Friday, February 03, 2006

#78: Syndication agus Syncopation

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán LáAgus tú ag léamh na mblaganna, ritheann sé leat go bhfuil na blagadóirí ar an eolas maidir lena bhfuil foilsithe ar réimse leathan suíomhanna éagsúla. Conas a éiríonn leo oiread suíomhanna a fhaire? Conas a chuimhníonn siad ar na seoltaí go léir. Conas ar feidir le príomh-bhlagadóir Microsoft, Robert Scoble, breis agus 1000 foinse idirlíon a léamh?

'Sé réiteach na ceiste seo ná an comhfhoilsiú (syndication). Foilsíonn formhór gach blag, agus roinnt mhaith suíomhanna eile nach iad, fotha comhfhoilsithe, nach bhfuil ann i ndáiríre ach comhad téacs in a bhfuil foilsitheoireacht an tsuímh sin curtha in eagar, gan na dathanna agus na stíleanna atá ar an mbun-suíomh féin, ach go lom simplí agus de réir caighdeán aitheanta. Tá caighdeáin éagsúla i bhfeidhm dos na comhaid seo, ach is é an ceann is coitianta faoi láthair ná RSS. Seasann na litreacha do Really Simple Syndication.

Ach cad é an buntáiste a bhaineann leis na fothaí seo? Cad ina thaobh go mbacfainn le leagan lom a léamh nuair a d'fhéadfainn an bun-alt a léamh ar an ngnáth-shuíomh? Bhuel - ní bhacfá, dá mba rud é nach raibh uait ach an t-aon suíomh amháin a léamh, ach más mian leat cnuasach suíomhanna éagsúla a léamh go rialta is ansin atá an bua ag an gcomhfhoilsiú, agus ag a chomrádaí: an comhbhailiú (aggregation).

Abraimís go dteastaíonn uait súil a chaitheamh go laethúil ar na suíomhanna seo a leanas: Times Nua Eabhrac, Nuacht RTE, blag Aonghus Ó hAlmhain agus na pictiúir go léir le téama Gaeilge ar Flickr. D'fhéadfá cuairteanna aonaracha a thabhairt ar an suíomhanna sin, nó d'fhéadfá úsáid a bhaint as comhbhailitheoir ar nós Bloglines, nó Newsgator chun fothaí comhfhoilsithe na ceithre suíomh a léiriú in aon leathanach amháin.

An rud is suntasaí faoi bheith ag léamh blaganna comhfhoilsithe, chíonn tú an comhrá agus an plé, an tagairt agus an fhreagairt idir na blagadóirí éagsúla. Dá mbeadh síntús agat le blaganna Fiona de Londras agus Richard Waghorne i do chomhbhailiú, bhí díospóireacht bhríomhar le sonrú le linn na seachtaine seo chaite. Ag scríobh di ina blag Mental Meanderings, chuir Fiona in iúl an díomá a bhí uirthi le Coiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht agus lena dtuairisc ar an dteaghlach. Dar léi gur cailleadh an deis chun aitheantas a thabhairt do lánúin aeracha, agus, mar dhuine aerach, braitheann sí go bhfuil an stáit ag tabhairt droim láimhe di féin agus dá leithéidí. Spreagadh Richard chun pinn dá freagairt ar a bhlag siúd, Sicilian Notes, mar ar dhein sé an poinnte, dar leis, nach bhfuil aitheantas ar leith tuillte ag aon aicme ón stáit, i gcúrsaí a bhaineann le stíl maireachtála, mar shampla creideamh.

Tarraingíodh roinnt mhaith de bhlagadóirí eile na tíre chun a gcuid tráchtaireachtaí a fhágaint ar bhlaganna na beirte, agus scríobh cuid mhaith a dtuairimí ar a mblaganna féin chomh maith. Dhein Kevin Breathnach tagairt don scéal agus é ag scríobh ar an mblag, Disillusioned Lefty. Ba údar sásaimh dó chomh maith go raibh agallaimh curtha aige ar Fiona agus ar Richard araon roinnt seachtainí sarar thosnaigh an díospóireacht eatharthu, agallaimh a thugan léargas ar chúlra agus ar dhearcadh na gcéile comhraic seo.

Cor nua is ea é sa bhlagchruinne le déanaí, go bhfuil na blagadóirí ag cur agallaimh ar a chéile, mar a bheadh cloiginn chainteacha na meán traidisiúnta! Agus ní amháin i gcló ach an oiread. Tá podchraoladh seolta ag an iriseoir Richard Delevan ina ndeineann sé cúrsaí an lae a chíoradh la painéal blagadóirí. Ná níl podchraoltóirí na Gaeilge in easnamh sna h-iarrachtaí seo ach an oiread - beidh Séamas Ó Neachtain ina aoí "ar an imeall" an tseachtain seo chugainn. Sean Nova
  • An Comórtas Vailintín! Cóip de Sean Nova le Hilary Bow don mbuaitheoir.
  • Aistriúcháin atá i gceist ar amhráin cháiliúla, "standards" an Bhéarla, i stíl Bossa Nova.
  • Casaimse ceann acu: Ga an Ghrá - ach cad is ainm don mbunleagan Béarla ónar aistríodh é? Seol do fhreagra go dtí imeall@gmail.com.
  • Ceol: Ga an Ghrá le caoinchead Hilary Bow. Is féidir teagmháil le Hilary ar a suíomh, agus an dlúthdhiosca a ordú uaithi féin, nó tá sé ar díol i siopa idirlín Cheirníní Cladaigh. Abair le Hilary gur chuala sibh "ar an imeall" é!
Lipéid: , , , , , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

2 Freagraí:

Arsa Blogger Fiona de Londras ...

Oh a Dhia...taim as cleachtadh!! Cheapaim go thuigim an post agus go raibh maith agat!! Go n'eiri leat.

03 February, 2006 14:50  
Arsa Blogger Conn ...

Tá fáilte romhat Fiona!

04 February, 2006 11:09  

Post a Comment

<< Home