Tuesday, January 30, 2007

Fuath

Tá an t-alt seo foilsithe inniu sa nuachtán Lá Nua."Hate hate hate knackers" an maíomh a léigh mé ar phróifíl Bebo.

Is fánach an rud a bhaineann siar asam agus mé ag spaisteoireacht ar an idirlín. Níl mórán nach bhfuil feicthe agam, ná níl aon easpa deiseanna chun tuairimí a léamh atá contráilte go maith leis an ndearcadh atá agam féin. Ach is cuma chomh minic agus a chím é, ní bhím riamh ullamh don bhfuath.

Bhí comhrá agam le sean-chara ó na meáin traidisiúnta timpeall an ama seo anuraidh. Tá sé amhrasach go maith faoi bhlaganna agus faoi na meáin nua idirlín seo. "An rud a chuireannn as dom", deir sé, "gur féidir le h-aon duine aon rud a rá."

Ball den "sean-scoil" is ea mo chara. Tá caighdeáin iriseoireachta den gchéad scoth aige agus taithí ar shaol eile ar fad: saol na n-eagarthóirí.

Sinne a bhfuil taithí níos mó againn ar na sean-mheáin, baineann sé geit asainn an fuath lom a fheiscint i gcló, gan leithscéal, gan náire, gan mhíniú. Cuireann sé iontas ormsa chomh minic agus a chím sa tslí sin é, ar leathanach idirlín, i mblagmhír nó i dtráchtaireacht ar bhlag.

Dá óige an scríobhnóir is cosúil gur mó an seans nach gcuirfidh siad srian ar bith orthu féin agus iad ag roghnú leasainmneacha maslaitheacha chun cur síos a dhéanamh ar aicmí nó ar chiníocha eile, agus dá bharr sin is ar Bebo atá na samplaí is measa ciníochais agus droch-íde. Tá obair mhaith déanta ag blag na ráflaí Blogorrah chun samplaí den anabaíocht seo a thabhairt cun solais. Bhain siad an-spórt ar feadh tamaill as mír ar ar thugadar "Bebo an lae".

Ní h-é nach raibh na focail seo in úsáid go forleathan an an aos óg nuair a bhíos ar scoil 20 bliain ó shin. Bhíomarna chomh maslaitheach, chomh h-aineolach agus chomh h-anabaí céanna - 'sea agus níos measa b'fhéidir. Ach bhí difríocht mhór amháin ann. Ní chífeá na focail sin scríofa ach in aon áit amháin: ar dhoras an leithris. Agus is cinnte nach mbeadh sé de dhánaíocht ag éinne a ainm a shíniú leo, gan trácht ar a phictiúir agus liosta dá cháirde.

Ní h-aon chúis mhaíte é cinnte, gur fearr le mo ghlúinse an fuath a choimeád faoi cheilt. Tá malairt tuairime ag an bpodchraoltóir Adam Curry. "Bring it on" a deir sé i dtaobh an tsaghas ciníochais a léiríodh in aghaidh an aisteora Shilpa Shetty i dteach Big Brother. Cloiseann sé an saghas sin magadh ciníoch gach lá i Sasana, deir sé, agus síleann sé gur fearr don tsochaí é a admháil. Níl sé go hiomlan cinnte gurb ionann magadh faoi stíl labhartha duine agus ciníochas i ngach cás, ach measann sé gur chóir go mbeadh sochaí aibí oscailte ilchultúrtha ábalta an cheist a phlé ós ard.

Tá súil agam go bhfuil an ceart aige. Chuir cuid den méid a scríobhadh ar bhlaganna Éireannacha tráth na breithe i gcás Phádraig Nally scannall mór orm. Tá sciar maith den bpobal nach bhfuil de argóint acu ach an fuath.

