Thursday, October 18, 2007

Saoirse Cainte faoi Scáth na hAnaithnideachta

[Seo téacs alt an lae inniu. Foilseofar an leagan podchraolta anseo amárach.]

Tá an t-alt seo foilsithe in eagrán an lae inniu de Lá NuaChuir Rónán Mac Aodha Bhuí agallamh orm ar a chlár raidio an tseachtain seo chaite, faoi chás an chomhairleora chontae ar fógraíodh liamhaintí faoi ar YouTube. Chuala sibh an scéal is dócha – agus murar chuala, ní chuirfidh mé leis anseo.

Is fuath liom ráflaí scannalacha. Ar shlí, is é an t-idirlíon an t-inneall is fearr a ceapadh riamh chun scéalta mar seo a scaipeadh, ach ar shlí eile, is é sin an chúis nach bhfuil mórán meas ar an idirlíon céanna mar fhoinse nuachta. Mar a dúirt mé le Rónán, tá sé cosúil le doras an leithris. Is féidir le h-aon duine aon rud a scríobh ann ach, os rud é go dtuigeann daoine stuama é sin, ní thógann siad aon cheann de.

Dar ndóigh is beag an sólás sa mhéid sin don té a bhfuil dochar déanta dá chlú, ach mar a dúirt mé chomh maith, is minic a bhíonn cabhair le fáil i dtéarmaí agus conníollacha na suíomhanna ar a bhfuil na teachtaireachtaí foilsithe. Tá cosc ar fhuathchaint ar YouTube, agus ar mhí-úsáid steiréitíopaí. Agus faoi bhun gach físeán ar YouTube, tá nasc beag faoin dteideal “Flag as inappropriate”, ag tabhairt cuireadh don lucht féachana, bainistíocht an tsuímh a chur ar an eolas faoi mhí-úsáid.

I gcás an fhíseáin a mhaslaigh an comhairleoir, bhí sé bainte anuas ag YouTube faoin am go ndeachamar ar an aeir.

Ach tá rud amháin nár phléas le Rónán, ceal ama, agus ní miste é a lua anseo. Cinnte, is droch-rud é a bheith ag caitheamh maslaí suaracha faoi scáth na h-anaithnideachta. Ach uaireanta is gné tabhachtach den tsaoirse cainte é a bheith in ann do phearsa a cheilt.

Ar nós an graffiti féin, is féidir cúlchaint gan mhaith a léamh ar fhallaí – ach is féidir teachtaireachtaí polaitiúla a léamh chomh maith. Agus aithníonn gach duine go bhfuil sé tabhachtach nach gcuirfí an fhírinne faoi smacht mar gheall ar bhagairtí don sceitheoir. Cloistear caint go minic ar “whistleblowers’ charters”.

Phléamar an bhlagadóireacht gan ainm cheana sa cholún seo. Luaigh mé an sean-bhlag “Alive in Limerick” a dheineadh tuairisceoireacht agus tráchtaireacht ar nuacht na cathrach sin. Tá blag nua anois ann, cé nach eol dom an bhfuil aon bhaint ag a chuid údar leis an sean-bhlag. Go deimhin ní fios cé h-iad scríbhneóirí an tsuímh limerickblogger.org, ach tá an-éileamh ar a gcuid tuairiscíochta i measc muintir Luimní i gcéin agus i gcóngar. Agus thána ar sceithbhlag suimiúil eile le linn na seachtaine seo, ina nochtann sagart Caitliceach a smaointí macánta ar an gCríostaíocht agus ar an eagráiocht ina bhfuil sé ag saothrú. Tá sé sin ag clericalwhispers.blogspot.com.

Lipéid: , , ,

12 Freagraí:

Arsa Blogger aonghus ...

Bhí mé romhat leis seo!
;-)
anseo

18 October, 2007 15:39  
Arsa Blogger Conn ...

Bhfuil fhios agat, a Aonghuis? Bhí saghas tuairim agam go raibh, agus chuardaigh mé do bhlag inné á lorg, ach ní raibh fhios agam cad é go díreach a bhí á lorg agam! :) (an sean-scéal céanna i gcónaí liom! ;)

18 October, 2007 16:06  
Arsa Blogger Conn ...

Dála an scéil, is cosúil nach bhfuil an t-alt seo i gcló inniu mar a bhíos ag ceapadh go mbeadh!

18 October, 2007 16:07  
Arsa Anonymous Anonymous ...

cinsireacht LÁ NUA, gan aon agó?

;-) ;-)

18 October, 2007 17:53  
Arsa Blogger aonghus ...

Ní raibh. Bhí orthu slí d'fhail d'óráid Phoots, is dócha.

18 October, 2007 22:00  
Arsa Blogger Conn ...

Níl aon easpa slí ar an idirlíon! :)

18 October, 2007 22:17  
Arsa Anonymous Anonymous ...

Sea! Tá fhios agam a aonghuis. Nach bhfaca thú Dhá straoiseog i ndiadh mo chainte? ;-)

19 October, 2007 15:14  
Arsa Blogger Conn ...

Straoiseog? Ní raibh an focal sin agam. Gleoite! :)

19 October, 2007 16:46  
Arsa Blogger aonghus ...

í "ní raibh" ag tagairt d'alt Chonn gan a bheith ann, seachas aon ní a scrí tusa, a Fhirn. Ní raibh sé ann inniu ach oiread.

19 October, 2007 21:43  
Arsa Blogger Scott De Buitléir ...

Píosa iontach 'tá scríofa agat anseo - is aoibhinn liom do bhlag!

23 October, 2007 17:05  
Arsa Blogger Conn ...

Go raibh maith agat! :)

23 October, 2007 22:44  
Arsa Blogger Unknown ...

You can carry your replica Hermes handbags to work, as well as for a night out with friends. You can even carry these versatile bags when you go out shopping, and if you do, be ready for all the gawking you will be subject to. The birkin runs from $5000 per bag or even higher, so it absolutely is an investment. However for accomplished adroitness plan and blithely big-ticket abstracts acclimated

23 November, 2010 02:12  

Post a Comment

<< Home