Monday, February 06, 2006

#79: Seafóid, Actually

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Comórtas Vailintín: cad is ainm do leagan Béarla an amhráin "Ga an Ghrá", le Hilary Bow? Seol do fhreagra go dtí imeall@gmail.com agus beidh seans agat cóip dá CD a bhuachaint.
  • Love actually! Scannánaíocht de réir foirmle: "Is aoibhinn le Meiriceánaigh an Bhreatain - agus Hugh Grant ach go h-áirithe". Seo scannán ón dream céanna a dhein 4 Weddings and a Funeral. Is breá liomsa rom-com maith - ach ní raibh seo go maith. Ní riabh teannas, ní raibh éiginnteacht, ní raibh oiread scéil ann agus atá i bhfís-scannán popcheoil. Bhí an iomarca carachtaeirí agus gan a dhóthain ama chun fás ná forbairt a dhéanamh ar aon duine acu. Ainneoin an méid ama atá sa scannán bhí cuid mhaith gan réiteach ag an deireadh. An cleas a bhíodh ag Shakespeare: mura raibh réiteach sásúil aige do charachtaer éigin, thug sé bás dó san acht deireannach. Ní raibh an méid sin féin sa scannán seo.
  • Tuairscíonn Dónal go bhfuil "Yu Ming is ainm dom" ar fáil anois ar an idirlíon.
  • Conas mar a chaithfidh tú do SSIA? Tá smaointí ag SSIA watch!
  • Tóstal na Gaeilge 06 "An Chéad Ghlúin Eile" - 24 Márta agus 25 Márta. Óstlann Corrib Great Southern, Gaillimh.
  • Aoí speisialta na seachtaine seo: Séamas Ó Neachtain
  • Ceol Podslán: The Game le The Butterfly Catchers
Lipéid: , , , , , , , , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine With The Shade le The Reverse Engineers

2 Freagraí:

Arsa Blogger Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne ...

Aisteach gur luaigh tú an scannán seo inniu. Fuair mé Love Actually an deireadh seachtaine seo ó NetFlix, an córas chíosa atá againn anseo. Chuala mé ó mo dheirfiúr go raibh sé ana mhaith. Bhí mé agus Paraic sa teach linn féin oíche Shathairn (de gnáth bíonn déagóirí agus fuadar fúthu ag teacht agus ag imeacht) agus chuireas ar siúl é ag ceapadh go mbeadh oíche bhreá chiúin againn le cúpla deoch agus scannán maith. Omg! Bhí sé go dona, bhí an-díomá orm….. agus Paraic a rá: “This is Crap Actually” agus sinn ag feitheamh ar scéal de shaghas éigin. Ní bheidh mé ag glacadh le comhairle mo dheirfiúr maidir le scannáin arís ró thapaigh.

07 February, 2006 22:48  
Arsa Anonymous Anonymous ...

A lot of people go on about "Yu Ming Is Ainm Dom" (ok, it's a good little film) but no one mentions "Fluent Dysphasia" which is another cracker. I'll have to blog about it.

16 May, 2006 08:13  

Post a Comment

<< Home