Wednesday, April 16, 2008

An t-idirlíon nua?

Seo alt a d’fhoilsigh Conn in Lá Nua ar an 10ú Aibreán.

Bhíos i mBéal Feirste Dé Luain, ag múineadh cúrsa traenála ar chúrsaí idirlín, líonrú sóisialta, blagadóireacht srl. Tá an-shuim sna réimsí seo le déanaí, agus 'sí an cheist is minicí a chloisim ná "cad é an scéal nua anseo? Níl ann ach an t-idirlíon céanna a bhí riamh ann, nach ea?"

Bhuel, 'sea - agus ní h-ea.

Ar shlí amháin, níor athraigh an bunphrionsabal ó dhein Tim Berners-Lee an chéad suíomh WWW i 1990. Ar an slí chéanna, níor athraigh sé ó dúirt Alexander Graham Bell "Mr Watson, come here". Nó ó thaínig Maois anuas ón sliabh le taibléidí cloiche. Má tá na clocha sin ina bpúdar anois, tá an teachtaireacht a bhí orthu fós beo.

Nach ait an rud é cumhacht na faisnéise? Ní féidir lámh a leagan ar scéal. Ní féidir é a ithe. Ach is féidir é a dhíol agus a cheannach.

Ní féidir é a scrios - ach is féidir é a lúbadh agus a chur as a riocht.

Seasann impirí agus cumhachtaí móra ar an smacht atá acu ar chúrsaí faisnéise - agus titeann siad dá réir chomh maith céanna.

Níl aon amhras faoi chumhacht na faisnéise, agus faoin maoin agus saibhreas atá cruinnithe acusan atá in máistrí uirthi. Níl aon scéal nua sa mhéid sin. Níl athrú ar an mbunphrionsabal.

Ach táimíd ar chéim eile ar fad anois, le comhdhíriú na gcúinsí éagsúla i bpróiseáil agus i seachadadh na faisnéise.

Ar an gchéad dul síos, tá forbairt agus forleathnú an leathanbhanda. Ní guthanna agus téacs amháin atáimíd in ann a sheachadadh, ach ceol, scannáin, comhdháileanna, cruinnithe agus comhráití. Is féidir suí ós comhair ceamara agus cumarsáid iomlán a dhéanamh, le brí, le guth, agus le geaitse. Is féidir taispeáint, in ionad míniú. Is féidir a bheith "i láthair".

Sa dara h-áit, tá an fhorbairt sa chumarsáid soghluaiste. Ní amháin go bhfuil leathanbhanda againn, tá sé san aeir againn. Tá ceangal ardluais idirlín inár bpócaí againn, in aon áit 'na bhfuilimíd.

Sa triú h-áit, tá an fhorbairt sna giúirléidí soghluaiste. Is cumhachtaí go mór iad an iPhone agus an Nokia N95 ná na ríomhairí móra boird a bhí againn 10 mbliana ó shin.

Sa trí chúinse sin amháin tá cúis a dhóthain go bhfuil ré úr idirlín againn. Ach tá dhá rud eile nár luaigh mé fós. Ceann acu is ea an gné sóisialta, agus cé gur rud cuíosach simplí é le míniú, is dóigh liom gur fiú alt dá chuid féin é, mar sin féin.

'Sé atá sa chúigiú gné ná an gné seimeantach (semantic). Nílim cinnte gur leor alt amháin don ábhar sin, ach bainfidh mé triail as!

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home