Wednesday, July 27, 2005

ImeallPod 6 : Conas podchraoladh

Bhuel - tá roinnt seachtainí caite agam ag cleachtadh le modh nua cumarsáide seo an phodchraolta - agus tá deis agam anois cur síos beag a dhéanamh ar chuid des na modhanna agus des na h-úirlisí ar féidir a úsáid chun briathra do bhéil a scaoileadh le sruth an idirlín.

Tá trí chéim sa phodchraoladh:
  • Taifeadadh. Táirgeadh an chomhaid (MP3 de ghnáth).
  • Suiteáil. An comhad a chur ina shuí ar ríomhaire freastail ar an idirlíon.
  • Soláthar RSS a ullmhú chun an tsraith phodchraolta a fhógairt agus chun bogearra léite RSS de chuid an lucht éisteachta a threorú go dtí suíomhanna na gcomhad MP3 ar bhall iad don tsraith sin.
Taifeadadh
Dhein an blagadóir agus podchraoltóir Tom Raftery, cur síos ar a mhodh podchraolta le déanaí. 'Sé an ríomhchlár eagartha fuaime Audacity a d'úsáid seisean chun a chuid taifeadta a dhéanamh. Bhaineas féin triall as Audacity – agus níl aon dabht ach gur cumasach an uirlis í. Tá an cód foinse oscailte agus tá sé saor in aisce. Chun an fhírinne a rá tá an-chuid feidhmeanna ann nach gá don ngnáth-phodchraoltóir a bheith buartha fúthu. Mar sin, ba mhaith liomsa ríomh-chlár eile a lua anseo, ceann atá i sain-oiriúint don bpodchraoladh, 'sé sin: Castblaster.

Má éistíonn tú leis an Daily Source Code le Adam Curry, beidh fhios agat faoi Castblaster. Seo bog-earra atá forbartha ag comhlacht Curry, agus baineann sé úsáid as go minic chun an Daily Source Code a thaifeadadh. Tá seo an-shimplí le n-úsáid agus ní amháin go ndeineann sé taifeadadh ar an MP3, ach tá cliant FTP fite leis a chaithfidh in áirde ar an bhfreastalaí gréasáin duit é nuair atá sé ullamh. Ach 'sé an bua is mó atá aige ná go bhfuil comhdhlúthóir/sriantóir comhtháite ann. Tá seo riachtanach le h-aghaidh ionchódú comharthaí urlabhra. Tá raon dinimiciúil an-leathan ag comharthaí urlabhra - agus tá sé deacair iad a ionchódú go sásúil. Má bhíonn leibhéal na fuaime ró ard tarlaíonn "clipping" nó "ró-mhódhnú". Is féidir an leibhéal a ísliú go dtí go bhfuil buaicphointí an chomhartha laistigh den uas-leibhéal - ach ansin chítear go bhfuil formhór an chomhartha ró-íseal ar fad - go h-áirithe i gcomparáid le píosaí ceoil, a bhfuil leibhéal i bhfad níos cothromaí acu. Mar réiteach ar na fadhbanna seo, baineann craoltóirí gairmiúla úsáid as comhdhlúthú (chun an raon a chúngú) agus srianú (chun cosc ar "clipping"). Is mór an chabhair iad seo don gcraoltóir aibí, gan trácht ar phodchraoltóirí gan mórán taithí micreafóin. In Castblaster, tá na h-úirlisí seo fite fuaite sa ríomh-chlár, agus is mór an áis iad.

Suiteáil an chomhaid MP3 ar an idirlíon
I láthair na h-uaire tá na comhaid ina suí agam i ngnáth-chúntas IOL. Ach má leanaim ar aghaidh leis an bpodchroaladh, ní thógfaidh sé i bhfad orm an 100MB saor in aisce atá agam ansin a líonadh. Deineann Tom Raftery tagairt do láithreáin eile atá sásta comhaid fuaime a choimeád saor in aisce, agus tá sé i gceist agam féachaint ar na roghanna sin. Má bhíonn éileamh mór ar do phodchraoladh ní hé an spás stórála a bheidh ina mhórchúram agat, áfach. Beidh ort ceisteanna bandaraoin a thógaint san áireamh chomh maith, agus na comhaid a shuitéail ar chóras dáilithe atá in oiriúint don éileamh, mar shampla Akamai. Nochtaíodh fadhbanna éilimh do roinnt mhaith podchraoltóirí mór le rá nuair a seoladh iTunes 4.9. Ach don ngnáth-phodchraoltóir ag tosnú amach, le b'fhéidir cúpla dosaen síntús, ní cóir go mbeadh orthu a bheith buartha faoin éileamh ag an tús.

Ullmhú an tSoláthair RSS
'Sé an comhad beag XML i bhfoirm RSS a chuireann ar chumas an úsáideora "síntús" a dhéanamh do bhlag nó do phodchraoladh. Gach uair a chuirtear réimse nua <item> leis an gcomhad, fógraítear go bhfuil mír nua sa tsoláthar. I gcás phodchraoladh, cuirtear lipéad <enclosure> laistigh den réimse <item> sin, ag tagairt don URL, don fhaid, agus don tsaghas comhad, mar shampla:
<enclosure url="http://www.imeall.ie/imeallpod-2005-07-02.mp3" length="1132045" type="audio/mpeg" />. Mar a luaigh Tom Raftery, cuireann Wordpress, mar aon le córais eile is dócha, an lipéad iatáin seo sa tsoláthar RSS go huath-oibríoch. Ach faraoir, ní hamhlaidh atá do Blogger.com.

Ach tá módh sáraithe do easnamh seo Blogger.com. Is féidir Soláthar Feedburner a chruthú, á thógfaidh soláthar Atom le Blogger.com mar ionchur. Níl le déanamh ach nasc a chur go dtí an comhad MP3 i do bhlagmhír, agus cruthóidh Feedburner an lipéad <enclosure> dó sa tsoláthar. Agus sin a bhfuil! Tá tú i do phodchraoltóir!

Tá dea-shampla Tom Raftery dá leanúint agam, agus tá an t-alt seo ina phodchraoladh chomh maith. Chomh maith leis san, cuirfidh mé leagan Béarla in áirde go luath ar shuíomh phobal podchraolta na hÉireann ag Podcom.org.

Lipéid: , ,

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home