Sunday, June 05, 2005

na tithe ina bhfuil na taiscí focal i bhfolach

Buíochas do Pete Baker ag Slugger O'Toole a dheineannn tagairt don alt aoibhinn seo le Ciarán Carson in Guardian an lae inné, ina ndeineann Carson cur síos ar an obair a bhí aige a aistriúchán nua-fhoilsithe ar Chúirt an Mheán Oíche a chur le chéile. Tá rudaí fíor-shuaithinseacha le rá aige ar an ndá-theangachas agus ar an aistriú. Deir sé go raibh sé ag fánaíocht ar theorainneacha an Bhéarla agus na Gaeilge - rud a léirigh dó a easpa cumais sa dá theanga. Ní h-aon iontas an méid sin do aon duine a chaitheann saol dá-theangach thart ar na teorainneacha céanna.

Anseo ar an imeall, ní mór an cur amach a bhí agamsa riamh ar Mherriman ná ar a dhán cáiliúil go dtí le fíor-dhéanaí. Bhí fhios agam go dtagadh scoláirí le chéile faoi scáth na scoile samhraidh gach aon bhliain - ach ní raibh an dán fiú léite agam go dtí timpeall an ama seo anuraidh. Mar sin féin, cé gur suarach an tuiscint atá ag mo chloigeann neamh-oilte ar an mór-shaothar seo, aontaím le Carson ar chúpla rud ach go h-áirithe. Ar an gcéad dul síos: go bhfuil an Ghaeilge sa dán seo fáiscithe ag Merriman sa tslí go bhfuil sé teann le brí agus le ealaín. Tá deich bhfocal do gach brí - agus uaireanta deich mbrí ag gach focal. Agus bí ag caint ar an gceol atá ann - dúshlán eile don aistritheoir é sin a bhreith leis!

Agus an tarna rud: gur gaisce fíor-chróga é aon iarracht chun ealaín an dáin seo a léiriú i dteanga eile. Dar ndóigh ní h-é Carson an chéad duine a d-aistrigh. Tá an-fheidhm bainte agamsa as leagan Noel Fahey, atá curtha ar fáil aige ar an ngréasán.

Níl aon chuimhneamh agamsa léirmheas a dhéanamh ar scoláireacht na ndaoine seo. Níl cumas ná cáilíocht agam sna cúrsaí seo. Ach ní gá 'bheith i d'ollamh chun pléisiúr a bhaint as ealaín Mherriman - ná chun buíochas a ghabháil leo siúd a chabraíonn liom a theacht i dtír air.

Lipéid: ,

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home