Thursday, November 22, 2007

Imeall #183: Meascáin!!

Buail anseo chun éisteachta!

Tá an t-alt seo foilsithe in eagrán an lae inniu de Lá NuaNíl aon iontráil fós ag tobar na téarmaíochta, focal.ie, don bhfocal mashup. Ní h-aon iontas an méid sin, mar is focal cuíosach nua é tríd is tríd. Ach más amhlaidh dó, measann daoine áirithe gur focal cuíosach tabhachtach é, agus an módh oibre a samhlaítear leis ó thaobh na cruthaitheachta de.

Tá saghas amháin mashup, go bhfuil cur amach go forleathan air le fada. ‘Sé sin an meascán ceoil. Le teacht an “samplú digiteach” tháinig forbairt ar mhodh nua cruthaitheachta don gceol, go h-áirithe i réimse an “hip-hop”. Is minic na scórtha blaiseadh beag fuaime éagsúla in aon amhrán amháin. Tá plé maith ar an nós seo, agus ar na h-impleachtaí atá ann do chúrsaí cóipchirt, i gclár raidio dár teideal “The Funky Drummer”, cuid den sraith iontach “Sound Stories” ar RTE Radio 1 atá léirithe ag Luke Clancy. Tá moladh mór tuillte ag RTE go bhfuil sé seo, agus scoth agus rogha a gcuid clár, ar fáil mar phodchraoltaí ag rte.ie/radio/podcast.

Anois tá saol na teicneolaíochta ag foghlaim ó na ceoltóirí. Is fada “ath-úsáid” agus comhoibriú bhogearraí ina sprioc ag dearthóirí na gcóras faisnéise. Agus anois go bhfuil an t-idirlíon forbartha mar atá, tá dearcadh nua ar bhogearra mar sheirbhís ar féidir a chur ar fáil ar an ngréasán, “ar cíos” más maith leat, seachas breathnú ar bhogearra mar tháirge a díoltar, agus a seasann leis féin.

Anois má fhéachtar ar an ngréasán domhanda mar mhachaire fairsing ina bhfuil na seirbhísí éagsúla seo “ag fás” ina chuid páirceanna, cad iad na dinnéir éagsúla ar féidir a chur ar an mbord, ag meascadh na dtorthaí éagsúla atá ar fáil don gcócaire?

Sin é an gréasán in-ríomhchláraithe! Tá léarscáil maith de le fáil ar an suíomh programmableweb.com. Agus ag caint ar léarscáileanna, tá sampla maith den measc-chlárúcháin sa tsuíomh a luaigh mé an tseachtain seo chaite anseo: justroutes.com. Ní raibh ar na h-údair sin córas léarscáilíochta a chruthú as an nua, nó ní bheadh an suíomh déanta i 6 seachtainí acu! Bhaineadar úsáid as Google Maps chun an jab a chur i grích, meascaithe le co-ordnáidí na stadanna bus a chruinnigh siad féin le gléas saitilíte GPS.

Ní h-iad Google an t-aon dream a thacaíonn leis an measc-chlárúchán. Ag Mashup Camp Bhaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine (mashupcamp.com) bhí na boic mhóra go léir i láthair: Microsoft, IBM, agus Yahoo in a measc, gach ball acu ag moladh na n-úirlisí agus na comhéadain a chuireann siad ar fáil do measc-chláraitheoirí. Agus tá cuid des na h-úirlisí seo dírithe go speisialta ar dhaoine nach ríomh-chláraitheoirí iad. Is cosúil go gceapann ailtirí agus lucht straitéise na mórchomhlachtaí seo go bhfuil síolta ré úr ríomhaireachta sna mashups. Bímís ag cócaireacht, más ea!

  • Ceol: Mashup le Bobby Martini: Ain't no other man 'till you get enough
Lipéid: , , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

3 Freagraí:

Arsa Blogger Pádraig Schaler ...

tá sé iontach tu a chloisteail aris!

23 November, 2007 19:53  
Arsa Blogger Conn ...

Go raibh maith agat a Phádraig. Conas tá agat féin?

25 November, 2007 10:12  
Arsa Blogger Pádraig Schaler ...

Go maith, gnóthach leis an Ardtheist! bhíos ag éisteacht le Raidio na Life inné (nó ar an Máirt - ní chuimhin liom) agus bhí duine de chuid FAOINSE ag labhairt foai "Gael na Bliana" agus chuala mé go bhfuil tú ainmnithe!! Bhí ard-mholadh aici duit. Comhgairdeachas!

28 November, 2007 22:00  

Post a Comment

<< Home