Friday, January 27, 2006

#73: An Ceart agus an Chóir

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán LáTugadh rialú i bhfábhar cheathrar ballchomhlacht den Irish Recorded Music Association (IRMA) an tseachtain seo, i gcás a thugadar san Árdchúirt i mBaile Átha Cliath, ag iarraidh go gcuirfí iachall ar sholáthraithe seirbhísí idirlín, ainmneacha agus seolta 49 dá gcuid custamaeirí a nochtadh.

Nuair atá ríomhaire ceangailte leis an idirlíon, aithnítear é le h-uimhir shainiúil ar a dtugtar an seoladh IP. Tá an seoladh IP cláraithe don soláthraí seirbhíse, sa chás seo: Eircom, BT Communications Ireland Ltd agus Irish Broadband Internet Services Ltd. 'Sé tá á mhaíomh ag na comhlachtaí ceoil ná go raibh ríomhairí le seoltaí IP ar leith, ag amanna ar leith, ar a raibh comhaid cheoil curtha ar fáil mar chuid de sheirbhís riartha comhad, agus go raibh seo ag teacht salach ar an gcóipcheart sa cheol sin.

Tá ceisteanna casta anseo, a bhaineann le cearta maoine agus le cearta príobháideachais. Tá ábhar cainte ann dos na blagadóirí, a bhfuil cuid mhaith acu gníomhach ar son chúis na gcearta digiteacha. Díreach roimh Nollaig, seoladh eagraíocht nua dárb ainm Digital Rights Ireland, agus tá cur síos maith ar chás na Máirte seo chaite ar bhlag na h-eagráiochta sin, mar aon le alt ó mhí na Samhna a dheineann plé doimhin ar an gceist agus a mhíníonn na cúiseanna imní atá acu. Admhaítear go bhfuil cearta ag baint le maoin intleachtúil, ach deirtear nach cóir go ndéanfaí faillí ar chearta an phríomháideachais agus an cás á fhiosrú.

Ach dár le roinnt bhlagadóirí, ní h-iad riarthóirí na gcomhad amháin ar chóir a bheith buartha faoi IRMA. Dar le Bernie Goldbach, má dheineann tú cóip MP3 de dhlúthdhiosca atá ceannaithe agat féin, tá tú ag briseadh an dlí mar atá sé i bhfeidhm faoi láthair. Dhein sé cúis gáire dó nuair a thug sé cuairt ar Thaispeántas na n-Eolaithe Óga coicíos ó shin, áit a raibh na seinnteoirí MP3 go tiubh ag an aos óg agus iad in úsáid go h-oscailte i radharc na nGardaí!

Ach ní h-é sin an t-aon chúis mhagaidh amháin sa scéal. Tuairiscíonn údar an bhlag runningwithbulls.com, agus é ag déanamh tagairt don bplé ar boards.ie, gurb amhlaidh go bhfuil fógraí dá dtaispeáint ar na leathanaigh cuardach ar shuíomh idirlíon IRMA. Deamhan locht atá ar an méid sin ann féin - tá sé de cheart iomlán acu cúpla pingin a thuilleamh as an suíomh ar mhaithe leo féin agus a mballeagrais bhochta. (Is iad EMI Records Ireland Ltd, Sony BMG Music Entertainment Ireland Ltd, Universal Music Ireland Ltd agus Warner Music Ireland Ltd na comhlachtai a thug an cás cúirte an tseachtain seo.) An t-aon fhadhb atá leis áfach ná nach bhfuil na fógraí seo, a taispeántar ar a suíomh, roghnaithe ag IRMA. Fógraíocht Google Adsense/Adwords atá i gceist anseo, ina léirítear fógraí ar leathanach ag brath ar chomhthéacs ábhar an leathanaigh féin. Agus má chuardaíonn tú suíomh IRMA, ag lorg eolais ar an seasamh atá glactha acu in aghaidh na seirbhísí riartha MP3, gheobhaidh tú: fógraí do sheirbhísí riartha MP3 - cuid acu dleathach, b'fhéidir, ach an bhfuil siad go léir?

Spreag suirbhé an Irish Times agus an plé ar chúrsaí inimirce caint ar bhlaganna ar nós Planet Potato agus Most Sincerely Folks. Agus tá alt i nGaeilge ag an Spailpín tiomnaithe do Dhara Ó Cinnéide a d'fhógair go bhfuil sé ag éirí as an gcaid idir-chontae. Dár ndóigh is réalt de chuid Raidió na Gaeltachta an Cinnéideach chomh maith ach bhí díomá ar an bpodchraoltóir seo an tseachtain seo chaite, agus é ag léamh na n-agallamh sna meáin Ghaeilge le ceannaire úr an stáisiúin sin. Caithin a nochtóidh siad a bpleanannna podchraolta? Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

1 Freagraí:

Arsa Blogger Conn ...

Wow! An-shuimiúil go deo - agus tá Gaeilge aige! Go raibh maith agat, a Bhean!

27 January, 2006 17:15  

Post a Comment

<< Home