Thursday, May 08, 2008

Ábhar cainte ar na mblaganna: imeacht Bertie

Scríofa ag Conn agus foilsithe in eagrán an lae inniu in Lá Nua...


Bertie bocht! Bíodh is go raibh sé féin in ann deoir a ghol ós comhair an tsaoil, is cosúil nach bhfuil mórán daoine ag caoineadh ina dhiaidh! Port seinnte, óráidí tugtha agus ar aghaidh linn.

Bhuel, níl na blagadóirí buartha faoi ar aon nós. Nílim a rá gur dheineas taighde doimhin sa scéal, ach ní rabhas in ann aon duine a aimsiú nach raibh sásta go raibh sé imithe.

Cad a d'imigh ar Bhertie na ndaoine? An Taoiseach Teflon? Bhí gach éinne ceanúil air - nach raibh?

Sílim féin gur chuidigh Gift Grub leis an íomhá pearsanta a chothaigh sé le linn a thréimhse cumhachta. "Duine beag maith go leor", mar a deireadh cara liom faoina leithéidí. Bertie? - dheara níl aon dochar ann!

Ach ní raibh gach duine den tuairim chéanna. Tá alt suimiúil ar an mblag greeninkpen.blogspot.com ina gcuireann an t-údar an cheist: "cén uair a thosnaigh tusa ag tabhairt fuatha do Bhertie?"

Luaitear blag eile san alt sin, publicenquiry.eu. Bhí Anthony, údar an bhlag sin chomh tógtha le h-alt le Eamonn Sweeney sa Sunday Independent, ag cur síos ar Bhertie mar phusachán, gur athfhoisligh é sé ina iomláine é.

Sa bhlag céanna, tuairiscíonn Anthony go raibh iontas ar Sam Smyth ar Today FM, gur dhein pobal Mheiriceá neamhshuim de chamchuairt Bhertie agus dá aitheasc ós comhair theachtaí an náisiúin sin i Washington. Cad is fiú an mór is fiú?

Ní miste féachaint ar shuíomh cuardaigh na mblaganna, technorati.com, go bhfecifidh tú cad faoi a bhfuil na daoine ag caint i Meiriceá. Tá Britney Spears chun tosaigh ar John McCain i liosta na n-ábhar atá á bplé. Hilary agus Obama chun tosaigh ar an mbeirt acu ó thaobh líon na n-alt ag caint futhu. Ní nach ionadh go bhfuil siadsan taobh le taobh sna cairteanna comhrá seo - ní luaitear duine acu gan a chéile comhraic!

Cruinníonn memeorandum.com na mórscéalta ó na blaganna agus deineann a chuid ríomhairí ainilís ar na focail a luaitear iontu agus ar na h-altanna a dheineann tagairt dá chéile le nascanna idirlín. Ansin cuirtear i láthair ar an bpríomhleathanach, in órd de réir tabhacht agus údarás na mblaganna ar a bhfuil siad foilsithe.

Suíomh a bhfuil cáil ar leith air ná digg.com. Tugann sé deis do dhaoine vóta a chaitheamh ar na scéalta is ansa leo - agus sin é a shocraíonn cé chomh h-ard ar an leathanach a bhíonn an scéal.

Tá tóir ar Digg is measc an aosa óig ach go h-áirithe, mar sin tá níos mó Britney ná Barack ar an suíomh sin. Ach níl oiread agus alt amháin ag tagairt do Bhertie!

Ach tá go leor cainte faoi ar politicsinireland.com. Tá na mílte alt anseo, cruinnithe ó bhlaganna Éireannacha agus rangaithe ina gcatagóirí de réir ainm an pholaiteora, páirtí agus dáilcheantar. Níl aon easpa cainte faoi Bertie. An t-aon rud atá in easnamh ná deora.

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home