Grand Prix do Phodchraoladh Gaeilge
Fuair togra Gaeilge an príomh-ghradam aréir ag na Digital Media Awards a reachtáladh in Óstán an Burlington i mBaile Átha Cliath.
Ainmíodh an podchraoladh Gaeilge An tImeall ina bhuathóir ar Grand Prix an chomórtais tar éis do an duais a fháil don bPodchraoladh Neamhspleách is Fearr.
Bhronn an tAire Cumarsáide Noel Dempsey an duais ar Conn Ó Muíneacháin as an gcomhlacht Edgecast Media ó Chontae an Chláir. Chur seisean tús le An tImeall i 2005: an chéad phodchraoladh i nGaeilge.
Clár raidio i nGaeilge don idirlíon atá i gceist leis. Cuirtear comhaid fuaime ar fáil ar an suíomh idirlín imeall.com agus is féidir éisteacht leo ar ríomhaire, no iad a aistriú go dtí seinnteoir MP3.
Lipéid: irishblogs, gaeilge, podchraoladh, digitalmediaawards
9 Freagraí:
comhghairdeas!
Mo dhá ghraidhin thú!
nár laga dia do thaiféadán!
go maire tú do ghradam
This comment has been removed by the author.
go maire tú é, a Choinn. an-jab ar fad!
DAS, fuaireas an beart uait inné--go raibh céad maith agat! tá an leabhair go hiontach.
maith thú mar is gnáth a Choinn
Mó ḋá ġraiḋin ṫú freisin!
Go raibh míle maith agaibh a cháirde!
I cartel say any one who wears such chichi and replica Louis Vuiton beautiful bag will be added elegant. It appearance accustomed cowhide covering trimmings, while the ablaze gold accouterments brings the bag added chichi and stylishness. A zip runs feature through the top and there is aswell a beautiful padlock at the end to bifold defended the bag.
Post a Comment
<< Home