Thursday, January 26, 2006

#72: Is mór an spórt é seo!

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Beannachtaí do Turla Ó Colbáird, agus muintir Bhreac-Ghaeltacht Bherkeley i San Franscisco, California! Mana 's misean na BreacGhaeltachta:
      Má tá fonn cainte/comhrá i nGaeilge agat agus má theastaíonn deiseanna eile uait chun an Ghaeilge a labhairt go rialta, bheidh fáilte romhat bualadh isteach ar seisúin craic `s comhrá atá ar siúl ar a sé thart faoi seacht a chloig gach Dé Máirt i mBeckett's Irish Pub, 2271 Shattuck Avenue, Berkeley. Beidh deis agat freisin bualadh le daoine oilte cneasta eile atá ag cleachtadh a cuid Gaeilge, a blas bídeach a labhairt ós áird go socair suaimhneach in atmasféar taitneamheach neamhfhoirmeálta.
      Beidh an bhéim ar dhíospóireacht, cluichí idirghníomhacha agus ar mhodhanna spraoíúla eile chun daoine a chur ag caint agus ag comhrá as Gaeilge! Beidh áisitheoir i láthair gach seachtain. Níl aon táille i gceist agus tá fáilte roimh chách. Tá tuilleadh eolais le fáil ar tadx4 (AG) aol.com
  • Tá an dáta socair do Ghradam na mBlag. 11ú Márta, Óstán Buswells i mBÁC. Tráthnóna Sathairn ag 19:00. Táimse ag dul ann. Beidh podchraoltaí Gaeilge dá dtaifeadadh. Ar mhaith leat páirt a ghlacadh iontu?
  • Na moltaí a sheolas isteach dos na Gradaim:
  • Ceol Podslán: Olaim Puins le Séamas Ó Neachtain
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

4 Freagraí:

Arsa Anonymous Anonymous ...

Wow! Go raibh maith agat, tá bród orm as an t-ainmniú seo. (Feic ar mo graiméar uafasach...)

26 January, 2006 10:35  
Arsa Blogger aonghus ...

Feic é, ná bac le feic a dhéanamh díot fhéin! Taithí a ghníos máistreacht!

A Imeallaigh, cad déarfá leis an íomha seo, a dhear cairde liom?

26 January, 2006 21:33  
Arsa Blogger Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne ...

Grmma.
Is moladh mór é do mholadh a Réalta na bPodchraoltaí!
Faire RnaG.

27 January, 2006 13:56  
Arsa Blogger Conn ...

Gaeilge ar "Mutual Appreciation Society"? - éinne? ;-)

An bhfuil "scúp" agat, a Hilary, maidir le RnaG?!

Fáilte romhat, a Sinéad, agus ná bí buartha faoin ngramadach. Deinimíd go léir botúin. Ní seomra ranga é seo! :-)

27 January, 2006 17:30  

Post a Comment

<< Home