Thursday, December 06, 2007

Imeall #185: Cás Aidan

Buail anseo chun éisteachta!

Tá an t-alt seo foilsithe in eagrán an lae inniu de Lá NuaTá sé ag tárlú arís. Dhá mhí ó shin tuairiscíodh sa nuachtán seo go bhfuair scoláire Meiriceánach fáilte fhuar ó sheirbhísí inimirce na tíre seo toisc gur theastaigh uaidh go mbeadh a chlann in éineacht leis agus é ag staidéar in Ollscoil Chorcaí.

Más cuimhin libh, dhein Keola Donaghy a dhícheall a fháil amach roimh ré, cad iad na coinníollacha a shásódh Oifig Inimirce na nGárdaí maidir lena iníon agus a cuid scolaíochta. Ach tar éis dóibh an t-aistear ó Hawaii a thabhairt orthu féin, fuaireadar an doras iata ina gcoinne.

An dea-thoradh atá ar an scéal ó shin ná go bhfuil glactha le Keola ar chúrsa iarchéime sa Nua-Shéalainn a thosnóidh tar éis na Nollag. Agus tá Céad Míle Fáilte curtha ag rialtas na tíre sin roimh a chlann chomh maith.

Tá Keola i dteagmháil i gcónaí lena cháirde in Éirinn, lena bhlag culture-hack.com. Agus is ó bhlag eile a chloisimíd go bhfuil an chéad chaibidil eile sa scéal seo á nochtadh.

Is mic léinn iar-chéime iad James Britton agus a bhean chéile Erin. I láthair na h-uaire, tá Erin ag staidéar ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, áit a raibh James ina teannta go dtí gur fhill sé ar Mheiriceá chun tuilleadh staidéir a chríochnú. Tá duine eile sa chlann chomh maith: a mac, Aidan, atá 4 bliana d’aois.

Tá Aidan ag freastal ar an mbunscoil ar an gCladach i gcathair na Gaillimhe ó thús na scoilbhliana seo, ach inné dúirt Gárda lena mháthair go gcaithfidh sé an scoil a fhágaint, nó díbreofar as an dtír é.

Tá an scéal ar fad ar an mblag ag jamesrbritton.com, agus tá blagadóirí eile ag tosú ag cur suime ann. Tá tuilleadh poiblíochta á fháil aige ar an suíomh digg.com, suíomh ar ar féidir leis an lucht léite vótaí a chaitheamh ar na scéalta a gheobhaidh tús áite ar an leathanach. Ní dócha go bhfuil deireadh ráite ar an ábhar seo go fóill.

Táim cinnte gur luaigh mé Paddy’s Valley cheana anseo. Sin é an misean neamh-oifigiúil tráchtála go Silicon Valley, a bhfuiltear ag réiteach chuige leis an gcuid is mó de bhliain.

Bhuel, tá an lá tagtha agus, an tseachtain seo, tá thart ar scór fiontraí teicneolaíochta ón dtír seo ag líonrú le saoithe an tsileacain thall. Tá tuairiscí dá gcur abhaile acu, ar paddysvalley.org, i bhfoirm sruth mion-teachtaireachtaí ar jaiku.com/channel/paddysvalley agus fiú i bhfoirm físeán ag paddyvalley.blip.tv.

Dála an scéil, seo suíomh suimiúil chun cuidiú leat Wikipedia a léamh ar ghléas póca: wapedia.mobi. An bhfuil fhios agat go bhfuil leagan Gaeilge ann, an Vicipéid? Tabhair cuairt ar ga.wikipedia.org. B’fhéidir gur mhaith leatsa cur lena bhfuil ann?
  • Beannachtaí le gach aon duine a chas orm Dé Domhnaigh seo chaite ag Gradam Gael na Bliana agus ag Gradam Gnó na Gaeltachta. Bhí an-lá againn sa Ghaillimh.
  • Ceol Podslán: Derek Malone le 3 Blind Mice.
Lipéid: , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

4 Freagraí:

Arsa Blogger Séamas Poncán ...

Comhghairdeas leat as na duaiseanna. Ar inis tú do Joe Steve go bhfuil aithne agat ar scríbhneoir eile darb ainm Ó Neachtain? ;- )

11 December, 2007 15:05  
Arsa Blogger Conn ...

Go raibh maith agat! Ní raibh ach cúpla focal agam le Joe Steve, ach bhí sé an-deas bualadh leis.

11 December, 2007 17:15  
Arsa Anonymous Anonymous ...

'Sé an fadhb atá ag baint le cás Aidan, is dóigh liom, ná nach bhfuil a tuismetheóirí ag íoc cáin (?). Mar sin, tá a oideachas "ceannaithe" acu saor in aisce, fad is atá na daoine Éireannach ag díol don oideachas céanna tríd an córas cáinne.

Sé sin ráite, áfach, tá scoláirí innealtórieacha agus eolaíochta á theastáil ag an oireachtas, agus mar sin caithfimid rud éigean a chur i bhfeidhm, mar shampla "invoice" a thabhairt do tuismetheóirí cuairteorachta ar son oideachas a pháiste. Má tá research úsáideach á dhéanamh acu, d'fhéadfadh cabhrú airgid a thabhairt dóibh chun íoc as an invoice sin.

-- Brian

17 December, 2007 15:24  
Arsa Blogger Conn ...

Go raibh maith agat a Bhriain as do thuairim ...

... ach seo an rud: más fiú daoine a mhealladh anseo chun taighde a dhéanamh (agus is fiú go mór é im' thuairimse) caithfear a bheith ionraic macánta leo ón dtús faoi na coinníollacha a bhaineann le cónaí agus staidéar sa tír seo.

Is ar na institiúidí léinn is mó an atá an fhreagracht seo, im thuairimse. Is orthu is mó atá an locht ó thaobh soiléiriú na gcoinníollacha sin leis na mic léinn sara dtagann siad anseo. Is iad is cóir a bheith ag achainní ar a son i gcásanna den tsaghas seo. Agus is iad ba cheart a bheith ag bualadh ar dhoras an Aire Dlí agus Cirt chun an seafóid-pholasaí seo a chur in a cheart.

Mar is iad na coláistí is mó a bheidh thíos leis anois go bhfuil an scéal ag scaipeadh ar fud an domhain, go dtugann Éire bata agus bóthar do thaighdeoirí iarchéime a bhfuil clann acu.

Is mór an náire é.

Mar 'sí an fhadhb chéanna atá anseo agus a bhí i gcás Keola. 'Sé sin le rá: nach bhfeadar údaráis na tíre seo baithis ná bundún a gcuid polasaithe féin, agus go dtugtar eolas mí-chruinn do dhaoine a mhealltar anseo ar a gcostas féin, chun gur féidir leo a fháil amach ina ndiaidh sin go bhfuil siad ag briseadh an dlí ag cur a bpáistí ar scoil.

OK, caithfidh rialach a bheith againn ach 'sí an fhadhb atá anseo ná nach gcuirtear daoine ar an eolas futhu sara dtagann siad. Ach fiú dá gcuirfí, nár dhoigh leat nach ligfeadh an náire dúinn a admháil, mar náisiún ós comhair an tsaoil, go bhfuil a leithéid de riail againn in aon chor? Mar cuireann sé teachtaireacht lom amach maidir le dearcadh na tíre seo ar an oideachas agus ar an léann. Cuireann sé in iúil gur barbaraigh neamh-oilte sinn a chuireann srianta ar thaighdeoirí ard-léinn ó thíortha eile, agus a chuireann cosc ar leanaí ag dul ar scoil.

17 December, 2007 21:15  

Post a Comment

<< Home