Friday, May 02, 2008

An gréasán séimeantach

Scríofa ag Conn...

Roinnt seachtainí ó shin, scríobhas faoi na gluaiseachtaí móra i dteicneolaíocht na faisnéise atá ag múnlú idirlíon an todhchaí - agus an saol mór in éineacht leis. Luaigh mé leathnú an leathanbhanda, an fhorbairt sa chumarsáid soghluaiste agus an dul chun cinn i gcumhacht na ríomhairí féin - rud a chiallaíonn go bhfuil ríomhairí níos cumasaí inár bpócaí anois ná mar a bhí ar roicéid Apollo a chuaigh go dtí an ghealach.

Scríobhas alt iomlán ar ghné eile: an t-idirlíon sóisialta. Inniu teastáionn uaim díriú ar an gcúigiú gné a bhí luaite agam: an Gréasán Séimeantach.

Gabhaim párdún as na focail neamhchoitianta atá in úsáid inniu agam. Ní h-aon sólás é go bhfuil na focail sin i mBéarla díreach chomh neamhchoitianta céanna. Táim buíoch, arís eile, don suíomh focal.ie, agus sa chás seo don bhFoclóir Ríomhaireachta is Teicneolaíocht Faisnéise atá mar chuid de bhunachar an tsuímh sin.

Ciallaíonn an focal "séimeantach", "bainteach le brí agus ciall". I gcúrsaí ríomhaireachta tuigtear go bhfuil an t-uafás faisnéise stóráilte ar dhioscaí crua, i mbunachair sonraí, foilsithe ar leathanaigh idirlín srl. Ach is cuma cé mhéid eolais atá agat mura bhfuil fhios agat cad leis a bhaineann sé. Níl aon mhaith i liosta focal mura bhfuil fhios agat an liosta siopadóireachta é, nó liosta ainmneacha daoine, nó tomhais cuirtíní.

Ach cad í an fhadhb a deir tú? Nach bhfuil fhios ag an saol an difríocht idir liosta daoine agus liosta siopadóireachta? Bhuel tá fhios ag daoine cén difríocht idir na saghasanna éagsúla sonraí seo - mar tuigimíd na focail (má tá tuiscint againn ar an dteanga ina bhfuil siad scríofa).

Ach níl 'fhios ag ríomhairí. Níl rud ar bith níos aineolaí ná ríomhaire i ndáiríre, agus ní foláir gach rud a mhíniú dó. Mar sin má tá tú ag iarraidh ar ríomhaire rud éigin ciallmhar a dhéanamh le do chuid sonraí, ní mór duit a insint dó cén saghas sonraí atá i gceist.

Samhlaigh leathanach próifíl ar líonra sóisialta ar nós Bebo nó Facebook. Tugtar ainm an duine, leasainm, aois, baile, liosta na rudaí a thaitníonn leis, srl. Nuair a léann duine an leathanach sin, tuigeann sé an brí ar leith atá ag gach mír ar an leathanach. Ach nuair a léann ríomhaire é - ní fheiceann sé ach sraith d'aonacha agus neamhníonna.

Is féidir a insint don ríomhaire cén cód ina bhfuil na h-uimhreacha seo, mar shampla go seasann na h-uimhreacha do charachtaeírí teács de réir cód éigin ar nós ASCII (American Standard Code for Information Interchange) nó Unicode. Ach fós féin ní dhéanfaidh an ríomhaire idirdhealú idir ainm dílis agus baile, ná fiú idir Ghaeilge agus Sanskrit mura dtugta tuilleadh eolais dó faoi na sonraí.

Tugtar "meatashonraí" ar na sonraí seo - "sonraí faoi sonraí", (metadata sa Bhéarla) agus cuireann siad go mór le cumas na ríomhairí obair ar ár son. Má thuigeann gach ríomhaire na córais chéanna chun cur síos ar shonraí, nochtaítear féidireachtaí nua. Ar mhaith leat a fháil amach cé mhéid daoine i measc do cháirde Facebook a bhfuil dúil acu i mbia síneach, mar shampla? D'fhéadfadh gnáthchuardach ríomhaire a fháil amach an bhfuil "bia síneach" scríofa ar a leathanach próifíl. Ach inseoidh cuardach séimeantach duit cé acu an bhfuil na focail sin scríofa ar an ngrá-liosta nó ar an ngráin-liosta acu!

