Thursday, July 07, 2005

RSS curtha i bhfeidhm ag RTE - ach diúltú do Phodchraoladh

Maidir le mo chuid tuairimíochta ar cheist an phodchraolta do RnaG, d'éirigh le Andrew Ó Baoill freagra a fháil ó RTE. Agus chím anois go bhfuil an córas nua á chur i gcrích acu anois ag tosnú le cláracha nuachta agus cainte. Níl i gceist ach go bhfuil leathanaigh na gcláracha éagsúla dá gcur i láthair sa bhfoirm chéanna agus atá ag cláracha cainte eile do chuid RTE, cláracha Radio 1, mar shampla.

Maíonn siad go bhfuil bacanna cóipchirt orthu maidir le cláracha ceoil a chur i bhfoirm MP3 - ach tá an ceart ag Andrew nuair a deir sé nach cóir go stopfadh san iad i gcás na cláracha cainte. Ach chun an fhírinne a rá, ní hé formad an chomhaid an gné is tabhachtaí den bpodchraoladh - ach go bhfuil soláthar RSS ag fógairt na gcomhad sin de réir mar a fhoilsítear iad, ionas gur féidir le iPodder, iTunes, Feeddemon, nó pé ríomhchlár atá in úsáid agam na comhaid sin a tharrac anuas dom as a stuaim féin gan an bhadaráil a chur ormsa a beith ag cliceáil go dtí an comhad féin agus ansin fanacht go n-íoslódálann sé.

Is fusa go mór an podchraoladh don éisteoir - tá níos lú "ríomhaireachta" ann! Agus is fuirist do chraoltóirí é a chur i bhfeidhm chomh maith - rud a léiríonn an BBC lena Litir do Lucht Foghlama. Seo é an soláthar RSS. Ná bac lené a léamh - ní mar sin a oibríonn sé! Caith isteach an nasc in iPodder nó Feeddemon agus féach ar an ndraíocht! (Ní oibríonn gnáth RSS le iTunes. Córas sealbhach is ea é a chuireann podchraoltaí áirithe ar fáil.)

Ach is de réir a chéile a thagann athraithe den tsaghas seo - agus is maith an rud é go bhfuil RSS á chur i gcrích anois ag RTE dá gcuid scéalta nuachta. Táim ag ceapadh go gcífidh siad an dea-thoradh ar an ngníomh sin agus ní fada go mbeidh iatáin fuaime agus físe istigh leis na soláthair sin!

Lipéid: , , ,

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home