Friday, September 08, 2006

Imeall #170: Súile an Stróinséara

Tá an colún seo foilsithe sa nuachtán LáNasc díreach leis an gcomhad fuaimeTá an domhan ag cúngú. Sháraíomar na farraigí agus na h-aigéin sa chéad seo chaite, le forbairt an aer-thaistil. Ach fos féin, ní raibh ach fíor-bheagán in achmhainn leas a bhaint as. Ba phribhléid ar leith é tailte iasachta a shiúil. Sin í an chúis go mbíodh - agus go bhfuil fós - oiread éilimh ar an gcúntas taistil: an travelogue.

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FMTá meas i gcónaí ar despatches an taistealaí. Agus is módh iontach í an bhlagadóireacht chun iad a sheoladh. Go deimhin, is ar thaisteal is mó a chuimhníonn daoine nuair a chloiseann siad faoi bhlaganna don gchéad uair: “Ó – dá mbeifeá ar laethanta saoire …”.

Ach ní h-é amháin go mbeadh suim ag an dream ag baile in eachtraí a gcomrádaithe thar lear – tá léargas an-mhaith le fáil ag aon duine ó shúile an stróinséara ina dtír féin.

Mar a bheifeá ag súil leis, is Meiriceánaigh iad formhór na mblagadóirí iasachtacha anseo in Éirinn. Tá ceann sean-bhunaithe ag irisheagle.blogspot.com faoin bhfo-theideal “Life without baseball”.

Ní foláir go bhfuil mianach éigin sa duine a chuireann faoi thar lear, nó b’fhéidir gurb é an gníomh sin ann féin, a chuireann lena gcumas cruthaitheach. D’fhéadfadh gur míniú é sin ar ealaíon neamh-choitianta an Mheiriceánaigh Jett Loe, údar an phodchraolaidh Letter to America a deintear i mBéal Feirste. Tá teorainneacha na podchraoltóireachta casta as a riocht ag samhlaíocht Jett le cúpla mí anuas. Tá sé ag spraoi lena lucht éisteachta i gcónaí. Cad í an fhírinne? Nach cuma leatsa? Bain taitneamh as an seó.

Tá mór-fhorbairt déanta ar phodchraoltóireacht na hÉireann ag Meiriceánach eile i gcaitheamh an tsamhraidh seo, agus cuspóir an oideachais mar spreagadh aige. Tá Bernie Goldbach ina léachtoir ag Institiúd Thiobrad Árann, agus is é atá i bhfeidhil an tsuímh podcasting.ie. Na mic léinn san ilmheán a bheidh i mbun oibre ar an suíomh i gcaitheamh na bliana acadúla, bainfidh siad tairbhe as na podchraoltaí seo mar áiseanna foghlamtha, agus foghlaimeoidh siad féin conas an teicneolaíocht úr seo a chur i bhfeidhm mar scil oibre.

Ag caint ar phodchraoltóirí, is mór an spórt a bheith ag éisteacht leis an Podfather na laethanta seo. Tá dearcadh an eachtrannaigh ina ábhar siamsaíochta ag an Meiriceánach Adam Curry agus ag a bhean Patricia ón Ísiltír, anois go bhfuil siad buailte fúthu i nGuilford Shasana. Is aoibhinn leo Sasana, agus muintir na tíre sin – ach ní fheadar siad ach go bhfuil córas díolta tithe na tíre sin ina mearbhall gan chiall! Cad déarfaidís le hÉirinn?

Is díol suime ar leith é dearcadh an eisimircigh a fhilleann. Tá tobar smaointe i mblag an údair Dermod Moore le roinnt seachtainí anuas, agus é tar éis filleadh ar chathair a dhúchais, Baile Átha Cliath, i ndiaidh 13 bliana.

Agus dár ndóigh, tá ceangal láidir á chothú idir Éirinn agus an Pholainn na laethanta seo, agus na mílte oibrí Polannach ag obair inár measc. Cad é a meas ar Éirinn? D’fhéadfá é a léamh ar bhlag le Krystian Kozerawski.

Is ionadh le Krystian nach gcuireann níos mó Éireannaigh suim ina dteanga dúchais. Deir sé go mba mhaith leis Gaeilge a fhoghlaim. Agus níl sé in a aonar. Tá Ann ó Mheiriceá tugtha faoi go fonnmhar mar atá údar an bhlag rubrication.net. An t-aon fhadhb atá ag na daoine seo leis an nGaeilge? Éireannaigh a aimsiú atá ábalta, agus sásta, í a chleachtadh leo.

Cá bhfuil na Gaeilgeoirí go léir? Ag blagadóireacht!
  • Seo an podchraoladh deiridh i sraith seo an Imill. Ach bígí ag faire an leathanaigh seo! Seolfar suómh An Líonra Sóisialta le nasc ón suíomh seo Dé Luain.
  • Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: Woman from Tokyo le Deep Purple.
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

2 Freagraí:

Arsa Anonymous Anonymous ...

Go raibh maith agat.. for mentioning me. Unfortunately I can understand only a few words of your post.

le gach dea-mhéin!
Krystian "MacKozer" Kozerawski

12 September, 2006 11:32  
Arsa Blogger Conn ...

Tá fáilte romhat Krystian! You're welcome!

This weeks article was inspired by the fact that many of the blogs and podcasts I've enjoyed recently have something in common: they all offer an "outsider's view" on their surroundings. That goes for you, for the Currys trying to buy a house in England, and even for Dermod, returing to his native city after 13 years.

Good luck with your Irish studies! Ádh mór!

12 September, 2006 22:40  

Post a Comment

<< Home