Tá an-chuid taighde ar siúl faoi láthair ag iarraidh na prótacail séimeantacha seo a aontú, agus tá cuid den obair sin ar siúl anseo in Éirinn. Go deimhin tá ainm gaelach ar thogra amháin. Seasann an t-ainm SIOC do Semantically Interlinked Online Communities agus is iad taighdeoirí an Digital Enterprise Research Institute (DERI) i nGaillimh atá á fhorbairt. Ní h-aon timpiste é an t-ainm gaelach ach oiread. Tá baint aige le togra eile darb ainm SNEACHTA!

5 Freagraí:

Arsa Anonymous Anonymous ...

Níl a fhios agam an bhfuil an cumas atá mé chun a leagan amach anseo chuid den Ghréasáin Séimeantach, ach, táim ar bís ag feitheamh lena theacht. 'Sé atá ar intinn agam ná bheith in ann pictiúr a ghlacadh le ceamara, é a íoslódáil chuig mo ríomhaire agus é a chur isteach i gclár chuardach, mar eochair, chun gach rud a fháil amach mar gheall ar ábhar an phictiúir.

Mar shampla, má bhíonn éan i mo chlós ar mhian liom sonraí d'fháil ina leith. Nó má bhíonn fógra scríofa i dteanga nach eol dom, aistriúchán d'fháil, go pras, tríd m'fhón póca. Tá's agam go bhfuil rud éigin cosúil leis seo ag seirbhísí rúnda tíortha éigin, a d'úsáidtear chun aitheantas d'fháil ar scéimhlitheoirí, agus iad ag iarraidh teorainneacha a thrasnú, faoi cheilt.

Anois, uair a bhíonn ceamara i bpóca beagnach gach aon duine, nár chóir áis mar seo a chur ar fáil don ghnáthdhuine?

Táim ag feitheamh go mífhoighneach!!!

Proinsias

03 May, 2008 05:36  
Arsa Blogger Brid Maloney ...

Tuigim duit a Phroinsias, ach nach gcaithfidh muid smaoinemah faoi cúrsaí slándála agus ceart an duine rudaí áirithe a choinneáil príobháideach anseo?!

07 May, 2008 11:29  
Arsa Blogger Conn ...

An cumas atá tú ag cur síos air a Phroinsias, ní h-é sin go díreach an rud atá i gceist leis an ngreásán séimeantach - go fóill ar aon nós.

Ach 'sé atá i gceist leis ag an am seo ná struchtúir a chur i gcrích le gur féidir le daoine na meatashonraí a chur leis an bpictiúr.

Sampla is ea an suíomh Flickr. Is iad na meatashonraí an cur síos a chuireann tú le pictiúir a fhoilsíonn tú ann. Is meatashonraí ar leith iad na lipéid nó na clibeanna ar féidir leat a chur leis an bpictiúr chomh maith - mar a dheinimse go minic le altanna anseo chomh maith - cúpla focal a roghnú a dheineann cur síos maith ar ábhar an ailt.

Mar a tharlaíonn sé, bhí úrchomhlacht teicneolaíocht bliain nó dhó ó shin darb ainm Riya a dhein iarracht seirbhís a chur ar fáil bunaithe ar bhogearra a aithníonn aghaidheanna ... Níor éirigh leo agus anois tá siad dírithe ar ghnó eile. Ach, an bhfuil fhios agat? Sílim go bhfuil scéal ansin do cholún iomlán eile ... :)

09 May, 2008 10:45  
Arsa Anonymous Anonymous ...

A Choinn 's a Bhríd,

Go raibh maith agaibh, beirt, as bhur bhfreagraí. Silim go mbeadh gá le "loighic doiléir" (fuzzy logic) a úsáid chun an éacht a bhfuilim ag iarraidh a chur i gcrích.

A Bhríd, ní raibh ar intinn agam leis an sampla a thugas ach eiseamláir den tseirbhís atá ann faoi láthair. Aontaím leat go mbeadh a lán daoine in éadan pictiúirí d'aghaidheanna a úsáid san chaoi seo, mé féin ina measc. Ach, i leith beagnach gach rud eile, bheadh sé sin go iontach!

Is breá liom bhur n-altanna shuimiúla...

Proinsias

10 May, 2008 06:33  
Arsa Blogger Unknown ...

A “Louis Vuitton bag Inventeur” logo bowl is placed on the foreground forth with a advertisement covering abode tag. Use it as a carryon bag for an island get abroad or bank bag for summer lovin’ gal. Dimensions are 16.5? L x 14.1? H x 3.7? W. The exoteric straps accord off a abyssal feel while the aureate metal accouterments offers a aesthetic touch.

23 November, 2010 05:19  

Post a Comment

<< Home