Thursday, November 29, 2007

Imeall #184: Sssssh!

Buail anseo chun éisteachta!
[Deineadh an podchraoladh seo i lár na h-óiche ciúine, le glór íseal, ar eagla go ndúiseofaí líon an tí! ;) ]


Tá an t-alt seo foilsithe in eagrán an lae inniu de Lá NuaDe réir a chéile ta sean-idirlíon na leathanach agus na bhfocal ag athrú in a mheán beo fuaime agus físe.

Go deimhin, tá an fhuaim féin ag géilleadh don bhfís, ó thús na bliana seo ach go h-áirithe. Tá sé le sonrú agam ar mo iPod beag féin: áit nach mbíodh ach cláir fuaime an t-am seo anuraidh, is podchraoltaí físe iad formhór na gclár ar an ngléas sin agam anois.

‘Sé Rocketboom an ceann is sine, b’fhéidir. Bunaíodh é i 2004, agus ‘sí Joanne Colan atá á chur i láthair le breis agus bliain. Is Sasanach í Joanne, a chaith tréimhsí ag obair leis an BBC agus le MTV, agus is láithreoir teilfíse den chéad scoth í. Tá Fraincís ar a toil aici, agus ar Oíche Shamhna seo chaite thaispeáin sí go raibh cumas sa Ghaeilge aici! Thug sí fobhraíocht foirfe don bhfocal “Samhain” in eagrán an lae sin, agus í ag insint stair na féile dá lucht feáchana.



Geekbrief.TV agus Webbalert.com luaite cheana agam. Dhá chlár eile iad a chuirtear i láthair i stíl nuachta. Ceann eile is ea Wallstrip.com a phléann cúrsaí airgeadais agus infheistíochta. Fiú mura bhfuil suim dá laghad agat in eachtraí na dtarbh agus na mbéaranna, bainfidh tú taitneamh as an gclár spraoíúil seo.

Tá greann agus aor ar fáil chomh maith, ó 1938media.com, mar shampla. Agus ar YouTube tá an-éileamh ar físeáin mhagúla le leithéidí Lisa Nova agus Happyslip, ach go h-áirithe.

Sheol an blag cáiliúil BoingBoing eagrán físe an mhí seo chaite chomh maith. Tá siad fós ag iarraidh socrú ar an an stíl is oiriúnaí dóibh féin, ach tá sé léirithe go proifisiúnta acu.

‘Sé an ceann is ansa liom féin i láthair na h-uaire ná GigaOM.TV. Cuireann an t-iriseoir teicneolaíochta Om Malik an clár seo i láthair in éineacht le Joyce Kim. Is láithritheoir taitneamhach nádúrtha í Joyce, ach go h-áirithe, agus bíonn comhrá deas idir an bheirt acu agus iad ag cur síos ar scéalta móra gnó Silicon Valley.

Tá slua léiritheoirí nua ag treabhadh na páirce seo, leithéidí Revision3.com a léiríonn GigaOM. Agus tá lucht na gnáth-theilfíse ag cur suime san idirlíon chomh maith. An cuimhin libh an clár My So Called Life, a chuir Clare Danes ós comhair an tsaoil mhóir? ‘Sé Quarterlife an teideal atá ar an dtogra is déanaí de chuid léiritheoirí na sraithe sin, agus tá sé le le feiscint anois ag quarterlife.com.

Ach níl sa mhéid seo ach mo rogha-sa, agus táim cinnte go bhfuil an-chuid, idir maith agus olc, nach bhfuil deis agam a bhlaiseadh. An bhféachann tusa ar fhíseáin idirlín? Cad iad na cinn a mholfá-sa? An dóigh leat go bhfuil todhchaí na teilifíse ar an idirlíon?

Mindy Smith
Lipéid: , , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

2 Freagraí:

Arsa Anonymous Anonymous ...

A Chonn

Ní gá duit leithscéal a ghabhailt! Ní gá podchraoladh a dhéanamh gach seachtain dúinne! Tá a fhios againn go bhfuil a lán eile le déanamh agat - agus guím rath ort sna tionscnaimh sin.

Ba cheart do RnaG níos mó podchraoltaí a chur ar fáil - níl ann anois ach 'Spórt and Domhnaigh'.
Is féidir le RTÉ féin réimse leathan podchraoltaí de chláracha i mBéarla a chur ar fáil.

Scríobh mé chuig RTÉ faoi sin ach níor fhreagair siad. Scríobh me chuig RnaG bliain o shin. Fuaireas riomhphost cneasta uathu ag geallúint go dtagfadh feabhas ar an scéal - ach níor tháinig.

Cad is féidir le deoraí cosúil liomsa a dhéanamh - no cén fáth go bhfuil leisce den sórt seo orthu?

Beir bua

John
Learpholl

05 December, 2007 17:12  
Arsa Anonymous Anonymous ...

The Art of Design The creation and production of a new Tag Heuer Carrera Watch starts with an internal brainstorming session based on a marketing brief which is translated into sketches. Industrial designs took the later part and would basically ends with a first Omega watch 3D prototype.

26 November, 2010 07:01  

Post a Comment

<< Home