Tuesday, June 07, 2005

Runaway Sunday

In éineacht le Peter Gabriel, tá cluas agam fé láthair don albam "Runaway Sunday" le Altan. Bhíos idir dhá chomhairle an gceannóinn an ceann sin, nó "The Red Crow" - ach bhí cuid mhaith den Red Crow cloiste agam cheana. Ní fear mór port agus ríleanna mé de ghnáth - ach is breá liom na h-amhráin go speisialta. Is aoibhinn an ceoltóir í Máiréad Ní Mhaonaigh agus is breá liom a bheith ag éisteacht léi.

I wish my love was a red red rose thar barr ar fad. An saghas amhráin nár mhaith leat go stopfadh sé. Is minic, nuair a chríochnaíonn sé, go gcuirim an seinnteoir siar go tús an amhráin sin arís chun é a chlos arís. Tá Gleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair ann chomh maith. Amhrán Gaeilge é seo a scrígh athair Mháiréad, Proinsias Ó Maonaigh, le fonn Paddy's Green Shamrock Shore. Sílim gurb é an t-amhrán is fearr liom ar fad é i láthair na h-uaire. Bhí meas ar leith agam le tamall maith ar an bhfonn sin. (Creid nó ná creid, thug na Corrs léiriú an-bhreá dó ar a gcéad albam.) Ach ní raibh 'fhios agam go raibh an leagan Gaeilge ann go dtí gur chuala cara liom á chanadh ag pósadh mo dheirféar anuraidh. B'fhéidir gur mar gheall ar go gcuireann sé spórt na h-oíche san i gcuimhne dom é, ach tá dúil mhór agam san amhrán ó shin. Agus is é leagan breá anamúil Paul Brady an ceann is ansa liom - tá sé aige ar an albam Éist - Songs in Their Native Language. Tá cóip agam sa charr, agus mar a déarfadh Dara Ó Cinnéide: ardaíonn sé an croí!!

Tá leagan Altan des na Gleanntáin Ghlasa an-shéimh i gcomparáid le Paul Brady - ach tá sprid agus anam dá chuid féin aige. Agus tá an-éifeacht sa didgeridoo: taibhsí na h-eisimirce ina ghlór.

Tá amhrán ar leith ag cur críoch leis an albam: Time has Passed. Is ar an mbás atá an t-amhrán seo ag trácht - ar an mbás agus ar an gcaidreamh atá briste ag an mbás. Is í Máiréad féin a scrígh é, agus is dócha gur in ómós do Frankie Kennedy atá sé, ach tá na smaointí atá ann fíor do dhuine ar bith atá ag caoineadh duine muinteartha: "I must carry on".
Mo ghrá go deo, I lár mo chroí
Mo ghrá go deo. 'Fhad a bhéas mé beo

Chuala Mark Kelly ón ngrúpa á chur faoi agallamh ag Áine Hensey ar RTE Radio 1 cúpla oíche ó shin. Tá albam nua acu, is cosúil: Local Ground. Chas Áine suantraí an-dheas Dún Do Shúil. Ceann eile don wishlist!

Lipéid: , ,

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home