Friday, January 19, 2007

Cén blag is fearr a bhaineann úsáid as an nGaeilge?



As Lá Nua inniu:
Coimhlint mhór na mblaganna Gaeilge
Le Tomaí Ó Conghaile

Is gnáthchuid de shaol na linne seo é an blag agus i mí Mhárta, déanfar ceiliúradh ar bhlaganna na hÉireann ag Gradaim Náisiúnta na hearnála i mBaile Átha Cliath.

Is í seo an dara bliain do na Gradaim agus an iarraidh seo, tabharfar aitheantas do roinnt rannóg nua, an blag spóirt is fearr, an blag ceoil is fearr agus an dearadh is fearr ar bhlag ina measc.

Mar an gcéanna le comórtas na bliana seo caite, bronnfar duais don bhlag is fearr a bhaineann úsáid as an Ghaeilge agus is dian an iomaíocht don ghradam sin arís i mbliana.

Ba é an blagadóir iomráiteach, agus colúnaí Lá Nua, Conn Ó Muinneacháin, a bhuaigh an duais anuraidh dá shuíomh, An tImeall (www.imeall.com), a bhí ar an chéad phodchraoladh riamh i nGaeilge, ach ní bheidh Conn i measc na n-iomaitheoirí an iarraidh seo.

Mar a mhínigh Conn, beidh comhlacht s’aige, Edgecast Media – a léiríonn podchraoltaí agus cláir raidió agus a chuireann seirbhísí comhairleoireachta ar fáil - ag déanamh urraíochta ar an rannóg:

“Dheineas teagmháil leis na Irish Blog Awards nuair a fógraíodh go rabhadar ag iarraidh urraí do na rannóga éagsúla agus ghlac siad le mo chomhlachtsa mar urra ar Ghradam na Gaeilge don bhliain seo,” arsa sé.

“Is cúis mhór áthais dom an fás atá tagtha ar bhlaganna na Gaeilge le himeacht na bliana atá caite ó shin.

“Tuairiscíonn technorati.com gur tháinig méadú faoi cheathair ar líon na mblaganna go hidirnáisiúnta sa tréimhse sin, agus tá an fhorbairt chéanna ar bhlaganna na Gaeilge.

“Tá cúpla ceann gleoite tagtha ar an saol le bliain anuas agus fós féin, tá an chuid is mó de sheanfhondúirí na bliana seo caite ag treabhadh leo i gcónaí.”

Is é 26 Eanáir an spriocdháta don phróiséas ainmniúcháin agus is féidir tuilleadh eolais a fháil ar www.awards.ie
Cad é an blag Gaeilge is fearr leatsa? Ainmnigh don nGradam é!

Lipéid: , ,

2 Freagraí:

Arsa Blogger Séamas Poncán ...

Tá an scéal seo casta go leor maidir le blaganna Gaeilge. Is iomaí blag Gaeilge nach blag Éireannach é.

22 January, 2007 18:58  
Arsa Blogger Conn ...

Ní dóigh liomsa go bhfuil sé casta in aon chor a Shéamais. Is blag Éireannach é blag ar bith a bhaineann úsáid as an dteanga náisiúnta.

Dar leis an suíomh oifigiúil:
"The definition of an Irish Blog is quite loose. If you are listed on IrishBlogs.ie or Planet.Journals.ie or are Irish and blog or live in Ireland and blog, then you can enter. We may even consider you if your only tie to Ireland is that you like stout. "

Tuilleadh eolais in alt an lae inniu.

23 January, 2007 11:43  

Post a Comment

<< Home