Tuesday, February 13, 2007

An Ghaeilge i Lár Aonach na mBlaganna

    (Déanfar podchraoladh ar an alt seo amárach)
    Irish Blog Awards
Tá an fheadóg séidte agus an cluiche ar siúl. Tá an vótáil phoiblí ar siúl do Ghradam Blaganna na hÉireann agus cuirfear críoch leis Dé hAoine seo chugainn.

Tá an t-alt seo foilsithe inniu sa nuachtán Lá Nua.Ní shílim go bhfuilim ag baint mí-úsáide as an gcolún seo a cháirde, má chuirim ar an eolas sibh i dtaobh gné amháin den gcomórtas seo. ‘Sé sin le rá: go bhfuil deis anseo chun an Ghaeilge a chur chun chinn.

Má thugann sibh cuairt ar an suíomh awards.ie, chífidh sibh go bhfuil blaganna Gaeilge ainmnithe i gcuid mhaith rannóg seachas an rannóg Ghaeilge amháin. Is céim mhór chun tosaigh é an méid seo ann féin. Is fíor nár ghá ach an t-aon moladh amháin chun go n-áireofaí blag ar an liosta fada seo, agus go bhféadfaí gur ó údar an bhlag féin a tháinig an moladh seo ach - fiú más amhlaidh atá - sin duine amháin ar laghad a mheasann gur fiú an suíomh a chur faoi bhráid an phobail le breithiúnas a thabhairt air.

Nílim ag iarraidh go dtabharfadh éinne tús áite do bhlag Gaeilge ar an gcúis amháin gur i nGaeilge atá sé, ach má tá níos mó meas agat ar shuíomh mar gheall ar an dteanga ina bhfuil sé scríofa, nach bhfuil sé de cheart agat an tuairim sin a bheith agat? Agus nach bhfuil an meas céanna tuillte agatsa agus ag do thuairimí – is cuma cén t-údar atá acu – agus atá ag éinne eile? Agus má tá tusa ar son suímh ar mhaithe len é a bheith i nGaeilge, nach bhfuil fhios agat go mbeidh daoine áirithe in a choinne díreach ar an gcúis chéanna?

Déanaigí de réir bhúr gcoinsiasa, más ea, agus scaipígí an scéal le daoine atá ar aon intinn, agus chomh consiasach libh féin. An t-aon rud a d’iarrfainn oraibh ná gan níos mó ná vóta amháin a chaitheamh in aghaidh an duine. Sin é, dáiríre, an t-aon riail atá lucht eagraithe an chomórtais ag iarraidh a chur i bhfeidhm, agus tá córas á chur in áit acu chuige sin.

Seo dhaoibh, más ea, liosta na mblaganna Gaeilge (agus breac-Ghaeilge) atá ainmnithe: spailpin.blogspot.com, imeall.blogspot.com, achgohairithe.com, cainteoir.blogspot.com, chetwyndedowns.blogspot.com, naceithrehairde.travellerspoint.com, caomhach.blogspot.com, ansaol.blogspot.com, philo-celtic.blogspot.com, dorasoscailte.blogspot.com, spudshow.libsyn.com, gaeilgefaoithalamh.blogs.ie, somhairle.blogspot.com, hilaryny.blogspot.com, mhwombat.blogspot.com, myspace.com/nobyegarawn, roinntsmaointe.blogspot.com, gaeilgepanu.blogs.ie, agus aonghus.blogspot.com.

Tá blag Gaeilge ainmnithe i ngach ceann de 15 as an 22 rannóg atá sa chomórtas ar fad, agus tá an t-eolas ar fad, agus an fhoirm vótála ag awards.ie/vote.

In thuairimse, ‘sé an gné is suntasaí de bhlagadóireacht na Gaeilge ná an tslí in a dtéann sí i bhfeidhm ar mhórphobal blagadóirí Béarla na tíre seo. Spreagtar cumarsáid idir bhlagadóirí go han-éasca. Ní gá go mbeidís ag scríobh ar bhlaganna a chéile, fiú – is leor go ndéanfadh blagadóir amháin tagairt do bhlagadóir eile chun go n-aireodh an dara bhlagadóir go bhfuil nasc nua ag seoladh cuairteoirí chuige.

Sin é a tharla an tseachtain seo chaite nuair a scríobh mise faoi chomhlachtaí nua sa cholún seo. Níorbh fhada go raibh Conor O’Neill ó LouderVoice.Com ag cur suime sa mhéid a bhí ráite agam faoi, agus é ag dul i muinín englishirishdictionary.com chun cabhrú leis.

Chuir sé sin ag machnamh é ar na slite in a d’fhéadfaí nua-theicneolaíocht na wiki-eanna agus na ngreásán sóisialta a chur i bhfeidhm chun foclóirí aistriúcháin a thógáil ar an idirlín. Bhlágáil sé na smaointí a bhí aige agus tharraing sé slua maith tráchtairí isteach ar a bhlag ag plé na ceiste.

Fiontraíthe idirlín agus ceapaitheoirí is ea Conor agus a leithéidí. Bíonn smaointí mar seo acu gach aon lá. Tá fhios agam go bhfuil daoine eile ag obair ar áiseanna idirlín don nGaeilge i gcónaí. Ach nach deas an tsuim a fheiscint ó Éireannaigh éirimiúla nach bhfaigheann an deis plé leis an dteanga de ghnáth?

Rud a d’fhoghlaimíos agus mise féin ag glacadh páirt sa phlé seo – is cosúil go bhfuil an focal blag liostáltha anois ag an suíomh focal.ie. Ainmfhocal firinsncneach is ea é, de réir dealramh, sa 4ú díochlaonadh!

Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

1 Freagraí:

Arsa Blogger Eoin Ó Riain ...

Molaim thú a Choinn,

An-áthas orm an scéal a chloisint.

Duis in do rannóg féin ach an Grand Prix leis. Tuilte go maith agat.

Eoin

13 February, 2007 10:03  

Post a Comment

<< Home