Tá dream eile a shéanann an fuath agus an ciníochas, ach a deir nach maith leo "political correctness". Ní thuigeann siad nach bhfuil sa chirte pholaitiúil ach dea-bhéasa, agus tá siad ag séanadh an meas is dual don gcine daonna lena gcuid leas-ainmneacha tarcaisniúla. An mbeidís sásta na téarmaí sin a úsáid os comhair na ndaoine seo? Tá sé suimiúil an méid tráchtairí ar bhlaganna a bhí lán cinnte de gur le baill dá dtreibh féin amháin a bhí siad ag caint ar an gcúis "nach mbaineann knackers úsáid as ríomhairí".
  • Faraoir, ní raibh seans agam fós podchraoladh a dhéanamh. Tá súil agam go mbeidh ceann anseo amárach.
  • Rogha Ceoil Phodslán na Seachtaine: Shine le Rachel Fuller. Tá podchraoladh físe ag Rachel, in éineacht lena leannán Pete Townshend, ag intheattic.podshow.com. Beidh sé le clos i bpodchraoladh an lae amáirigh.
Lipéid: , , ,

12 Freagraí:

Arsa Blogger Séamas Poncán ...

Cé hiad 'knackers?'
Ní aontaím leat faoin PC. Níos minice ná dea-bhéasachas a bhíonn cosc ar shaor-chaint i gceist. Agus téitear thar fóir i gcónaí.

30 January, 2007 14:39  
Arsa Blogger aonghus ...

"knackers" - ainm maslach ar an lucht siúl, nó fiú ar dhaoine bochta.

Is trua ar fuath seo a leiriú; ach feictear dom go bhfuil daoine ann a chreideann an tidirlíon a bheith chomh anaithnid le cúl doras an leithris, agus nach dtuigeann gur féidir teacht orthu.

Scaoiltear leis an fuath, nó an aineolas, nó....

Tá deighilt ann idir "saoirse" agus "freagracht" i meon daoine, agus mar sin feicfear na dróchbhéasa seo, faraor.

30 January, 2007 15:05  
Arsa Blogger Diarmuid Hayes ...

Tá cónaí orm i dtuaisceart an chathair agus tá eagla ar mórán daoine ansin don lucht sin (na oige in san tracksuits)..Tá eagla ar stráinséirí agus ar gnáthdaoine...Níl meas ar bith acu ar duine ar bith..ach is grúpa beag é i ndáirire ...tá formhór de na daoine bocht síochánta..

30 January, 2007 15:48  
Arsa Blogger Conn ...

Bhí tuairim agam nach iad an lucht siúl a bhi i gceist aici - ach mar sin féin, ní shílimse gur cóir a leithéid a scríobh faoi aon ghrúpa.

Mar a luann Diarmuid, tá ceist mhór shóisialta anseo, agus is fiú plé dáiríre a dhéanamh air, ach ní chuidíonn na leasainmneacha maslaitheacha seo.

A Shéamais, ní chreidim go gcuireann PC srian ar cháineadh dáiríre. Ach munar féidir an cáineadh a dhéanamh gan na leasainmneacha tarcaisniúla, tá locht ar an gcáinteoir, nó ar a argóint, nó ar an dá rud.

Mar eolas duit, is ionann "knacker" a thabhairt ar dhuine in Éirinn agus an focal "nigger" a úsáid i Meiriceá.

Tuilleadh agam anseo i mBéarla.

