Thursday, February 08, 2007

Foclóir 2.0 ?

Tá seo thar barr! Dheineas tagairt don gcomhlacht úr LouderVoice.Com san alt deireannach, agus spreagadh bunaitheoir an chomhlachta, Conor O'Neill, chun dul i muinín englishirishdictionary.com agus é á áistriú. Chuir sé sin ag smaoineamh é, an bhféadfaí módhanna pobail an ghreásáin nua a úsáid chun úirlisí dá leithéid a fheabhsú?

An toradh: breis agus scór tráchtaireacht ó dhaoine éagsúla ag plé na ceiste! Is daoine fíor-ghnóthacha iad atá ag glacadh páirt sa chomhrá, mar sin tá seans nach mbeidh toradh ar an gcaint - ach nach iontach mar sin féin an tsuim atá á léiriú?

Lipéid: , ,

3 Freagraí:

Arsa Anonymous Anonymous ...

Agus tá seo níos fearr fós ;-)
focloir.ie a Choinn

11 February, 2007 17:18  
Arsa Anonymous Anonymous ...

Pacáiste Eolais

11 February, 2007 19:03  
Arsa Blogger Harry McGee ...

Conn, tá mé ag baint fíor-taithneamh as do bhlag. Tá se ar fheabhas ar fad. Níl rud ar bith imeallach faoi, a mhac!

Harry

13 February, 2007 00:40  

Post a Comment

<< Home