Saturday, March 12, 2005

Gaeilge OK anseo? - Braitheann sé.

Cíorann clar ple beo ceist an Ghaeilge i siopaí agus caiféanna Gaelacha. Arsa Fear na gCrúb:
Bhuail mé féin isteach i gcaife Gaelach lá amháin agus bhí comhartha breá ann le uchtach a thabhairt dom an Ghaeilge a labhairt… “Labhair an Ghaeilge anseo”…. “dhá cheapaire sicín agus pota tae” arsa mise. “I’ve no chicken left, and that’s all the Irish I have too” arsa bean an tí.

Agus sin í an fhírinne! (ní luafaidh mé áit no ionad ar bith)

Agus bhí scéal mar sin ag Michal:
Luafaidh mise. Tharla a leithéid dom uair
amháin sa Bhananaphoblacht (an t-aon uair a bhí
mé ann) i nGaillimh

agus ceann agam féin:
Agus domsa chomh maith i mBananaphoblacht, tuairim is bliain o shoin. Cosúil leat féin a Mhichíl, b'shin í an t-aon uair riamh a bhíos ann, agus bhí díomá orm dá bharr, ach níor thógas orthu é. Meiriceánach óg a bhí taobh thiar den gcúntar an oíche chéanna, agus bhí ar an bhfear bocht a leithscéal a ghabháil as an easpa Gaeilge agus an easpa bídh a bhí aige: bhí sé déanach san oíche agus gan acu ach caife agus rudaí éadroma - cé go rabhas-sa ar thóir dinnéir.

Ach is cuma san. Tá a gcuid fógraí agus a mbia-chláir Gaeilge le feiscint ann, agus déarfainn dá mba am éigin eile é go mbeadh flúirseacht Gaeilge le clos ann. An rud is tabhachtaí ná go raibh sé soiléir go raibh fáilte roimh mo chuid Gaeilge ann! 'Sé sin le rá: níor bhraitheas ait ag baint triail as Gaeilge a labhairt leis. Níor bhraitheas go rabhas ag brú mo chuid Gaeilge air, ná ní rabhas maslaithe nuair ná raibh sé in ann mé a fhreagairt. Sampla is ea é seo do "chuirtéis teanga" - tréith a bhíonn le sonrú áit a mbíonn sochaí ilteangach aibí. (Ar chuala éinne agaibh Neasa Ní Chinnéide ó Bhiúró Eorpach na dTeangacha Neamh-Fhorleathana ag caint faoi seo ar "An Saol ó Dheas", RnaG le linn na seachtaine? Caint an-stuama agus dochasach maidir le todhchai na teangan. An-shuimiúl.)

Mar sin, fair play do Alex Hijmans, agus go maire sé a ghradam ó Ghaillimh le Gaeilge. Agus maith iad Bríd Ní Chonóile agus foireann G-le-G. Tá a rian fágtha ar ghnúis na cathrach ag an sár-obair atá curtha isteach acu leis na blianta.

Ar deireadh, tá pointe suntasach ag An chuileog ar an mballa maidir leis an leisce a bhíonn ar mhuintir na Gaeltachta Gaeilge a labhairt le stróinséirí:
Chaithfeá Gaeilge / Gaelainn / Gaelaic a bheith agatsa féin ag leibhéal an chainteoir dúchais -- árdchaighdeán Gaeilge agus í líofa blasta agat -- sula labhródh muintir na Gaeltachta a dteanga phríobháideach féin leat agus tú i do stróinséir acu. Chaithfeá-sa do chumas Gaeilge a léiriú i dtosach. Ní cur i gcéill ná gallamaisíocht acu sin í an Ghaeilge ach a dteanga teaghlaigh féin agus ní mian leo bheith badaráilte le lucht cúpla focal, daoine a thiocfadh isteach ag Béarlóireacht eatarthu féin agus ansin ag caitheamh cúpla focal Gaeilge le "muintir na háite" le gaisce a dhéanamh os comhair a gcairde. B'fhéidir nach náire atá orthu ach bród.

Thagair Neasa Ní Chinnéide don nós seo chomh maith agus í ag caint le Mícheál Ó Sé, Déardaoin. Dúirt sí go mba mhór an dainséar don teanga dá gcúlódh sí isteach sna cistiní príomháideacha, agus mura cloisfí í á labhairt go poiblí. Mar a dúirt, an-chaint a bhí ann, agus an-ghríosadh d'aon duine ar chúis leo cur chun cinn na Gaeilge i saol na linne seo. Is trua ná coimeádann RnaG ach an t-aon leagan amháin is déanaí dá gcuid cláracha ar a suíomh idirlín. Tá an comhad fuaime sábhálta agam féin, b'fhéidir go mbeinn abálta blúire dó a chur ar fáil anseo, ach n'fheadar cad iad na ceisteanna cóipchirt a bhainfeadh leis sin a dhéanamh?

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home