Thursday, April 24, 2008

Caidreamh Sóisialta

[Ní raibh alt i Lá Nua an tseachtain seo agam, ach seo dhaoibh alt na seachtaine seo chaite! Tá cúrsaí anseo ag feabhsú, de réir a chéile - agus buíochas le Bríd! :) Dála an scéil, beidh scéal nua le nochtadh againn anseo i gceann coicíse ... ;) ]

Dheineas iarracht an tseachtain seo chaite, míniú éigin a thabhairt ar an gcúis go gceaptar go bhfuil idirlíon nua againn faoi láthair - idirlíon ar fiú ainm nua a thabhairt air, mar atá á dhéanamh ag saineolaithe teicneolaíochta leis an téarma “Web 2.0”.

Na cúinsí sin a luaigh mé: leathanbhanda, soghluaiseacht agus cumhacht na ríomhairí pearsanta (agus póca) - tá siadsan tabhachtach - ach teastaíonn uaim inniu díriú ar ghné fíor-shuntasach: an gné sóisialta.

Is idirlíon sóisialta atá i gceist le Gréasán 2. Tá sé maith a dhóthain a bheith ag léamh altanna agus ag féachaint ar fhíseáin ach níl ach méid áirithe ama a mbeidh duine sásta ábhar a shú isteach go fulangach ar nós práta toilg! Iarrann Greásán 2 ort a bheith gníomhach agus páirt a ghlacadh. Bhí gnéithe de sin riamh againn leis na cláir phlé, ach tá sé i gcroílár an ghreásáin nua seo le leithéidí Bebo, MySpace, Facebook, YouTube agus araile.

Feictear tabhacht na suíomhanna nua seo nuair a chuirtear san áireamh an méid ama a chaitheann daoine orthu. Ní leasc le daoine óga, ach go h-áirithe, 2 nó 3 uair a chloig a chaitheamh, uaireanta, ar an idirlíon.

"2 nó 3 uair a chloig, a deir tú?! Ní fhéadfadh sin a bheith sláintiúil."

B'fhéidir nach bhfuil sé sláintiúil - ach cad é an méid ama a chaith tusa aréir i do chnap sínte ós comhair na teilifíse?

Go deimhin is ag tréigint na teilifíse atá cuid des na daoine óga seo. Ní h-é sin le rá nach bhfuil siad ag féachaint ar fhíseáin cheoil, ar shobaldrámaí agus fiú ar scannáin iomlána. Ach is ar leathanaigh idirlín a gcáirde a aimsíonn siad na h-ábhair seo. Níl siad ag roghnú a gcuid ábhar siamsaíochta ó na sceidil a fhoilsíonn na craoltóirí, ach ar fhocal a gcuid cáirde féin. Tá an t-ábhar a gcuireann siad suim ann scagtha ag gréasán a gcáirde - pléite, molta, cáinte, scaipthe - agus é in a dhlúthchuid den gcaidreamh sóisialta a eascraíonn ar dtús as an gcaradas sa bhfíor-shaol, agus a fhorbraítear i mbealaí éagsúla ar ghréasáin an nua-idirlín.

Bhaineas úsáid cheana as físeáin eolais ó commoncraft.com, chun míniú deas éifeachtach a thabhairt ar choincheapa idirlín, agus sílim nár mhiste é a dheánamh anseo arís. Má thugann sibh cuairt ar imeall.com ar maidin tá súil agam go maithfidh sibh dom an Béarla sa bhfíseán "Social Networking in Plain English". Níl ann ach cúpla nóiméad, ach tugann sé léiriú fíor-mhaith, im' thuairimse, ar na féidireachtaí a nochtaítear nuair a bhainimíd úsáid as an nGréasán Sóisialta chun ár gcuid ceangailtí sóisialta a nochtadh dá chéile.

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home