraidh an léargas iomlán a fháil ar an mór-cheist seo, ní bheadh le déanamh agatsa ach dul go dtí http://www.technorati.com/tag/uibheacha, áit a gheofá tuairimí an dá thaobh.

Sin é, mar sin, an módh éifeachtach comhbhailithe a shásaíonn an ceathrú coinníoll. Seo é atá i gceist ag Bernie Goldbach nuair a mholann sé, mar chéim tosaigh ar a laghad, gur cheart go mbeimís go léir ag cur an lipéad lenár mblag-bhlúiríní. Tá torthaí comhbhailithe na h-iarrachta san le feiscint ar http://www.technorati.com/tag/Irishblogs.

Dár ndóigh, ní hé Technorati an t-aon réiteach ar fhadbh an chomhbhailithe. Má tá fóram agat d'ard-chaighdeán, a bhfuil éagsúlacht mhór cainteóirí sásta é a úsáid, beidh an toradh céanna air. Ach is é an prionsabal céanna atá ann i gcónaí. Cás speisialta atá in Slugger O'Toole, áit a bhfuil mór-cheist á plé ar suim le roinnt mhaith daoine. Is fiú suíomh speisialta a reachtáil dá leithéid. Ach d'fhéadfaí an comhbhailiú céanna a chur i gcrích (gan an dea-chuma agus eagar atá ar Slugger, dár ndóigh) dá n-úsáidfeadh na scríobhnóirí go léir an lipéad |northernirelandpolitics| (nó fiú |sluggerotoole| - is cuma cén t-ainm atá ar an lipéad chomh fada is a thoilíonn gach éinne an lipéad céanna a úsáid) ina mblaganna féin.

Tuilleadh plé ar an ábhar seo ar WhoisIreland Review agus ar LoopDiLoop.

Gluais

Lipéid: , ,

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home