Tuesday, April 22, 2008

Ag insint na fírinne

D'admhaigh scríbhneoir de chuid an sraith leabhair "The lonely Planet" le déanaí gur chum sé iontráilithe don leabhrán eolais faoin Bhrasaíl as an aer! B'idir an cumadóireacht seo agus bradaíl a chur sé an leabhráin le chéile, agus mar thoradh, tá "The Lonely Planet" i ndiadh scríbhneoirí eile a cur amach go dtí an Bhrásaíl le fíricí an leabhair a seiceáil. Tá mé féin go hiomlán le haghaidh a bheith ag obair ón baile, ach tá sé sin ag dul thar fóir!

Ach rith sé liom ansin, go bhfuil seans maith go bhfuil scríbhneoirí de gach shaghas ag déanamh an rud céanna. Toisc go bhfuil sé comh héasca eolas a fháil ar an idirlíon, ní gá níos mó dul amach le rud éigin a fheiceáil le do shúile féin.

Mura d'admhaigh an scríbhneoir áirithe seo céard a bhí faoi bhun aige, tá seans mhaith ann nach mbeadh a fhios ag éinne faoi go deo. Ábhar machnaimh, gan dabt...

4 Freagraí:

Arsa Anonymous Anonymous ...

Is léir nach fíor gach focal a scríobhtar ;-)

24 April, 2008 12:32  
Arsa Blogger Brid Maloney ...

A ha - go díreach! An raibh mise ag insint na fírinne nó ar chum mé an scéal sin mé féin!?

24 April, 2008 14:43  
Arsa Anonymous Anonymous ...

Anois, sin tomhas nach bhfuil a réiteach agam ;-)

25 April, 2008 15:39  
Arsa Anonymous Anonymous ...

As a matter of fact, the Classic models - part of Replica Cartier Watches line - look like the watches my father used to wear back in the 1950s and 60s: very clean and simple. In 1880, Louis Brandt's sons relocated the plant to the flats of Bienne where manpower, energy and communication lines were more accessible.

27 November, 2010 02:26  

Post a Comment

<< Home