Tuesday, August 22, 2006

Imeall #159: Scoil Merriman

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FM
  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Reachtáileann Cumann Merriman Scoil Samhraidh cháiliúil i gContae an Chláir gach aon bhliain (agus Scoil Gheimhridh chomh maith).
    • "Bunaíodh Cumann Merriman i 1967 in omós do Bhrian Merriman, údar dáin Raibiléiseach na hochtú aoise dhéag, Cúirt an Mheán Oíche."
    • "Ta sé mar aidhm ag Cumann Merriman suim a chothú in gach gné de chultúr na hÉireann, leis: an teanga, an stair, an litríocht, an rince, an ceol is ar eile."
  • Thugas cuairt ar Scoil Merriman aréir. Bhí comhrá fíor-thaitneamhach agam le Róisín Ní Ghairbhí, le Brian Ó Dálaigh agus le Seosamh Ó Mangáin.
  • Gabhaim buíochas le Stiúrthóir na Scoile, Liam Ó Dochartaigh, agus le Máire Bean Uí Fhlatharta a chuidigh go mór liom aréir.
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

2 Freagraí:

Arsa Blogger Séamas Poncán ...

Go breá ar fad! GRMA as seo, a Choinn. Dá mbeinnse ann! Tá suim ar leith agam i gContae an Chláir, mar is contae mo shinsear é.

23 August, 2006 14:28  
Arsa Blogger Conn ...

Sílim go mbainfeá-sa an-shásamh as Scoil Merriman, a Shéamais. An bhliain seo chugainn, b'fhéidir?

23 August, 2006 23:01  

Post a Comment

<< Home