30 January, 2007 16:00  
Arsa Anonymous Anonymous ...

An brí atá le "knacker" agamsa ná duine a raibh de ghairm bheatha aige coirp na hainmhí marbha a thabhairt go háit speisialta a bhí ann " the knackers yard" chun deileáil leo ansin i dtreo is nach mbeadh contúirt sláinte ann don phobal i gcoitinne. Bhí meas ar an ngairm seo mar a bhí ar cheard eile a bhí ag lucht siúil, sé sin tincéireacht. Bhíodh tincéirí a dul thart ag deisiú cannaí stáin agus mar sin de. Bhí slí bheatha ag na daoine seo an uair sin agus meas ag daoine orthu dá bharr. Dúirt cara liom go raibh sé de nós ag a muintir a bhí ina gcónaí faoin tuaith, an doras a fhágáil gan glas do na daoine seo i dtreo is go mbeadh siad in ann teacht isteach agus fothain a bheith acu oíche stoirmiúil nó fliuch. Bhíomar go léir bocht an uair seo. Faraoir níl mórán tuiscint ag daoine sa lá atá inniu ann ar bhochtanas go háirithe bochtanas Elaine. B'fhearr go mór iarracht a dhéanamh daoine a thuiscint roimh breithiúnas a dhéanamh orthu. Deir an páiste beag lena mháthair Is fuath liom thú, ciallaíonn sin go bhfuil frustachas air go bhfuil sé gortaithe, nach bhfuil na focail ceart aige b'fhéidir chun a mothucháin a chur in iúl. Ní hé gur drochpháiste é.

31 January, 2007 10:18  
Arsa Anonymous Anonymous ...

Ní bhfaca mé aon ráiteas faoi "knackers" ar an leathanach?

02 February, 2007 10:21  
Arsa Blogger Dubhaltach ...

"Bhí comhrá agam le sean-chara ó na meáin traidisiúnta timpeall an ama seo anuraidh. Tá sé amhrasach go maith faoi bhlaganna agus faoi na meáin nua idirlín seo. "An rud a chuireannn as dom", deir sé, "gur féidir le h-aon duine aon rud a rá." "

An raibh Pat Butler i gceist agat dála an scéil?

05 February, 2007 09:42  
Arsa Anonymous Anonymous ...

Mar eolas duit, is ionann "knacker" a thabhairt ar dhuine in Éirinn agus an focal "nigger" a úsáid i Meiriceá.

A chara, níl an cheart agat ar chor ar bith. Is maslach atá tú féin agus a leithead á scriobh agat.

12 February, 2007 18:18  
Arsa Blogger Conn ...

"A chara, níl an cheart agat ar chor ar bith. Is maslach atá tú féin agus a leithead á scriobh agat."

An bhfuil tú ag rá liom gur ainm ceana é?

Tuigim nach bhfuil dochar sa bhfocal "knacker" ann féin. Ach tá dochar, agus naimhdeas agus droch-íde ciníoch (nó treibhiúil) san úsáid choitianta a bhaintear as.

Mar a luaigh Anonymous eile, dealraíonn sé go bhfuil an fuath-chaint bainte anuas ón suíomh sin. Mar sin, tarraingím siar an mhéar shínte. Tá an t-alt seo leasaithe anois agus níl éinne ar leith á ainmniú anois ann.

Ach níl athrú ar mo sheasamh. Tá oideachas de dhíth ar na Bebóirí óga seo nach dtuigeann gur treise cleite ná claíomh.

13 February, 2007 00:56  
Arsa Blogger Conn ...

Gabh mo leithscéal a MhoDhuine! Bhí orm tráchtaireacht eile de do chuid a bhaint amach ó thóg mé an cinneadh gan ainm an Bhebóra a lua.

Níl aon aithne agam ar Pat Butler, faraoir!

13 February, 2007 01:05  
Arsa Anonymous Anonymous ...

Ní thuigim. Cén fáth ar bhain tú ainm an duine? Nár luadh tú é i Lá?

13 February, 2007 20:02  
Arsa Blogger Conn ...

Is í féin a dhein an cinneadh a h-ainm a lua lena cuid tuairimí ar a leathanach Bebo. Níor dhein mise ach tuairisceoireacht ar sin.

Anois tá an scéal athraithe agus tá na tuairimí sin bainte amach as a suíomh aici. Ní theastaíonn uaimse, mar sin, a bheith fos á gcur ina leith.

Sin difríocht mhór idir na meáin nua idirlín agus na meáin traidisiúnta. Bíonn an tuairisc idirlín ar fáil i gcónaí, mar sin, is ceart dom é a athshonrú má fhaighim eolas nua. Ach tá an t-eagrán clóbhuailte sin de Lá Nua athchúrsáltha anois.

18 February, 2007 01:02  

Post a Comment

<< Home