Tuesday, March 20, 2007

Cad déarfá le Gaillimh?

Tá an t-alt seo foilsithe in eagrán an lae inniu de Lá NuaThugas cuairt ar Ghaillimh an tseachtain seo chaite, chun léacht a thabhairt i mo shean-choláiste: Ollscoil na hÉireann Gaillimh mar a tugtar anois air. Tréis an léachta, chaitheamar lón le sean-cháirde agus chuireas aithne ar chara nua, an blagadóir Ina Ó Murchú.

Is taighdeoir í Ina in Ionad Taighde na Fontraíochta Digití (DERI) san Ollscoil, agus caitheann sí súil ar chúrsaí idirlín ar a blag. Ni amháin sin, ach tá colún aici i nuachtán nua na Gaillimhe: Galway First.

Caitheann Ina súil ghéar ar an dteicneolaíocht agus tá léargas cruinn aici ar mhór-imeachtaí na h-earnála. Ach tá casadh úr spraoíúil aici ar ghnéithe na nuachta teicneolaíochta chomh maith, mar shampla nuair a thuairiscigh sí an tseachtain seo chaite go bhfuiltear ag cur an milleán ar an ngréasán faoin easpa suime atá ag muintir na Seapáine i gcúrsaí gnéis!

Ós ag caint ar Ghaillimh atáim, is fiú i gcónaí féachaint ar na griangrafanna breátha ar an suíomh monasette.com. Bhuaileas le John, údar an tsuímh seo ag Gradam na mBlaganna le déanaí agus dúirt leis go dtaitníonn sé go mór liom an éagsúlacht ábhar a bhíonn aige. Is ball é John do ghrúpa cnocadóirí agus foilsíonn sé griangrafanna áille de dhúlra an iarthair. Ach tá cónaí air i lár chathair na Gaillimhe - agus is spéisiúil spreagúil iad na h-íomhánna cathracha a ghlacann sé chomh maith.

Is dócha gurb é saol suimiúil an chraoltóra is cúis leis, ach is iontach iad na rudaí a aimsíonn Rick O'Shea le cur ar a bhlag ricksbreakfastblog.blogspot.com. Cad déarfá leis an ndearthóir a bhfuil teach ar díol aige atá leagtha amach aige mar a bheadh árthach Star Trek? Nó an blag atá tiomnaithe do chailíní áille ag ól tae?

Más é YouTube a spreag an chaint anuraidh faoinar féidir a dhéanamh le teilifís ar an idirlíon - is cosúil nach teilifís go Joost! Tá triallacha teoranta ar siúl faoi láthair don gcóras árd-chaighdeáin físe seo. Ag trácht dó ar sheirbhís atá cosúil leis (babelgum.com) tagann Eamonn Fitzgerald ar nua-Bhéarla: "leanback". Sin é an difríocht leis an gcaighdeán seo teilifíse idirlín, dar leis an gcomhlacht: go suífeá siar chun féachaint air, in ionad cromadh chuige.

Ní raibh aon easpa cáinte sna blaganna don Sunday Independent agus don Mail on Sunday as an dtuairisceoireacht a dheineadar ar bhás tragóideach an tSairsint Tania Corcoran agus a mac. Tráchtann an t-iriseoir Adam Maguire ar an leisce atá ar eagarthóir an Sunday Independent, Aengus Fanning, aon leithscéal a ghabháil.

Tagann na blagadóirí agus imíonn siad, agus uaireanta eile fileann siad arís. Cé go raibh "that girl" ar saoire óna blag "thinkingoutloud.biz, d'fhill sí arís air. Agus anois, tá sí tréis cuireadh a thabhairt do roinnt sean-bhlagadoirí eile aoí-mhíreanna a scríobh. Ina measc, tá beirt a bhí in adharca a chéile tráth: Fiona Londras agus Richard Waghorne. N'fheadar an meallfar chun na bruíne arís iad?

Lipéid: , ,

4 Freagraí:

Arsa Anonymous Anonymous ...

Go raibh a maith agat a Chonn - arais arís!

20 March, 2007 22:23  
Arsa Blogger Conn ...

Tá fáilte romhat!

Ar ais arís? Tá - anois! Ach chailleamar an ceann inné ag siopadóireacht agus bhíomar ró-dhéanach don eitilt aréir dá bharr!

Dála an scéil, bhí Gaeilge bhreá ag Captaen Ryanair ar Eitilt FR103 as Stansted Londain ar maidin inniu! :)

21 March, 2007 15:27  
Arsa Blogger Pádraig Schaler ...

Hi, an bhfuil tú fós ag scríobh don nuachtán Lá Nua?

04 April, 2007 18:17  
Arsa Blogger Conn ...

Hi a Phádraig - tá, ach tá éiginnteacht faoi láthair maidir le lá foilsithe mo cholúin. Foilsíodh colún de mo chuid Dé hAoine seo chaite, agus ní raibh seans agam é a chur anseo go fóill (déanfaidh mé ar maidin inniu é). Tá colún eile scríofa agus seolta agam chucu agus táim ag ceapadh go bhfoilseofar lé éigin anois é.

Súil agam go bhfuil ag éirí go maith leat féin - bead ag caint leat!

05 April, 2007 10:45  

Post a Comment

<< Home