Wednesday, April 16, 2008

@Bertie, slán.

Seo alt a d’fhoilsigh Conn in Lá Nua ar an 3ú Aibreán.

Tá Michael Arrington uaillmhianach. Uaillmhianach agus maíteach.

Níor chás dó é, ar shlí. Níl oiread agus trí bliana caite ó thosnaigh sé a bhlag Techcrunch (techcrunch.com) chun scéalta a thuairisc faoi úrchomhlachtaí teicneolaíochta. Mar fhiontraí é féin, cé gurb é an dlí a ghairm, ba chúis iontas dó nach raibh éinne ag tuairisc na scéalta sin ag an am, agus bhí suim neamhghnáthach aige féin san ábhar.

Anois tá Techcrunch ag uimhir a h-aon i measc na mblaganna is mó tionchair, de réir liosta céime na mblaganna ar Technorati.com. Tá na céadta míle léitheoir aige, scór ar an bhfoireann, agus tá sé ráite, fiú, gurb é Michael féin "kingmaker" Silicon Valley.

Fós féin níl sé sásta. Chuala ar phodchaoladh Steve Gillmor an lá cheana é, agus é ag caint faoin straitéis atá aige chun dul in iomaíocht le mórchomhlacht na nuachta teicneolaíochta ar an idirlíon, CNet News.com.

Bhí a chara Dan Farber ar an gclár céanna, eisean atá ina phríomh-eagarthóir ar News.com, agus bhí píosa spraoi ag an mbeirt acu ag magadh faoina chéile.

Dar le Michael Arrington, ní féidir a bheith ag súil leis go dtaispeánfadh iriseoirí fóirne CNet an díograis chéanna agus a léiríonn sé féin agus a fhoireann. 'Sí an difríocht ná go bhfuil foireann Techcrunch dá spreagadh ag na scaranna atá acu sa chomhlacht, agus ní ag a dtuarastal. Sin an chúis, a mhaíonn sé, gur minic a bhíonn oíche gan chodladh aige agus é ar chroí-dhícheall ag iarraidh a bheith chun tosaigh leis na scéalta is úire.

An t-aon chúis imní atá ag Mike? "Tá súil agam nach maróidh seo mé sara mbeidh an duais bainte!"

Níl aon bhaol ann go n-éagfaidh tuairisceoirí amaitéaracha idirlín na hÉirean leis an dua agus iad ag Twitteráil leo ar mion-eachtraí a saolta féin (twitter.com, jaiku.com) ach fós féin bhíos buíoch dóibh ar maidin inné agus Bertie i mbun a oráide deireannaigh i dTeach Laighin. Bhíos ar sráideanna na cathrach, gan teacht ar scáileán teilifíse, ach choinnigh mo cháirde idirlín ar an eolas mé, buille ar bhuille. Is é is dóigh le Steve Gillmor go mbeidh seirbhísí gasta sóisialta mar seo ina ndlúth-chuid den gcóras nuachta atá ag fás agus ag forbairt ar pháirceanna an idirlín. Is deacair a rá - ach d'oibrigh sé domsa. @Bertie, slán.

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home