Seoda RSS
Seoda RSS atá cruinnithe agam le déanaí:
Lipéid: irishblogs, gaeilge
- Litríocht.com - Gach Leabhar Gaeilge i gCló. Cuimhnigh air! Ní gá dom bheith ag filleadh arís agus arís eile ar Litríocht.com ag féachaint an bhfuil leabhair nua acu. Tá síntús ag mo Léitheoir RSS leis an soláthar nua RSS atá a chur ar fáil acu. Anois, de réir mar a fhoilsítear leabhair nua, címse an fógra i measc na blúiríní nuachta, blagála agus podchraolta atá á bhfaire agam go laethúil. Táim fós ag sciméail ar an ngréasán - ach is ag leanúint nascanna nua atáim. Nuair a aimsím foinse nua, ní fhillim ar an suíomh sin arís. Cuirim an síntús i mo chlár comhbhailithe/léite RSS agus ansin bailítear an t-eolas nua ó na foinsí éagsúla isteach in aon leathanach amháin dom.
- Rssweather.com. Mar shampla, seo é an soláthar RSS do Aerfort na Sionnainne
- TheyWorkForYou.com. Mar shampla, seo leathanach Tony Blair MP - agus seo é an soláthar RSS. Dá mbeadh a leithéid ar fáil don nDáil, bheinn ar an eolas nách mór chomh luath agus a d'éireódh Jackie Healy Rae ina sheasamh.
- CNN.com. Podchraoladh ar Sheirbhís nuachta raidió CNN. RSS anseo.
Lipéid: irishblogs, gaeilge
0 Freagraí:
Post a Comment
<< Home