Saturday, April 02, 2005

An Pápa agus Uair Chinniúnach na Nua-hEíreann

Tráthúil a dhóthain, agus deireadh réimeas an Phápa ag teannadh linn, thána ar an dtuairim seo ar shuíomh David McWilliams:
If events back home intrigue you, read on. All the domestic interviews and articles are written against the background of a new era in Ireland which began for me in September 1979, when a friend of my older sister lost her virginity. Obviously it was a serious day for her but maybe not for you. Yet the way she lost it is important for all of us. She was deflowered in a tent in Galway and there was drink involved. No big deal you might say. But she was attending the Pope's Mass for the pious and chaste "young people of Ireland" at the time. Now that is important. As an elderly, clerical gentleman from Poland lectured about the evils of pre-marital sex, Ireland's teenagers were fornicating within earshot. The New Era embraces the massive social change that has followed our economic boom, the end of emigration, our recent financial delinquency, immigration, house price bubbles and the extraordinary political schizophrenia that characterises discourse in modern Ireland. And as for losing it in a tent while listening to the Pope - stranger things have happened.
Deineann sé an tuarim seo a fhorbairt in a leabhar $aints and $pinners, agus is dóigh liomsa gur fíor dhó, sa mhéid is go bhfuil uair na cinniúna do sochaí na h-Éireann aimsithe go fíor-chruinn aige. Bainimse leis an nglúin céanna le David, agus go deimhin bhí an cheist chéanna á cíoradh agam féin agus ag mo chomhghleacaithe oibre le fíor-dhéanaí i gcaintín na monarchan. Sinne ar cuimhin linn cuairt an Phápa, tá cuimhne againn chomh maith ar thír a bhí an-dhifriúil ó Éirinn na 21ú aoise. Ár gcomhoibrithe óga, (na "John Paul"s agus níos óige!) is ar éigin a chreideann siadsan go gcaithteá oideas dochtúra agus teastas pósta a bheith agat sara gceadófaí duit coiscíní a cheannach (ó phoitigéar amháin). Is cuimhin liom an cheád meaisín díolta coiscíní a chuir Aonad na Mac Léinn in Ollscoil na Gaillimhe: bhí sé thiar i bpasáiste príomháideach a n-oifigí agus deineadh iontas mór dó. Bhí amhras ann ag an am go raibh sé mí-dhleathach; go deimhin, timpeall an ama céanna bhí achrann dlí faoi dhíol na n-ábhar céanna ag an Virgin Megastore i mBaile Átha Cliath.

N'fheadarsa cén dream is fearr as. An ghlúin a chuaigh romham, bhíodar faoi chois is cinnte, ach bhí saol níos simplí agus níos soineanta acu. An ghlúin i mo dhiaidh, níl easpa muiníne orthu. Mheasfainn gur cuid tabhachtach an mhuinín seo sa dul chun cinn eacnamúil atá déanta ag an tír seo - agus beidh an mhuinín agus an fhiontraiocht sin ag teastáil go géar chun cúrsaí na tíre a stiúradh i ngeilleagar nua na h-aoise seo. Ach, ainneoin an fhuadair atá anois orainn i gcúrsaí gnó agus tráchtála; ainneoin na saoirse pearsanta agus an réimse roghanna atá againn; ainneoin an fheabhais sa chaighdeán maireachtála; ainneoin an íslithe i ndífhostaíocht agus i mbochtanas; ainneoin go gcreidimse gur fearrde sinn anois ná riamh: táim míshuaimhneasach. Iarsmaí na sean-Éireann ag corraí i mo bhrollach, agus an Pápa ar leaba a bháis? - nó an bhfuil rud éigin bunúsach in easnamh orainn?

Suaimhneas síoraí duit, a Eoin Pól II, agus go bhfóire Dia orainn go léir.

Lipéid: ,

** - An Pápa agus Pointe Casaidh na Nua-hEíreann an teideal a bhí ar an alt seo i dtosach, ach ghlacas le dea-chomhairle na mball ar Chlár Plé Beo ná raibh ansan ach lom-aistriú leisciúil ar an mBéarla!

2 Freagraí:

Arsa Blogger Séamas Poncán ...

Tá an dán seo i mo leabhar (gach ceart ar cosnaimh):

Éire
le Séamas Ó Neachtain
(ón leabhar An File ar Buile)

Tráth dá raibh,
Bhí Éire ina solas don saol—
Naoimh agus scoláirí, mar a deirtear.
A glóir, ba í sin a creideamh.
Faoi bhrú is leatrom
Neartaíodh í, leathadh í.
Níos mó ná uair amháin,
Scaip Éire a hál Críostaí
Ar fud an domhain
Mar shíolta mustaird.
Anois, agus Éire ar mhuin na muice,
Feicim a fuath dá páistí,
A ginmhilleadh, a colscaradh, is a coiscíní,
A drabhlás agus a saobhadh—
Gach uile olcas ólta suas aici
Mar chúlsruth mór bréan salach.
Is cuimhin linn tráth a glóire—
Ach ar bhrionglóid é?
Tá na leabhair againn.
Nó an bhfuil tromluí orainn inniu?
Tá na leabhair againn.
Agus nuair a thiocfaidh Mac an Duine,
An bhfaighidh sé creideamh ar an talamh?

03 April, 2005 16:42  
Arsa Blogger Conn ...

An-dheas, a Shéamais,ach cogar: ré órga sin na naomh is na n-ollamh, im thuairimse bhí sé sin thart míle bliain roimh 1979.

Sílimse gur chun a leasa atá Éire imithe ó 1979 don chuid is mó, ach tá amhras ann faoi ghnéithe áirithe mar sin féin.

Go raibh maith agat as do shaothar a roinnt linn!

04 April, 2005 00:43  

Post a Comment

<< Home