An tImeall #42 : Eachtraí Dawn and Drew
- Podchraoladh na seachtaine seo: Dawn and Drew!  Sliocht anseo le "mashup" a a cheap a gcara "Stalker Ed".  Féachaígí an t-agallamh teilifíse a dhein Fox 6 News - Milwaukee leo.  Tá sé ar fáil ar an leathanach seo.
 - Píosa Filíochta an lae inné in ómós do North Atlantic Skyline
 - Tuairiscí ar an Oireachtas ó Chlár Plé Beo agus cuntas an bhlagadóra ó Hilary.
 - Borradh na blagadóireachta Gaeilge:  
- April ar ais i mbun blagadóireachta!
 - Oistín Mac Giobúin - Blag lán-ghaelach seolta aige.
 - GaelTeic. Ceann nua a fuaireas luaite i mo cuntas tarchuir (referral logs!)! Ar fheabhas - teicneolaíocht as Gaeilge!
 
 - An Ghaeilge agus an Ardteist. Díospóireacht shuimiúil ar Wysiwyg.
 - Slándáil Ríomhaireachta:
- "Rootkit" Sony! Agallamh ag Chris Pirillo le Mark Russinovich a thug an rootkit chun solais. Dearcadh suimiúil ar chúrsai DRM (Digital Rights Management), tionscal an cheoil agus Sony ach go h-áirithe ag P.W. Fenton ar Digital Flotsam.
 - Fiscearacht (Phishing?!) :-) Bígí ar aire do ríomhphostanna ag ligean orthu gur ó eagraíochtaí áirithe iad agus ag iarraidh ort do fhocal faire a nochtadh. Alt maith anseo ar an ábhar ó Michele Neylon
 
 - "Oíche Mhaith a h-Inkernet"!
 
0 Freagraí:
Post a Comment
<< Home