Thursday, November 08, 2007

Ríomhaire na bPáistí

Tá an t-alt seo foilsithe in eagrán an lae inniu de Lá NuaSa chéad alt a scríobhas don nuachtán seo, dhá bhliain ó shin cothrom na míosa seo, thugas cur síos ar an dtionscamh “One Laptop Per Child”, nó mar is fearr cáil air: “an ríomhaire glúine ar $100”.

Sa deireadh, ní rabhadar in ann an ríomhaire a dhéanamh ar $100 – ach fós féin ní olc an margadh é ar ábhairín níos lú ná $200. Cuireadh tús le táirgíocht na ríomhairí (ar a dtugtar an “XO”) Dé Luain seo chaite, i monarcha sa tSín.

Más cuimhin libh, ‘sé atá in OLPC ná togra oideachais agus forbartha don tríú domhan. Don chuid is mó díolfar na ríomhairí le rialtaisí amháin, agus beidh na céadta míle ríomhaire i ngach ordú. Ach is féidir leis an bpobal cuidiú leis an iarracht chomh maith. Ag an suíomh xogiving.org is féidir leat ríomhaire a cheannach ar $200 le deonú do pháiste sa triú domhain. Agus nochtfaidh siad scéim nua Dé Luain seo chugainn leis an mana: “Give 1 Get 1”. Ar feadh tréimhse coicíse, beidh seans ag deontóirí i dTuaisceart Mheiriceá ríomhaire XO amháin a dheonú, agus ceann eile a fháil dá bpáistí féin ar $400.

Fuaireas an scéal is déanaí ar an XO ar bhlag an iriseora Richard Delevan, in alt a scríobh sé don iris Business & Finance. Tá cur síos maith ann ar shainghnéithe an XO, atá ceaptha agus cumtha le n-úsáid in áiteanna nach mbeidh na gnáth-sheirbhísí ríomhaireachta ar fáil. Ní amháin gur féidir fuinneamh a chur ann le casadh an hanla tochrais, ach maítear go mbeidh na páistí féin in ann 95% den obair chothabhála a dhéanamh. Tá físeán YouTube ar an suíomh agam inniu, a thaispeánann buachaill agus cailín óg as Quebec ag athrú páirteanna, agus gan acu ach 10 agus 8 mbliana d’aois.

‘Sé Richard a bhí ina eagarthóir ar fhorlíonadh gnó an Sunday Tribune le tamall anuas, ach is cosúil, de réir blag Damien Mulley, gur chaill sé an post sin an tseachtain seo. Dar le Damien, thárla seo de dheasca alt a scríobh Richard faoin gceantálaí Ken MacDonald, ó Hooke & MacDonald, a bhfuil teipthe air a theach féin a dhíol le breis agus bliain.

Tá plé beo ar an gceist seo ar mulley.net, ar dublinopinion.com, poetbloggs.net, adammaguire.com agus ar arandomwalk.com. Bhí admháil tugtha ag Richard ina alt do údar anaithnid A Random Walk mar fhoinse do scéal MacDonald.

Inniu, tugann an blurb ar bhlag Richard le fios go mbaineann a thréimhse eagarthóireachta ar an Tribune leis an aimsir chaite, ach níl faic eile ráite aige faoin scéal … go fóill.

Lipéid: , ,

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home