Thursday, October 11, 2007

Imeall #182: Fíor-Chomhluadar na bhFíor-Ghael

Buail anseo chun éisteachta!

Tá an t-alt seo foilsithe in eagrán an lae inniu de Lá NuaBhí áthas orm cuireadh a fháil ó Chomhairle Chontae an Chláir, chun freastal ar sheoladh a scéim teanga Dé Luain seo chaite in Inis. Is breá liom a bheith ag bladar le Gaeilgeoirí ar an idirlíon gach aon lá – ach ní sháraíonn sé sin fíor-chomhluadar an fhíor-Ghaeil, nuair a bhíonn deis agam é a fháil!

Is é seo an 13ú scéim teanga de chuid údarás áitiúil atá foilsithe faoi choimirce an Acht Teanga 2003. Is polasaí cuimsitheach agus soiléir é faoi na cúinsí in ar féidir a bheith ag súil le seirbhísí tré Ghaeilge agus faoin bhforbairt atá beartaithe don dtréimhse trí bliana atá romhainn. Luadh go bhfuil 30 ball fóirne de chuid na comhairle a bhfuil socrú déanta go bhfaighfidh siad oiliúint sa Ghaeilge.

Is mithid sin. Dhein cathaoirleach “An Clár as Gaeilge”, Domhnall Ó Loingsigh, tagairt dos na staitisticí daonáirimh is déanaí ar úsáid na Gaeilge. Níos déanaí, nuair a bhaineas an baile amach, léas féin iad ar gaelport.com. 1.66 milliún duine a deir go bhfuil Gaeilge acu, agus Contae an Chláir sa tarna h-áit, i ndiaidh na Gaillimhe, ach chun tosaigh ar na contaetha eile ina bhfuil Gaeltachtaí.

Chuir Panu Hoglund ceist mhaith, i dtráchtaireacht ar gaelport.blogspot.com: “Is féidir glacadh leis go bhfuil cuid mhór Gaeilgeoirí teipthe amuigh ansin a mb'fhéidir dúinn, mar lucht cúise, iad a spreagadh chun an teanga a úsáid. Ceist eile is ea é, cad is cúis leis nach bhfuil éirithe linn é sin a dhéanamh?”

Chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm ag léamh an dán caointe i nGaeilge a scríobh Áine Durkin, deirfiúir an tsaighdiúra Mheiriceánaigh Ciara Durkin a maraíodh san Afganastáin. Is cara í an file le Gaelbhlagadóir na bliana Hilary Mhic Shibhne i Nua Eabhrach agus tá an dán foilsithe ar a blag hilaryny.blogspot.com.

Tá cuid mhaith mothúchán pearsanta le léamh ar an suíomh PostSecret. Molaim go mór do aon duine cuairt a thabhairt air. Togra ealaíne is ea é, a thugann aitheantas don mbriseadh croí a bhíonn i rún nach féidir a insint.

Scríobhann daoine rún a gcroí ar chárta poist. Go minic bíonn sé maisithe go taibhseach acu, le pictiúir, le grianghrafanna, nó le collage. Seoltar na cártaí go dtí riarthóir an tsuímh, Frank Warren, agus roghnaíonn seisean cuid acu le taispeáint ar an an suíomh.

Foilsíonn sé i bhfoirm leabhair iad chomh maith. Seoladh an leabhar is déanaí sa tsraith i Meiriceá Dé Luain: A Lifetime of Secrets.
Lipéid: , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

6 Freagraí:

Arsa Blogger Gaelport ...

Agus is léir freisin, in ainneoin ciniciúlacht roinnt daoine i leith an 1.66m, go bhfuil Gaelgeoirí Chontae an Chláir gníomhach leis ...Fuair Comhairle Chontae an Chláir 73 aighneacht! Trí scór is trí aighneacht déag! ...
Is sibh na Fíor-Ghael ;D

11 October, 2007 16:20  
Arsa Anonymous Anonymous ...

sorry this has to be in english, i've only just started learning irish

i love listening to an t-Imeall as i believe in immersion in a new language, even if i dont yet understand it.

one question i have is about music.

i already have a lot of folk music sung in the irish language, and one embarassing '50s style rock and roll song, but i want more up to date songs in the irish language. is anything like this already featured in An t-Imeall, and where else can i find it?

12 October, 2007 02:55  
Arsa Blogger Séamas Poncán ...

Brian,
Éist le Míle Fáilte gach seachtain.
www.wfuv.org - listen/ archives / shows / talk (not really) / Míle Fáilte. Bíonn ceol go leor ann i gcónaí.

12 October, 2007 14:45  
Arsa Anonymous Anonymous ...

Go raibh maith agat, a Sheamas!

12 October, 2007 22:15  
Arsa Anonymous Anonymous ...

Aon seans go mbeifeá i láthair ag cead cainte a Choinn?

Brian, here is a good link for you gael-linn

13 October, 2007 15:24  
Arsa Blogger Conn ...

Is contae suimiúil i mórán slite é, a Roseanne. Bhí Gaeltachtaí anseo céad bliain ó shin. N'fheadar an mbeidís beo fós dá mba rud é go bhfuaireadar aitheantas agus tacaíocht stáit?

Ní déarfainn gur áit an-ghaelach é - ach b'fhéidir go bhfuil sé an-ghaelach i gcomparáid le h-áiteanna eile? Tá sé deacair domsa é a mheas.

Brian - tá fáilte mhór romhat anseo. I'm delighted you find An tImeall useful. The music I feature comes from "podsafe" colections and is mostly in English. Unfortunately I don't have the time to chase up Irish language artists and request copyright clearance for podcast purposes. Gael Linn is certainly a good place to start, and I'd also recommend listening to Raidio na Gaeltachta after 9pm. If it's contemporary, and in Irish, you'll hear it there.

Kay, a chara. Faraoir, ní bheidh mé ann - ach tá sé suimiúil, nach bhfuil?

14 October, 2007 21:01  

Post a Comment

<< Home