Tuesday, November 15, 2005

An tImeall #41 : Tháinig long ó Valparaiso

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime

    Tháinig Long ó Valparaiso
    Pádraig de Brún 1889-1960

    Tháinig long ó Valparaiso,
    Scaoileadh téad a seol sa chuan,
    Chuir a hainm dom i gcuimhne
    Ríocht na Gréine, Tír na mBua.

    "Gluais,' ar sí, 'ar thuras fada,
    Liom ó scamall is ó cheo,
    Tá fé shleasaibh gorm Andes
    Cathair scáfar, glé mar sheod."

    Bhíos óg is ní imeoinnse,
    Am an dóchais, tus mo shaoil,
    Chreideas fós go raibh i ndán dom
    Iontaisí na ndán 's na scéal.

    Ghluais an long thar lintibh mara,
    Fad ó shin is a crann mar ór,
    Scríobh a scéal ar phár na hoíche,
    Ard i rian na réaltean mór.

    Fillfidh sí aris chugam áfach;
    Chífead cathair bhán fén sléibh,
    Le hais mara na síochána -
    Creidim fós beagnach, a Dhé.

Ceol Podslán: Chopin Nocturne Opus 15 Uimhir 2 le In The Hands
Spreagtha ag North Atlantic Skyline.
Nílim cinnte an bhfuil "Valparaiso" á rá i gceart agam "Valpar-AY-so" a deirimís agus mé ar scoil! :-)

Lipéid: , , ,

8 Freagraí:

Arsa Blogger Séamas Poncán ...

Sílim go bhfuil an fuaimiú ceart agat ar Valparais. Sin mar a chloistear i 'sea chanty' ar a bhfuil aithne agam.

15 November, 2005 18:34  
Arsa Anonymous Anonymous ...

Valpar-EYE-so a bhí agam, agus aontaíonn dictionary.com liom. Tá fada ar an i freisin - Valparaíso

24 November, 2005 15:01  
Arsa Anonymous Anonymous ...

Bal-para-EEso.

Níl a lán gaeilge agam, ach tá Spáinnis

12 July, 2006 08:52  
Arsa Blogger brennan ...

anyone got an English translation for'Valparaiso'

01 July, 2007 17:07  
Arsa Blogger Howard Lawn ...

The Ship
(Translation of 'An Long')

A ship arrived from Valparaiso,
Dropped its anchor in the bay,
Her name reminded me of kingdoms,
Sunlit countries far away.

"Come along with me,' she whispered
'Far from cloud and mist for you'll
Find beneath the Andes Mountains,
An awesome city, bright as a jewel"

But I was young and would not wander,
With hope and youth I chose instead
The promises of verse and fable,
From the wondrous book I read.

The ship sailed off into the vapour
Shining like gold, its mast so bright,
It wrote its story on the parchment
High amidst the stars that night.

She will return to me, however,
The white city, I still conceive,
That by the sea of peace eternal,
I too shall be, if I believe.

(Howard Lawn 2002)

13 January, 2009 22:06  
Arsa Blogger Conn ...

Go raibh maith agat Howard!

14 January, 2009 05:19  
Arsa Anonymous Anonymous ...

Mile buiochas i gcoir an t-aistruchan. An fior cheist . ar thainig long o Valparaso? agus cen cuis? Maire

21 July, 2009 12:24  
Arsa Anonymous Mìcheal An Seanachaì Òg ...

Fàilte Ò Canada

Ì Scoil San Mìcheàl ag Inis Guaire BÀC/1954 fuireas ciall àr an dàn sin.

Ceapaim na foclocha "Ach Bhíos óg is ní imeoinnse" a bhì in usàid ar an t'am.

Labhran tù an focal "Ach" 'san insint Bèarla.

13 January, 2010 19:22  

Post a Comment

<< Home