Thursday, January 17, 2008

Ron Paul agus na Nerds

Tá an t-alt seo foilsithe in eagrán an lae inniu de Lá NuaBhí botún san alt seo mar ar foilsíodh é sa nuachtán an tseachtain seo chaite. Dúradh go mba liobrálach é Ron Paul, duine des na h-iarrthóirí do ainmniúchán uachtarántachta Pháirtí na Poblachta i Meiriceá.

Dár ndóigh, ní liobrálach in aon chor é Ron Paul. Is liobraíoch é, nó mar a deirtear sa Bhéarla: libertarian. Tá an-dhifríocht idir an dá rud!

‘Sé tá sa liobraíochas ná fealsúnacht pholaitiúil a chuireann béim ar leith ar shaoirse an duine agus ar chearta maoine, agus a chuireann in aghaidh rialacháin agus rialtas gníomhach.

Tá teoiricí ar leith i gceist maidir le h-eacnamaíocht agus córas airgeadais, agus tá cuid mhaith liobraíoch i gcoinne Chogadh na hÍaráice chomh maith. Molann an fhealsúnacht seo rialtas “beag”: nach cuireann a ladar i saol a saoránach féin, ná i gcúram thíortha eile ach an oiread.

I Meiriceá, tír na saoirse, tá slí do gach aon saghas fealsúnachta agus creidimh – agus tá cuid mhaith i dtuairimí an liobraíochais a mheallann daoine a bheag nó a mhór. Níl aon duine ag iarraidh labhairt i gcoinne na saoirse, an bhfuil?

Ag labhairt ar a son tá an clár raidio Free Talk Live a chraoltar ar na scórtha stáisiún raidio ar fud Mheiriceá, agus atá in a phodchraoladh chomh maith. Agus tá feachtas ar siúl ag cuid acu chun “saorstáit” a bhunú a thabharfadh tús áite do phrionsabail an liobraíochais.

Is é New Hampshire an stáit atá roghnaithe ag an Free State Project agus tá siad ag iarraidh ar a lucht leanúna geallúntas a shíniú go mbogfaidh siad go New Hampshire, agus nuair a bheidh siad ann go n-oibreoidh siad “chun sochaí a chruthú in arb é an ról is mó a bheidh ag an rialtas sibhialta ná cosaint na beatha, na saoirse agus na maoine”.

Is é sin an ráiteas is mó a thugann léargas ar chré na liobraíoch. Níl slí ann do sholáthar oideachais ná cúram sláinte ag ranna rialtais. Tá saoirse ag an nduine a rogha rud a dhéanamh chomh fada is nach gcuireann sé isteach ar bheatha, ar shaoirse ná ar mhaoin a chomharsan.

Má tá poinntí maithe ag an bhfealsúnacht seo, d’aontódh mórán daoine go bhfuil go leor argóintí in a coinne chomh maith. Sin an chúis go bhféachtar ar leithéidí Ron Paul mar iarrthóirí imeallacha i measc an phobail i gcoitinne, agus sna gnáth-mheáin chumarsáide. Ach mar a dúirt an tseachtain seo chaite, tá difríocht suntasach idir an tacaíocht atá ag an Dr. Paul sa tsaol mór agus an tsuim a chuireann lucht an idirlín ann, áit a bhfuil sé i measc na n-iarrthóirí is mó trácht air.

Is é an freagra is coitiantaí a thugann Ron Paul ná gurb é Bunreacht na Stáit Aontaithe a phríomh-threoir i ngach ceist. Sílim go luíonn an smaoineamh sin go maith le nerds an idirlín, ar mhaith leo cáipéis a shamhlú ina mbeadh réiteach gach ceiste – ar nós clár ríomhaireachta maith!

Dream eile a mhealltar chuig na fealsúnachta sin ná lucht na ngunnaí. Cuid mhaith acu sin, is baill iad de mhílistí aitiúla. Is nós é seo a mhol cuid des na “founding fathers” agus atá taobh thiar de “Cheart na n-Arm” mar atá sé i mBunreacht Mheiriceá. Maítear gur deacra a bheadh sé pobal armtha a chur faoi chois – ag ionróirí, nó ag a rialtas féin fiú.

Ach más loighiciúil, réasúnta cuid des na smaointe seo i slí amháin, faraoir is minic go ngabhann rudaí gránna in éineacht leo: ciníochas agus sceimhlitheoireacht ina measc. Bhí Timothy McVeigh, buamálaí Oklahoma, in a liobraíoch.

Séanann lucht Free Talk Live an fhoréigean, mar a shéanann Ron Paul na tuairimí ciníocha a léirigh scríobhnóir anaithnid i nuachtlitreacha a foilsíodh in a ainm sna nóchaidí. Ach spreagadh cuid mhaith dá lucht leanúna idirlín chun athmhachnaimh nuair a tógadh raic faoi na litreacha arís an tseachtain seo chaite. Mar a deir an seanfhocal: "Inis dom do chomhluadar agus ‘neosfad duit cé thú féin".

Lipéid: , ,

3 Freagraí:

Arsa Blogger Cionaodh ...

Measaim go bhfuil an focal "Liobraíochas" beagán dímheasúil.

Tagann an focal "libertarian" as "liberty" -- "saoirse" i nGaeilge. Ceapaim go thagann "liobrachas" as an mbriathar "liobair" (tear, shred, berate, scold). Ní ceart é sin ar bith, i mo thuairimse. Cá bhfuil an focal tábhachtach -- saoirse (liberty)?

Fuair mé cúpla focal i m'fhoclóir Dineen -- measaim go mbeadh siad níos fearr:
Saoirseach (a) "fond of liberty"
Saoirsineach (nó Saoirseánach) (n) "a free man"

Saoirseach is ea Ron Paul, agus ba mhaith leis a bheith ina shaoirsineach, ach níl sé ina bhall sa Pháirtí Shaoirsigh sna S.A.M.

Cad a mheasann tú/sibh?

17 January, 2008 15:52  
Arsa Blogger Conn ...

GRMA as seo a Chionaodh, tá poinnte suimiúil agat.

Chuardaiós focal éigin a bheadh bunaithe ar "saoirse" ach ní bhfuaireas aon cheann. (Níl an Duinníneach agam, ach ceapaim go bhfuil cóip i sean-chnuasach m'athar - caithfidh mé é a chuardach.)

Fuaireas liobraíoch ar focal.ie. Caithfidh mé a rá nach rabhas go h-iomlán sásta leis, ós rud é nach féidir é a mhíniú gan é a aistriú go Béarla! :)

18 January, 2008 10:57  
Arsa Blogger Cionaodh ...

Do fuaireas an sainmhíniú fonóideach seo ó http://briathar.materdei.ie:

"Liobraíochas: an tuairim gur chóir go mbeadh gach duine saor chun smaoineamh agus gníomhú mar is fearr leis féin, gan a bheith faoi theorainneacha ag an rialtas."

Measaim go raibh ainrialaí ar intinn acu nuair a scríobh siad é sin!

18 January, 2008 14:34  

Post a Comment

<< Home