Le bhúr dtoil, ná déanaígí na rudaí seo
Tá oiread eolais ag teacht fénár mbráid na laethanta seo go mbíonn orainn nósanna mearléitheoireachta a chleachtadh, ach baineadh geit asam nuair a leagas súil ar an bpíléar-liosta seo ar shuíomh Bhus Átha Cliath:
Lipéid: irishblogs, gaeilge
Comhartha eile, a mheasas ar dtús, go bhfuil an phríomhchathair sin ag tréigint na céille! Léas arís é.
- Caith tobac.
- Leag do chosa ar na suíocháin.
- Bíodh do bhagáiste sa bhealach sna pasáistí ...
- Caith bruscar ar an urlár.
- Ith ... ar an mbus.
Le do thoil, ná:Tá an loighic tuathalach céanna in úsáid ar an leagan Béarla ach ná sílfeá go mbeadh níos mó céille ag an aistritheoir gan lom-aithris a dhéanamh air?
- Caith tobac.
- Leag do chosa ar na suíocháin.
- Bíodh do bhagáiste sa bhealach sna pasáistí ná ar na dóirse éalaithe.
- Caith bruscar ar an urlár.
- Ith ná ól ar an mbus.
Lipéid: irishblogs, gaeilge
0 Freagraí:
Post a Comment
<< Home