Sunday, February 20, 2005

Seo mar a cheanglóidh tú do charbhat

Bhíos i siopa eadaí fear an lá cheana ag baint triall as léinte sa tseomra feistis nuair a thugas fé ndeara fógra ar an bhfalla os mo chomhair. "Seo mar a cheanglóidh tú do charbhat" a d'fhógair an ceannteideal i nGaeilge ar bharr an leathanaigh A4. "An-mhaith!", arsa mise ag caitheamh súile air. Ach bhí ionadh orm nuair a chonac nach caipéis dátheangach a bhí ann, ach ceann i nGaeilge amháin. Bhí treoracha ann do cheithre shnaidhm éagsúil - an Windsor agus an Leath-Windsor ina measc. Ach ní raibh oiread agus focal i mBéarla ann.

Carbhait Dhún na nGall is ainm don chomhlacht a scríobh na treoracha iontacha aonteangacha seo, agus, dar ndóigh, cuireann siad rogha deas carbhat ar fáil chomh maith!

Árdaíonn sé mo chroí (go h-árda na bhFlaitheas ;-) ) a leithéid seo a fheiscint! Cuimhním ar Dhara Ó Cinnéide agus ar a óráid ghlactha do Chorn Sam Maguire. Agus ar shuarachán Chill Áirne a dúirt le tuairisceoir an Irish Times gur léirigh an Cinnéideach "very bad form" nuair a thug sé an óráid i nGaeilge amháin.

Ní h-amhlaidh go raibh Captaen Chiarraí ag nochtadh rúndiamhair ar leith dá lucht tacaíochta an lá sin. Buíochas do lucht bainistíochta, urraíochta agus tacaíochta; agus trí liú do fhoireann na gcaillteoirí. Tá sé cloiste chomh minic againn cheana: "Tá an-áthas orm an corn seo a ghlacadh ... there's been a lot of talk ... it's been a long road ... three cheers ... hip-hip ... gurameelamahagiv"

Ní dúirt an Cinnéideach faic difriúil o thaobh substainte de, ach ba bhinn deisbhéalach an casadh a chuir sé ar na sean-dheasghnátha céanna. Ach má dhein, chuir se an gobh ceart ar leithéidi fear Chill Áirne. Ghoill sé air san gur tugadh aitheantas don nGaeilge mar theanga beo a bhfuil sé de cheart aici seasamh in a h-aonar, gan dísbeagadh an aistriúcháin lena h-ais. Tá an ghráin ag leithéidí an duine seo ar an nGaeilge agus is deas leis a shámhlú gur teanga saghas "neamh-iomlán" í. Is ábhar sóláis dó an t-aistriúchán Béarla a fheiscint in éineacht leis an nGaeilge i gcónaí, mar tacaíonn san lena thuairim "ná tuigeann éinne an diabhal teanga san ar aon nós". Is buille sa phus é dá leithéidí nuair a labhrann Dara Ó Cinnéide amach le misneach agus mórtas, agus é cinnte, dearfach, lán-mhuiníneach go bhfuil a phobal ag éisteacht agus ag sú gach aon fhocal Gaelainne a labhrann sé.

Mar sin, le teann buile agus droch-mheasa, maíonn an suarachán go bhfuiltear ag déanamh leatrom ar a chearta daonna, agus gur "very bad form" atá léirithe ag captaen fhoireann a chontae. "Very bad form"? Mo náire thú, a shuaracháin ghránna, á chur san i leith fir nar sparáil a chroí ná a anam agus a d'aimsigh 8 gcúilín a fhad is a bhí tusa suite ar do thóin i dtabhairne ar bhóthair Mhuc Rois, ag léamh an "News of the World" agus ag ligean ort go rabhais ag tabhairt tacaíochta do pheileadóirí an chontae ar scáileán na teilifíse. 'Sea sin í an tacaíocht a bhi le brath i bPáirc an Chrócaigh!

Mar a dúirt, bheadh cúis éigin ghearáin ag an suarachán da mba rud é go raibh ábhar tromchúiseach práinneach i ráiteas an Chinnéidigh an lá san. Fiú da mbeadh, ní chaithfeadh sé fanacht ró-fhada go gcuirfeadh duine éigin Béarla air dó. Ní raibh an oiread tabhachta san óráid chun go ndéanfadh sí leatrom ar chearta an Bhéarlóra. Ach bhí tabhacht a dóthain inti go dtug sí ardú meanman don teanga álainn inar tugadh í, teanga a thaispeáin iomlán a h-áilleachta ar an ócáid, nuair ar ligeadh di seasamh ina h-aonar os comhair an tsaoil, amach o scáil "Big Brother" an Bhéarla.

Agus tá an rud céanna fíor faoi charbhait, chomh maith!

2 Freagraí:

Arsa Anonymous Anonymous ...

Dheineas iarracht an nasc do 'óráid ghlactha Dhara Uí Chinnéide' a oscailt ach, mo léan, ní osclódh sé dom. Meastú an bhféadfá téacs na hóráide a chur in airde? Míle buíochas

05 September, 2006 13:05  
Arsa Blogger Conn ...

Faraoir, a chara, mura bhfuil an nasc sin ag obair a thuilleadh, níl aon fhoinse eile agam don óráid sin.

Is cosúil go bhfuil an suíomh sin ar lár anois - is trua.

05 September, 2006 18:59  

Post a Comment

<< Home