Friday, November 11, 2005

Athfhoilsiú

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
Dheineas praiseach den gcaighdéan fuaime in eagrán an lae inniu. Tá leagan eile anseo atá ábhairín níos fearr. Gabh mo leithscéal.

9 Freagraí:

Arsa Anonymous Anonymous ...

Cén gaeilge ar Yay! ? Bhí mé ag glanadh mo thí tráthnóna inniu, agus do phodcast ar siúl ..agus ní raibh mé in ann thú a chloistáil ar chor ar bith!
Tháinig mé anseo chun ríomhphoist a scríobh chugat faoi.
DAS Coinnigh ort!

12 November, 2005 01:39  
Arsa Blogger Conn ...

GRMA April! Táim ag foghlaim i gcónaí!

12 November, 2005 11:02  
Arsa Anonymous Anonymous ...

Ag foghlaim? Tá tú ag déananmh go maith! Is é do bhlog an ceann is fearr ar an ngréasán as gaeilge! Is fear cróga thú!

12 November, 2005 13:00  
Arsa Blogger Conn ...

:-) {lasann aghaidh}
Go raibh maith agat! Agus fáilte romhat féin ar ais go dtí an mblagadóireacht. Tá slua breá againn anois ann.

12 November, 2005 14:49  
Arsa Anonymous Anonymous ...

Go raibh maith agat. : )
Tá súil agam go bhfuil mo bhlog sothuigthe, níl mo chuid Gaeilge ro-mhaith. Ach foghlaimím rud éigin nua gach uair atá mé ag labhairt nó ag scríobh aisti.

13 November, 2005 13:47  
Arsa Blogger Conn ...

A April, tá sé in a riail pearsanta agam nach ndeinim cáineadh ná moladh ar Ghaeilge daoine eile. Ní dheánfainn sa Bhéarla é - cad 'na thaobh go ndéanfainn sa Ghaeilge? Ach déarfaidh mé an méid seo leat: tá do chuid Gaeilge ar fheabhas. Níos tabhachtaí fós: tá sí so-léite, so-tuigthe, soiléir!

A Oistín, fáilte romhat! Táim tar éis súil a chaitheamh ar do bhlag anois díreach. An-thús! Coinnigh ort - beimíd ag súil go mór le do chuid smaointe a léamh - agus b'fheidir a chlos! "Open mike" atá againn anseo ar an imeall! :-)

14 November, 2005 06:38  
Arsa Anonymous Anonymous ...

GRMA Is é m'aghaidh féin atá ag lasadh anois!

15 November, 2005 13:20  
Arsa Anonymous Anonymous ...

{lasann aghaidh} Is í m'aghaidh féin...

15 November, 2005 13:25  
Arsa Blogger Conn ...

Maith thú, a April!

A Oistín - 'sé an ríomhaireacht a chuid is fusa den bpodchraoladh im' thuairimse. An rud atá deacair ná an fhuaim a thaifeadadh agus a léiriú. Ach tiocfaidh tú i dtaithí air - agus má tá aon chabhair uait le h-aon chuid de, cuir ceist orm. Ba bhreá liom dá mbeadh pobal podchraoltóirí neamhspleácha i nGaeilge againn.

Ba bheag nár cheannaíos-sa iRiver dom féin - agus tá brón orm anois nár dhein. Is cosúil go bhfuil sé go maith chun fuaim a thaifeadadh agus tá roinnt mhaith podchraoltóirí ag baint úsáid as. Sílim go baineann siad úsáid as micreafón seachtrach ceangailte leis.

16 November, 2005 06:51  

Post a Comment

<< Home