Tuesday, March 13, 2007

Twitter: Cad ‘tá ar siúl agat?

Tá an t-alt seo foilsithe in eagrán an lae inniu de Lá NuaFaoin am go mbeidh an t-alt seo foilsithe, tá seans an-mhaith ann go mbeidh mé tar éis géilleadh don bhfiniméin is nuaí (agus b’fhéidir is amaidí) ar an idirlíon: Twitter! Go dtí seo bhí tú in ann leithéidí Bebo a úsáid chun comhrá a bheith agat le liosta cáirde a roghnaigh tú – ach tá casadh úr ar an scéal sin anois leis an gcóras nua seo.

Cosúil le Myspace nó Bebo, cuireann Twitter ar do chumas liostaí cáirde a ainmniú agus teachtaireachtaí a chur chucu. Ach níl córas Twitter ag iarraidh ort aistí fada a scríobh, nó plé casta a dhéanamh ar cheisteanna móra. Cuireann Twitter an cheist: “Cad ‘tá ar siúl agat?”, agus tugann sé an deis duit teachtaireacht ghearr le smaoineamh sealadach a roinnt láithreach le do cháirde – ar leathanach idirlín, nó i dteachtaireacht mheandarachta – nó fiú i dteachtaireachtaí teács go dtí fón póca.

“Cad chuige?”, deir tú. Bhuel, ní fheadar éinne fós cad chuige Twitter – ach níl sin ag cur stop leis an twitteráil! Rud eile: shílfeá gur déagóirí is mó a chuirfeadh dúil i Twitter – ach ní h-amhlaidh atá in aon chor! Go dtí seo, tá an nós ag scaipeadh don chuid is mó i measc daoine atá críonna a ndóthain – lucht na teicneolaíochta a bhformhór ag an bpoinnte seo.

Mar a thuarisicíonn Ross Mayfield, thart ar seachtain ó shin, thosnaigh an pléascadh i líon na dtwitteoirí. Agus tá sé tráthúil go maith, ó tá a chéad lá breithe ag Twitter inniu. Fuair sé bronntanas deas Dé Domhnaigh nuair a fógraíodh gur bhuaigh sé an Gradam don mblag-úirlis is fearr ag an bhféile South-By-South-West (SXSW) in Austin, Texas.

Dála an scéil bhí suíomh Éireannach istigh ar an gcomórtas sin chomh maith, i rannóg na mac léinn. Thaisteal 4 mac léinn iarchéime ó Choláiste an Tríonóide ó cheann ceann na tíre ag glacadh pictiúirí don dtionscnamh. Tá torthaí a saothar ar aroundireland.net.

Seachtain na Gaeilge 2007Mar aon le h-iarrachtaí eile ar mhaithe le Seachtain na Gaeilge, is cinnte go mbeidh méadú ar an méid Gaeilge a scríobhfar i mblaganna an tseachtain seo. Inné, thug eagarthóir polaitiúil an Irish Examiner, Harry McGee, an dea-shampla nuair a d’fhoilsigh sé alt lán-Ghaeilge ar a bhlag pearsanta ag harrymcgee.blogspot.com.

Ar deireadh, agus fógra teilifíse Trócaire d’fheachtas an Charghais faoi chosc ag an gCoimisiún craolacháin ar TV3, tá cuid mhaith blagadóirí Éireannacha ag taispeáint an leagan YouTube ar a suíomhanna i dtaca leis an dteachtaireacht atá ann. Is féidir é a aimsiú gan stró ar Google, nó tá sé anseo againne chomh maith ar imeall.com.


Lipéid: , , ,