Thursday, June 12, 2008

Níl an cóipcheart féin gan teorainn

Scríofa ag Conn agus foilsithe in eagrán 5ú Meitheamh de Lá Nua.
(Ní bheidh colún Conn ann in Lá Nua inniu, ach beidh sé ar ais an tseachtain seo chugainn.)

"Is le gach bó a lao agus is le gach leabhar a chóip". Sin í an bhreith iomráiteach a tugadh in aghaidh Cholmcille Naofa, tar éis dó cóip a dhéanamh de lámhscríbhinn, gan chead an úineára fadó. Agus is ar an bprionsabal céanna atá dlithe cóipchirt na linne seo bunaithe chomh maith.

I ndáiríre, 'sé an bunús atá ag gach dlí cóipcheart ná cearta an chumadóra a chosaint. Má dheineann tú obair chruthaitheach, ba chóir go mbeifeá in ann luach saothar a fháil as. Má tá maoin fisiciúil agat, tá sé fuirist a dhóthain é a chosaint le glas agus slabhra. Ach is "maoin inteachtúil" atá i gceist le saothar cruthaitheach, agus feidhmíonn dlithe an chóipchirt chun an mhaoin sin a chosaint ó ghoid chomh maith céanna.

Aithnítear na prionsabail go forleathan, agus aontaíonn formhór gach éinne go dtacaíonn srianta cóipchirt leis an gcruthaitheacht agus leis an ealáion mar do dtugann siad geallúint don ealaíontóir go mbeidh sé in ann a bheatha a thuilleamh lena chuid oibre.

Ach tá cearta eile le cosaint sa réimse seo chomh maith. Níl an cóipcheart féin gan teorainn.

Tríd is tríd, meastar go bhfuil sé réasúnta go mbeadh cosaint chóipchirt ag an údar, agus ag a eastáit ar feadh tréimhse áirithe tar éis a bháis, ach tagann an lá go mbíonn deireadh leis. Ansin bíonn an saothar sa bhfearann poiblí, cuid de oidhreacht chomónta ealaíne an chine daonna, agus cead ag cách é a roinnt agus a chóipeáil, agus oibreacha eile a bhunú air.

Is rud an-thabhachtach é an fearann poiblí, agus tá mór-oibreacha oidhreachta ar fáil do chách gan srian dá bharr.

Ach tá deacrachtaí ann nuair nach bhfuil sé soiléar cé leis an cóipcheart ar shaothar cruthaitheach - nó an bhfuil sé fós i bhfeidhm. Tugtar oibreacha díleachta ar a leithéid - agus síleann daoine áirithe go bhfuil sé in a bhac mór ar roinnt agus cur chun chinn an léinn agus na h-ealaíne nuair atá oibreacha ar chóir a bheith saor ó chóipcheart faoi ghlas toisc go bhfuil foilsitheoirí in amhras fúthu.

Tá bille á phlé i Meiriceá faoi láthair: Orphan Works Bill 2008. Má reachtaítear ina dhlí é, cuirfidh sé ar chumas foilsitheoirí ábhair a athfhoilsiú má tá iarracht réasúnta déanta acu an t-úinéar a aimsiú. Má aimsítear an t-úinéar i ndiaidh an athfhoilsithe, beidh sé i dteideal a sciar a éileamh, ach ní bheiodh sé i dteideal damáistí píonósacha.

I ré seo na cumarsáide, tá deis iontach ann seoda clasaiceacha na h-ealaíne a chur ós comhair an phobail. Tá tograí ar siúl ag leithéidí Chartlann an Idirlín (archive.org) chun leabhair atá saor ó chóipcheart a scanáil agus a chur ar fáil do phobail ar fud an domhain. Tá "bookmobile" acu atá in ann taisteal áit ar bith agus do rogha ó 20,000 leabhar sa bhfearann poiblí a íoslódáil ó shaitilít agus a chlóbhualadh ar an bpoinnte boise. Tá an "chóipeáil" athraithe go mór ó ré Cholmcille agus a chuid lámhscribhinní. B'fhéidir go ma chóir an cóipcheart a leasú chomh maith?

2 Freagraí:

Arsa Blogger BryanFeeney ...

Thug TD dár ainm Thomas Babbington Macaulay óráid den scoth faoin ábhair seo don dáil Briontanach i mbliana 1841; is féidir í a léamh anseo: http://www.kuro5hin.org/story/2002/4/25/1345/03329


Mhínigh sé go raibh an cóipceart ina shaghas cáin, agus, dár bharr, bhí sé tabhachtach cothrom a chuir i bhfheidhm idir cearta na chumadóirí agus cearta an phobail. Tá sé suimiúl go bhfuil na rudaí céanna á phlé againn faoi láthar, beagnach céad 's caoga bliana níos déannaí

13 June, 2008 11:14  
Arsa Blogger Conn ...

An-shuimiúil go deo a Bhryan! Go raibh maith agat!

13 June, 2008 15:04  

Post a Comment

<< Home