Saturday, March 12, 2005

Úirlisí na blagála

Ní mór an t-achar é ón uair ná raibh tuairim agamsa cad í an chiall a bhain leis an bhfocal "blog", agus fós féin braithim go bhfuil printíseacht fhada romham sa cheird seo. Ón méid atá feicithe agam, is dócha go bhfuil formhór phobal na blagála ag foghlaim leo ar an gcaoi chéanna, agus sinn go léir ag dul i dtaithí ar fhéidireachtaí suntasacha an chaidrimh seo idir stróinséirí.

Roghnaíos blogger.com mar gur dóigh liom gurb é is fusa le n-úsáid, go h-áirithe don nuíosach. Táim thar a bheith sásta leis, ach mar sin féin, do thugas fé ndeara ón dtús go bhfuil éagsúlacht mhór uirlisí in úsáid ag an bpobal i gcoitinne. Ach go h-áirithe, tá cuid des na blaganna is fearr liom ag baint úsáide as an gcóras Moveable Type. Mar aon leis sin, úsáideann roinnt mhaith daoine bun-sheirbhís Blogger.com, ach in ionad an bun-chóras dos na freagraí úsáideann siad córas Halo. De réir cosúlachta, tá buntáistí leis seo, ach go h-áirithe sa mhéid is go tacaíonn Halo le "Trackback" (féach anseo, leis), rud a chothaíonn an caidreamh idir bhlaganna.

Táim ag smaoineamh ar Halo a chur i bhfeidhm anseo, agus b'fhéidir cúpla leasú eile (pictiúirí, mar shampla) de réir mar a bhím ag foghlaim. Ní saothar aon lae a bheidh ann, pé scéal é. Má tá moltái nó tuairimí agaibh i dtaobh na gcóras is fearr, abraigí libh!

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home