Friday, June 10, 2005

What did he say?

Thána ar an bpíosa cainte seo le déanaí, sliocht as oráid a thug polaiteóir Chonamara Pól Ó Foighil, go ndéana Dia trócaire air, i Seanad Éireann ar an 12 Iúil 1990 i ndíospóireacht ar Acht Craolacháin na bliana sin. Ní hé ábhar na díospóireachta is suim liom sa lá tá inniu ann - is iomaí acht craolacháin atá rite ó shin - ach an léiriú a tugtar ar chás an Ghaeilgeóra agus é ag iarraidh a theanga a úsáid. Tabhair faoi deara go ndeir Ó Foighil gur trua leis nach bhfuil an deis ag an Aire é a thuiscint go h-uile agus go h-iomlán - ach ag an am céanna ní ghabhann sé leithscéal as labhairt sa Ghaeilge.
Is le díomá a éirím anseo inniu chun mo chuid cainte a dhéanamh i dtaobh an Bhille seo atá os ár gcomhair. Ba mhaith liom, i dtosach báire, a mhíniú don Aire atá i láthair, agus a bhfuil fáilte roimhe, nach le haon dímheas air féin ná ar dhuine ar bith sa Teach seo nó sa Teach eile, a bhfuilim chun mo chuid cainte uilig a dhéanamh, trí Ghaeilge. Is trua liom nach bhfuil an deis ag an Aire agus ag daoine mar é, an méid atá le rá agamsa a thuiscint go huile is go hiomlán toisc nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu. Níl aon locht agamsa orthu mar gheall air sin, ná ar dhuine ar bith nach bhfuil saoráid cainte aici nó aige i nGaeilge. Ar an dtaobh eile de, ní dóigh liom go mba chóir go mbeadh locht á fháil ormsa, ag an Aire ná ag duine ar bith, eile sa Teach, ar chúis go labhróinn i nGaeilge ar ábhar atá chomh tábhachtach sin don tír.
De réir na tuairisicí a deineadh air tráth a bháis anuraidh, bhí tuairim an-láidir ag Ó Foighil i dtaobh an áit chóir a thabhairt don nGaeilge san Oireachtas. Sílim gur chuala gur thug sé a chuid cainteanna ar fad i nGaeilge a fhad is a bhí sé sa tSeanad - ach nílim cinnte faoi sin. Ní fhéadfainn a rá ach an oiread an raibh an córas aistriúcháin comhuaineach atá anois acu i bhfeidhm an uair sin - ach tá an cuma air ón méid a deir Ó Foighil anseo ná raibh. Ach má tá an córas sin ar fáil inniu, deirtear ná baintear úsáid as. De réir cosúlachta, is amhlaidh ná cuirfidh na teachtaí dála na cluaisíní orthu féin mar gur comhartha é sin nach bhfuil tuiscint na teanga náisiúnta ar a dtoil acu!

Maidir le Gaeilgeóirí na Dála, is mian leo go dtuigfí iad. Ní féidir locht a fháil orthusan má labhrann siad i mBéarla agus iad ag plé ceisteanna tabhachtacha polaitiúla, agus fios iomlán acu ná tuigfidh a gcomh-theachtaí, ná go-háirithe na h-iriseóirí iad má labhrann siad i nGaeilge?

Má labhrann tú i nGaeilge ní bhfaighfidh tú droch-mheas, ach rud atá níos measa ná sin: neamh-áird.

Lipéid: ,

5 Freagraí:

Arsa Blogger Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne ...

A Chara,
Thuigeas go raibh tréimhse bhróin agat le déanaí. Níl éalú as…… Fáilte ar ais áfach, tá áthas orm go bhfuil tú ar ais ar an imeall arís. HilaryNY

10 June, 2005 14:10  
Arsa Blogger Conn ...

Hi Hilary - Go raibh maith agat. "Níl leigheas ar an gcathú ach é a mharú le foighne." Conas tá ag do aintín anois?

11 June, 2005 08:01  
Arsa Anonymous Anonymous ...

Is de bharr diongbháilteach Phóil, go ndéana Dia grásta air, gur cuireadh an córás comhuaineach ar fáil san Oireachtas.

-- Aonghus

14 June, 2005 09:22  
Arsa Blogger Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne ...

Tá sí go dona, is mór an cathú orm a rá. Bhí léas dóchais ó Beaumont seachtain ó shin ach anois drochscéal gruama, níl sé ceart ná cóir ach sin é. Grma. H

14 June, 2005 13:34  
Arsa Anonymous Anonymous ...

Cerbh e an t-Aire? Cen Roinn a raibh a stiuradh?

16 June, 2005 17:48  

Post a Comment

<< Home