Thursday, November 08, 2007

Físbhlagadóir na Ceithre Scór

Foilsíodh an t-alt seo i Lá Nua an tseachtain seo chaite.Ar chuala tú an scéal faoin bhfísbhlagadóir in aois a cheithre scór?

Tá cónaí ar Peter Oakley faoin dtuath, i lár na tíre i Sasana. Tá ríomhaire agus ceamara gréasán aige, ceangal leis an idirlíon agus aigne bheo.

Pléann sé cúrsaí an tsaoil, a chuimhní cinn agus a dhearcadh féin, os comhair an cheamara. Ach níl sé ag caint leis féin. Féachann na mílte duine ar a chuid físeán ar YouTube. Agus tugann siad freagra air. Spreagann físeáin Pheadair daoine eile, agus leanann an comhrá.

An boc mór é Peter? An réalt é, nó celebrity? Bhuel, ní déarfadh sé féin gurb ea. Ach tá dearcadh aige chomh maith le h-aon duine, agus tá sé le clos. Agus is dóigh le daoine áirithe gur fiú éisteacht leis. Coicíos ó shin fuair Peter cuireadh ó Fóram Eacnamaíochta an Domhain i nDavos na hEilbhéise. Is mian leo go dtiocfadh Peter chun cainte le ceannairí agus le taoisigh an domhain ag an gchéad chruinniú eile an bhliain seo chugainn.

Dhiúltaigh Peter don gcuireadh, ach is dóigh lena cháirde idirlín gur iontach an deis é, agus tá súil acu go n-athróidh sé a intinn. Is féidir Peter a fháil ar YouTube faoin ainm cleite Geriatric1927.

Tá lucht Davos le fáil ann chomh maith, (ainm: WorldEconomicForum) agus Tom Guariello, fear as Nua Eabhrac a fhoilsíonn físeáin go rialta in a mbíonn comhrá aige le Peter, ag féachaint sa tsúl ar a chéile trasna an aigéin mhóir.

Caithfidh mé tréaslú le Antóin Ó Lachtnáin, an blagadóir ar leis an seoladh idirlín iomráiteach eire.com! Ní amháin go bhfuil leabhar nua foilsithe aige a insíonn conas ar féidir le gnolachtaí beaga tairbhe a bhaint as an idirlíon, ach tá fiontar nua á sheoladh aige chomh maith: an Swords Express a thabarfaidh paisinéirí as Sord go croí-lár Bhaile Átha Cliath agus ar ais arís.

Rud eile a chabhróidh le taistealaíthe na príomh-chathrach ná an suíomh JustRoutes.com. Níor thóg sé ach 6 seachtainí ar Dave Rooney agus ar Vincent Glennon an suíomh seo a thógaint ach is iontach an áis é. Léirigh an spota ina bhfuil tú ar mhapa Google ar an suíomh. Ansin taispéain an áit a theastaíonn uait a bhaint amach. Sonróidh JustRoutes.com na roghanna is fearr busanna, tramanna nó traenacha a thabharfaidh ann tú, chomh maith le treoracha ón áit in a bhfuil tú go dtí an stad bus is gaire duit.

Agus nuair a chuireas agallamh ar an mbeirt le déanaí, bhí sé in a chúis mhórtais ar leith acu go raibh leagan Gaeilge déanta acu den suíomh. Tá an t-agallamh sin foilsithe ar Intruders.TV.



Lipéid: , , ,

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home